Trá brait ghoirm
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | bratach, gradam, marc deimhniúcháin agus transport award (en) |
| Glactha | 1985 |
| Dathanna | gorm agus bán |


Tá an Bhratach Ghorm[1] ar cheann de na gradaim is mó aitheantas ar domhan ó thaobh cúrsaí timpeallachta de. Leagtar síos critéir faoina ndéantar measúnú ar chaighdeán an uisce, ar an soláthar eolas agus oideachas comhshaoil, ar shábháilteacht agus ar bhainistiú na trá.[2]
As caighdeáin áirithe a bhaint amach i gcritéir éagsúla a bhronntar an bhratach, ceann de na comharthaí idirnáisiúnta is aitheanta, agus gradam luachmhar do lucht turasóireachta agus timpeallachta. Chomh maith le caighdeán an uisce, ní mór an soláthar eolais, an rochtain, an tsábháilteacht, an fhaisnéis comhshaoil agus an bainistiú ar an láthair bheith os cionn leibhéal áirithe.[3]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoi An Taisce a riartar scéim na mBratacha Gorma in Éirinn.
D'éirigh le 89 trá agus deich muiríne an Bhratach Ghorm a ghnóthú sa bhliain 2025. Ní haon iontas é gur contaetha Gaeltachta atá ar bharr an liosta: 15 ar fad atá i gCiarraí, an contae is líonmhaire bratacha gorma, agus 14 díobh sin faoi stiúir Co. Chontae Chiarraí. Sna sála ar Chiarraí tá Dún na nGall agus 14 bratach gorm ann, Maigh Eo agus 11 bhratach ann, agus Gaillimh ceann amháin níos lú le 10 gcinn. Ceithre bhratach gorm atá san ardchathair, péire i bhFine Gall agus péire i nDún Laoghaire-Rath an Dúin.
Tá roinnt tránna ann a bhfuil seanchleachtadh acu ar an stádas seo: 37 n-uaire (1993-2025) ag An Caol in Acaill, Cluain Aoidh i bPort Láirge, chomh maith le Trá na Beannaí agus Trá Bhaile Uí Thiaidhg i gCiarraí.
Blianta
[cuir in eagar | athraigh foinse]GCC
[cuir in eagar | athraigh foinse]Déanann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) monatóireacht ar an na tránna chomh maith.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, blue flag beach
- 1 2 Pádraic Ó Ciardha (19 Bealtaine 2023). "An Bhratach Ghorm bronnta ar dhá cheann déag de thránna Gaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-18.
- 1 2 Nuacht RTÉ (2025-05-16). "An Bhratach Gorm bronnta ar an líon is airde tránna riamh" (as ga-IE).
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |