Trasfhoirmeoir (samhail na meaisínfhoghlama )

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Crystal Clear app winprops bw.pngTrasfhoirmeoir
The-Transformer-model-architecture.png Cuir in eagar ar Wikidata
Foireann
Forbróir(í)Google Brain, Ashish Vaswani agus Noam Shazeer

Is éard is trasfhoirmeoir ann ná samhail na domhainfhoghlama, a ghlacann meicníocht na féin-airde, ag ualú go difreálach thábhacht gach cuid de na sonraí ionchuir. Úsáidtear é go príomha i réimsí áirithe, amhail próiseáil teanga nádúrtha (PTN)[1] agus amharc ríomhaireachtúil (AR). [2]

Cosúil le líonraí néaracha athfhillteacha (LNAcha), deartar trasfhoirmeoirí chun sonraí ionchuir seicheamhacha a phróiseáil, amhail teanga nádúrtha, le feidhmchláir ar thascanna amhail tascanna ar nós aistriúcháin agus achoimriú téacs. Murab ionann agus LNAcha, áfach, próiseálann trasfhoirmeoirí an t-ionchur iomlán ar fad ag an am céanna. Soláthraíonn an mheicníocht airde comhthéacs d’aon suíomh sa seicheamh ionchuir. Mar shampla, más abairt nádúrtha teanga na sonraí ionchuir, ní gá don thrasfhoirmeoir aon fhocal amháin a phróiseáil sa mhullach ar fhocal eile. Ligeann sé seo do chomhthreomhaireacht níos mó ná LNAcha agus dá bhrí sin laghdaítear amanna oiliúna.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Vaswani, Ashish; Shazeer, Noam; Parmar, Niki; Uszkoreit, Jakob; Jones, Llion; Gomez, Aidan N.; Kaiser, Lukasz; Polosukhin, Illia (2017-06-12). "Attention Is All You Need"
  2. He (31 December 2021). “Transformer in CV”. Transformer in CV. Towards Data Science.
  3. Vaswani, Ashish; Shazeer, Noam; Parmar, Niki; Uszkoreit, Jakob; Jones, Llion; Gomez, Aidan N.; Kaiser, Lukasz; Polosukhin, Illia (2017-06-12). "Attention Is All You Need"