Jump to content

Tras Honan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTras Honan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Eanáir 1930
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Samhain 2023
93 bliana d'aois
Port Láirge, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na hÉireann
1 Deireadh Fómhair 1989 – 17 Nollaig 1992
Téarma parlaiminte: 19ú Seanad Éireann

Toghcheantar: An Rolla Riaracháin
Seanadóir na hÉireann
25 Aibreán 1987 – 5 Iúil 1989
Téarma parlaiminte: 18ú Seanad Éireann

Toghcheantar: An Rolla Riaracháin
Cathaoirleach
25 Aibreán 1987 – 1 Samhain 1989
 Patrick J. ReynoldsSeán Ó Dochartaigh 
Leas-Chathaoirleach
9 Márta 1983 – 25 Aibreán 1987
Seanadóir na hÉireann
23 Feabhra 1983 – 3 Aibreán 1987
Téarma parlaiminte: 17ú Seanad Éireann

Toghcheantar: An Rolla Riaracháin
Seanadóir na hÉireann
13 Bealtaine 1982 – 21 Nollaig 1982
Téarma parlaiminte: 16ú Seanad Éireann

Toghcheantar: An Rolla Riaracháin
Cathaoirleach
13 Bealtaine 1982 – 23 Feabhra 1983
 Charles McDonaldPatrick J. Reynolds 
Seanadóir na hÉireann
8 Deireadh Fómhair 1981 – 16 Aibreán 1982
Téarma parlaiminte: 15ú Seanad Éireann

Toghcheantar: An Rolla Riaracháin
Seanadóir na hÉireann
27 Deireadh Fómhair 1977 – 16 Iúil 1981
Téarma parlaiminte: 14ú Seanad Éireann

Toghcheantar: An Rolla Riaracháin
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Ba Sheanadóir de chuid Fhianna Fáil í Tras Honan idir 1977 agus 1992. Ar an bPainéal Riaracháin a bhí sí.

Seanadóirí freisin a bhí ina hathair céile Thomas (T.V.) Honan agus a fear céile Dermot (Derry) Honan.

Shuigh sí féin agus a deirfiúr, an Teachta Caroline (Carrie) Acheson, san Oireachtas sa bhliain 1981, an chéad uair riamh a shuigh deirfiúracha san Oireachtas ag an am céanna.

Ar an 13 Bealtaine 1982, ainmníodh agus toghadh í, gan iomaíocht, ar an gcéad Chathaoirleach mná agus atoghadh chuig an bpost sin í ar an 25 Aibreán 1987. Is í an t-aon bhean amháin a d’fhóin ina Cathaoirleach agus ní raibh aon bhean eile ina Cathaoirleach ó shin.

Thug sí “bean tuaithe” uirthi féin. Cé gur thacaigh sí leis an mBille Sláinte (Beartú Muiríne), 1978, a rinne frithghiniúnaigh dleathach ar oideas ó lucht gairmiúil leighis nuair a achtaíodh é, bhí sí i gcoinne na saoirse breise a bheadh i gceist le frithghiniúnaigh a bheith ar fáil do dhaoine os cionn 18 bliain d’aois.

Le linn na díospóireachta Dara Céime ar an mBille um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe, 1981, thug sí ardmholadh do mhná ar éirigh leo post lán-aimseartha a chur díobh fad ar thóg siad clann ach chuir sí in iúl freisin gurbh ábhar imní di é folláine na bpáistí a bhí i gceist, agus dúirt: "I have said that now. I may be hauled over the coals at the weekend for saying it, but it is said. I am sure the Minister is accustomed to me by now".

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]