Trasnamhéadar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feiste atá bunaithe ar mhonatóiriú an phatrún trasnaíochta a dhéanann dhá léas thonnacha solais as foinse solais amháin. Má tharlaíonn athruithe i léas amháin, mar shampla ag taisteal trí ghás ar leith, tarlaíonn athruithe sa phatrún trasnaíochta. Baintear feidhm as an bhfeiniméan seo i staidéar sreabhadh gás, tolláin gaoithe, is plasmafhisic. Is saghas trasnamhéadair an léasarghíreascóp fáinne. Tá brathadóirí tonn imtharraingthe ann atá bunaithe ar thrasnamhéadair atá in ann díláithrithe chomh beag le 10-18 m a thomhas. Sna radaiteileascóip eagair, is féidir na comharthaí a ghlactar ó na miasa glactha a chur le chéile ar mhodh trasnaíochta is an taifeach a fheabhsú go mór.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Trasnamhéadar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 674.