Treoir (Aontas Eorpach)
Is gníomh dlí an Aontais Eorpaigh í treoir[1] a chuireann dualgas ar ballstáit rud éigin a dhéanamh, ach ní shainítear an modh chun é a bhaint amach.[2][3] Glactar rialacháin le modhanna éagsúla agus brath ar a n-ábhar.
Téacs
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tosaítear treoracha le brollach agus roinnt réamhaithrisí agus tugtar chomhthéacs ó thaobh conarthaí de, tagairtí chuid reachtaíocht eile agus prionsabail chun an treoir a chur ar which justify the terms of the directive.[4]
Ullmhaítear an téacs féin éigin ag an gCoimisiún Eorpach le cabhair ó saineolaithe. Tugtar an dréacht do Pharlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh chun é a mheasúnú agus dá dheireadh a ghlacadh nó a dhiúltiú.
Bunú dlí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cur síos ar threoracha an AE le fáil in Airteagal 288, Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:[5]
- D'fhonn inniúlachtaí an Aontais a fheidhmiú, glacfaidh na hinstitiúidí rialacháin, treoracha, cinntí, moltaí agus tuairimí.
- ...
- Beidh treoir ina ceangal, maidir leis an toradh atá le gnóthú, ar gach Ballstát chuig a ndíreofar í, ach fágfar faoi na húdaráis náisiúnta foirm agus modhanna a roghnú.
Is féidir leis an gComhairle údarás reachtaíochta a tharmligean don Choimisiún agus, ag brath ar ábhar agus feidhmiú dlí, is féidir leis an ndá fhoras dlíthe a dhéanamh.[6]
Tá ann treoracha ón gComhairle agus ón gCoimisiún. Murab ionann is a dhéantar de ghnáth i gcórais náisiúnta, ní dhéantar idirdhealú cruinn in Airteagal 288 idir gníomhartha reachtaíochta agus riaracháin.[7]
Éifeacht dlí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní chuireann treoracha faoi cheangail ach iadsan a bhfuil siad seolta chucu, a d'fhéadfadh bheith acu ballstát amháin nó grúpa dóibh. De ghnáth, áfach, seachas treoracha maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta, bíonn gach ballstát den Aontas ina sheolaí.
Cur chun feidhme
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugann treoracha amchlár dosna ballstáit chun iad a chur chun feidhme. Caithfidh na ballstáit iad a thrasuí) ina ndlí náisiúnta isteach. Déantar seo gan stró i 99% de chásanna.[8]
Má theipeann ar ballstát reachtaíocht cuí a dhéanamh, nó má theipeann air dáiríre cloí leis an treoir, d'fhéadfadh an coimisiún imeachtaí dlí a thionscnamh in aghaidh an bhallstáit sa Chúirt Bhreithiúnais Eorpach (CBE).
Éifeacht dhíreach
[cuir in eagar | athraigh foinse]I dtosach báire, measadh nach raibh treoracha ceangailteach ó thaobh dlí sular cuireadh chun feidhme iad ag na ballstáit. Le himeacht ama, áfach, forbraíodh an dúnghaois darb ainm éifeacht dhíreach ag an gCBE, ina bhfuil éifeacht dlí ag treoir éigin, fiú muna gcuirtear i bhfeidhm i gceart í.[9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dlí an Aontais Eorpaigh
- Rialachán (Aontas Eorpach)
- Cinneadh réime
- EUR-Lex
- EudraLex
- Liosta de Threoracha an Aontais Eorpaigh
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Téarma: treoir". IATE. Dáta rochtana: 2025-11-08.
- ↑ "European Union law after Maastricht: a practical guide for lawyers" . “ The Union has two primary types of legislative acts, directives and regulations”
- ↑ "Treaties, regulations, directives and direct effect". European Studies. University of Portsmouth. Dáta rochtana: 21d Eanáir 2021.
- ↑ Humphreys, L., Santos, C., di Caro, L., Boella, G., van der Torre, L. and Robaldo, L. (2015), Mapping Recitals to Normative Provisions in EU Legislation to Assist Legal Interpretation, dáta rochtana 10ú Aibreán 2025
- ↑ "Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ... Airteagal 288". EUR-Lex. Dáta rochtana: 15ú Lúnasa 2025.
- ↑ Fretten, Christine (21d Iúil 2005). "The European Union: a guide to terminology procedures and sources". UK House of Commons Library, International Affairs and Defence Section. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-06-12. Dáta rochtana: 3ú Meán Fómhair 2009. “ Both the Council of Ministers and the Commission are empowered under the EC Treaty to make laws.”
- ↑ "EU Law" (2006): 56–60. Oxford: Oxford University Press.
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}."". Europa (9ú Iúil 2008). Dáta rochtana: 18ú Eanáir 2009.
- ↑ Van Gend en Loos: EU Treaties are capable of creating legal rights enforceable by both natural and legal persons in the courts of Member States.