Trasinscneach

Duine nach bhfuil a bhféiniúlacht inscne ag teacht leis an gceann a tugadh dóibh nuair a rugadh iad is ea duine trasinscneach nó duine tras. Úsáidtear an téarma freisin mar théarma coiméadach a chuimsíonn raon leathan féiniúlachtaí inscne.[1] Is é cisinscneach a mhalairt, ar duine é nó í a bhfuil a bhféiniúlacht inscne ag teacht leis an gceann a tugadh dóibh ag breith.
Téarmaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 2018, d'fhoilsigh Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI), i gcomhar le BelonG To Youth Services agus Líonra na hÉireann um Chomhionannas Trasinscne (TENI), An Foclóir Aiteach - cnuasach de bhreis is 100 téarma Gaeilge a bhaineann le sainaithint LADTAI+. Áirítear san fhoclóir téarmaí ar nós trasinscneach (transgender), gan inscne (agender), dá-inscneach (bigender), agus neamh-dhénártha (non-binary).[2][3]
Míníonn Darach Ó Séaghdha go dtagann an réimír tras- ón bhfocal trasna, a chiallaíonn dul anonn nó dul thar. Is é fear tras an Ghaeilge ar trans man agus is í bean thras an Ghaeilge ar trans woman.[4]
Sláinte in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir staidéir a rinne Transgender Europe (TGEU) in 2022, fuair Éire aon phointe amháin as dáréag sa mheastóireacht ar chúram sláinte trasinscneach san Aontas Eorpach, rud a d'fhág í ag bun an liosta i measc na 27 stát a ndearnadh measúnú orthu. Bhain an mheastóireacht le cúig ghné dhéag, lena n-áirítear cineál cúraim, riachtanas diagnóise síciatrach, agus amanna feithimh. Ba é an t-am feithimh an ghné ba mheasa d'Éirinn — d'fhéadfadh othar fanacht idir dhá bhliain go leith agus deich mbliana le coinne le speisialtóir.[5] Bhain Málta an chéad áit amach, agus an Spáinn sa dara háit.
I 2021, bunaíodh TranScribe Health, comhghuaillíocht in Éirinn a chuireann ardán ar fáil do dhaoine trasinscneacha chun a gcuid eispéireas le córas sláinte na hÉireann a roinnt go gan ainm. Dúirt TENI go raibh na scéalta a roinneadh ar an ardán ag teacht le tuairiscí a fuair an eagraíocht ón bpobal.[6]
Oideachas in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 2023, d'fhoilsigh an Foras Pátrúnachta, i gcomhar le TENI, treoirlínte do scoileanna lán-Ghaeilge maidir le féiniúlacht inscne agus léiriú inscne daltaí. Leagtar amach sna treoirlínte freagrachtaí na scoile, ceisteanna praiticiúla cosúil le háiseanna feistis agus leithris, agus moladh go gcuirfí oideachas ar fáil d'fhoireann agus do dhaltaí. Maonaigh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) an togra.[7]
Dlí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 16 Aibreán 2025, thug Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe breithiúnas[8][9] ina ndeirtear go mbaineann na téarmaí bean agus gnéas le bean bhitheolaíoch agus gnéas bitheolaíoch faoin Acht um Chomhionannas (2010) sa Ríocht Aontaithe. Chuir eagraíochtaí inscne-chriticiúla fáilte roimh an rialú, agus léirigh eagraíochtaí cearta trasinscneacha imní faoi thionchar an bhreithiúnais ar chosaint an phobail trasinscnigh.[10] Tháinig an fógairt seo go gairid i ndiaidh céimeanna eile maidir le cearta daoine trasinscneacha sna Stáit Aontaithe agus san Ungáir.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Do you know the Irish for transgender?" (en). The Irish Times (2018-03-21). Dáta rochtana: 2025-04-19.
- ↑ "Do you know the Irish for transgender?" (en). The Irish Times (2018-03-21). Dáta rochtana: 2025-04-19.
- ↑ "Queer dictionary for Irish language launched" (en). Irish Examiner (2018-03-21). Dáta rochtana: 2025-04-19.
- ↑ "The Irish For: Gender, LGBT and transitioning" (en). The Journal (2019-01-27). Dáta rochtana: 2025-04-19.
- ↑ "Ireland ranks worst in EU for Trans healthcare" (en). GCN (2022-11-01). Dáta rochtana: 2025-04-19.
- ↑ "A new Irish story-sharing coalition TranScribe Health launches" (en). GCN (2021-12-21). Dáta rochtana: 2025-04-19.
- ↑ "Treoirlínte maidir le féiniúlacht agus léiriú inscne foilsithe do scoileanna lán-Ghaeilge" (ga). Tuairisc.ie (2023-02-07). Dáta rochtana: 2025-04-19.
- ↑ "Summary" (en). supremecourt.uk (2025-04-16). Dáta rochtana: 2025-04-19.
- ↑ "For Women Scotland Ltd (Appellant) v The Scottish Ministers (Respondent)" (en). supremecourt.uk. Dáta rochtana: 2025-04-19.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (2025-04-19). "Nuacht Mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-04-19.
| Is síol a bhaineann leis an dtéarma LADT é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |