Trenton, New Jersey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilTrenton, New Jersey
Trenton (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósWilliam Trent Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 40°13′13″N 74°45′57″W / 40.2203°N 74.7658°W / 40.2203; -74.7658
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheNua-Gheirsí
Contae de chuid Nua-GheirsíContae Mercer Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán90,871 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús4,276.45 hab./km²
Líon na dteaghlach28,581 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighTrenton-Princeton, NJ Metropolitan Statistical Area (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla21.249168 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce6.2145 % Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Delaware Cuir in eagar ar Wikidata
Airde16 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1719
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Trenton, Nua-Gheirsí Cuir in eagar ar WikidataReed Gusciora (2018–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist08608, 08609, 08610, 08611, 08618, 08619, 08620, 08625, 08628, 08629, 08638, 08641, 08648 agus 08650 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód609 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáintrentonnj.org Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Trenton príomhchathair stát New Jersey i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is é Trenton príomhbhaile Chontae Mercer sa stát úd freisin. Tá an chathair suite in iarthar láir New Jersey ar bhruach thoir na habhainn Delaware, go díreach trasna ó stát Pennsylvania. De réir an daonáirimh sa bhliain 2010, bhí 84,913 duine ina gcónaí i dTrenton.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lonnaigh baill de Chumann na gCarad sa cheantar sa bhliain 1679, agus faoin bhliain 1719 bhí an t-ainm "Trent-Towne" in úsáid (i ndiaidh William Trent, uinéir mór le rá sa bhaile ag an am.) Giorraíodh an t-ainm go "Trenton" ní ba dhéanaí. Dála a lán cathracha agus bailte móra i Meiriceá, d'fhás Trenton ag ceann an chuid inseolta d'abhainn (mar atá, an Delaware). Ní raibh na báid ábalta dul ní b'fhaide isteach sa tír, agus nuair a tháinig Réabhlóid na Tionsclaíochta ar an saol thig le daoine féidhm a bhaint as easa agus éascaí le fuinneamh a ghiniúint.

Ba i dTrenton a raibh a chéad bhua ag George Washington i gCogadh Réabhlóideach Mheiriceá, sa bhliain 1776. Tharla sin ar an 26ú lá de Mhí na Nollag, nuair a chuaigh Washington agus a chuid saighdiúirí trasna an Delaware oighreogach agus d’ionsaigh siad an garastún Heiseánach ar an bhaile. Cath Trenton a thugtar air. Rinneadh príomhchathair an stáit de Trenton sa bhliain 1790.

Monarcha J.L. Mott, Trenton, New Jersey, déantóirí trealamh pluiméarachta, 1911

Cuireadh tús ceart leis an tionsclaíocht sa chathair insna 1830idí tar éis thógáil na Canála Delaware & Raritan agus na n-iarnród Pennsylvania agus Philadelphia & Reading. Bhunaigh Walter Scott Lenox ceardlann i dTrenton le poirceallán fíneálta a dhéanamh, ceann amháin as 40 gnólacht a bhí ag déanamh potaireachta agus earraí cré bruite sa chathair sa bhliain 1905. Dhéantaí sreang, rópa, cáblaí, earraí rubair agus eile ann freisin.[1]

Rialtas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá príomhoifigí agus cúirteanna stáit New Jersey agus chontae Mercer suite i dTrenton. Cé gurb é Trenton príomhchathair New Jersey, tá teach cónaithe oifigiúil an ghobharnóra, Drumthwacket, suite i mbaile Princeton. (Dála roinnt gobharnóirí eile sa stát, roghnaigh Chris Christie, an gobharnóir i láthair na huaire, gan bheith ina chónaí ann.)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Encyclopædia Britannica, 11ú eagrán (1910), “Trenton”.