Trá Pháidín


Is banna ceoil de sheisear ceoltóirí ó fud fad na tíre é Trá Pháidín a tháinig chun cinn i nGaillimh,agus a nascann an traidisiún leis an turgnamh. Tá cáil ar an ngrúpa as ceol traidisiúnta na hÉireann a chumasc le seánraí malartacha eile, go háirithe an rac-cheol síceadálach agus an snagcheol. Cumasc den iar-rac, snagcheol, greann agus scéalaíocht Ghaelach le chéile atá ar an albam Cloch ‘s Claí. Cloistear an giotár, an fhliúit, an clairinéad, na drumaí, an veidhlín agus an dord ann.
Glacann an banna páirt go rialta i bhféilte ceoil in Éirinn, agus cáil bainte amach acu i measc lucht leanúna an cheoil avant-garde agus an cheoil thraidisiúnta araon.
Albaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2025, d'eisigh Trá Pháidín An A24. I mí Iúil 2026, d'eisigh Trá Pháidín albam eile, Cloch ‘s Claí, inspioráid ón úrscéal aoiriúil cáiliúil le Myles na gCopaleen, An Béal Bocht. Pléann sé an gaol idir an Ghaeltacht agus an chuid eile d’Éirinn chomhaimseartha, agus béim ar leith á cur ar chúrsaí tithíochta, ar fhadhbanna eacnamaíocha agus ar cheisteanna féiniúlachta. Is é seo an chéad eisiúint ag an ngrúpa ar an lipéad World of Echo, atá lonnaithe i Londain, agus a dhíolann ceirníní ó cheoltóirí ceannródaíocha ar fud an domhain, agus mar thoradh air sin, tabharfaidh sé deis do lucht éisteachta idirnáisiúnta aithne a chur ar an dream as Conamara.[1]
Stíl cheoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saintréith de chuid Trá Pháidín is ea an bealach nuálach a ndéanann siad athshamhlú ar thoin agus ar struchtúir an cheoil thraidisiúnta. Ceanglaíonn siad uirlisí acústacha agus gléasanna leictreacha chun fuaimdhreacha casta a chruthú:
- Uirlisí Traidisiúnta: Baineann siad úsáid as an mbosca ceoil agus an fhidil chun séiseanna nó línte ceoil tíre a chur i láthair.
- Uirlisí Nua-aimseartha: Baintear leas as an ngiotár leictreach, an dordghiotár, agus drumaí chun fuinneamh turgnamhach a thabhairt isteach.
In áit cloí go docht le gnáthfhoirm na bport nó na ríleanna, is minic a bhíonn a gcuid saothar bunaithe ar an tobchumadóireacht agus ar fhuaimeanna dordáin.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (18 Iúil 2026). "Nuacht Mhall" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2026-07-18.