Totó la Momposina
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1 Lúnasa 1940 Talaiga Nuevo, An Cholóim |
| Bás | 17 Bealtaine 2026 85 bliana d'aois Celaya, Meicsiceo (en) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Ainm cleite | Totó La Momposina |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Universidad Nacional de Colombia UNAL |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | amhránaí, múinteoir, cumadóir, damhsóir |
| Tréimhse oibre | 1964 – 2022 |
| Seánra | Cumbia |
| Teangacha | An Spáinnis |
| Cineál gutha | Meánsoprán |
| Uirlis | Ceol gutha |
| Lipéad ceoil | Real World Records |
Gradam a fuarthas
| |
| Suíomh gréasáin | totolamomposina.com |
Laoch ceoil de chuid na Colóime ba ea Sonia Bazanta Vides, nó Totó la Momposina mar a thugtar uirthi (1 Lúnasa 1940 – 17 Bealtaine 2026). Bhí sí ar dhuine de na daoine ba mhó a chuir ceol traidisiúnta na Colóime ar an ardán idirnáisiúnta agus thaistil sí fud fad an domhain ag scaipeadh rithimí clúiteacha na tíre.[1]


Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is mar Sonia Bazanta Vides a rugadh Totó in 1940 i mbaile beag darb ainm Talaigua Nuevo i dtuaisceart na Colóime. Bhog sí féin agus a teaghlach go dtí an phríomhchathair Bogotá tamall níos déanaí.
Tagraíonn a hainm stáitse, Totó la Momposina, don leasainm Totó a bhí uirthi le linn a hóige agus don cheantar inar tógadh í, Mompós.
Tháinig borradh ar a clú sna 1960idí agus sheinn sí i Nua-Eabhrac in 1974.
In 1979, áfach, cuireadh ar liosta dubh í sa Cholóim de bharr a cuid tuairimí polaitiúla – ba den eite chlé í – agus b’éigean di éalú chun na Fraince mar theifeach, áit ar ghlac sí páirt i gcomhar ceoil.
In 1982 bhí sí ar an toscaireacht chultúrtha a chuaigh in éineacht leis an scríbhneoir Gabriel García Márquez nuair a ghlac sé le Duais Nobel na Litríochta in 1982, agus thosaigh a gairm thaifeadta an bhliain dár gcionn leis an chéad albam aici, Cantadora.
Ina dhiaidh sin, trí chomhpháirtíocht le Real World Records, lipéad Peter Gabriel, bhain sí lucht éisteachta níos leithne amach ar fud an domhain, ag tosú leis an albam La Candela Viva in 1993.[1]
In 2013 bronnadh gradam saoil uirthi ag na Latin Grammy Awards, agus in 2016 rinne rialtas na Fraince ‘Chevalier des Arts et des Lettres’ di.
Ceol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is sa cheol Afracach agus bundúchasach a bhí a cuid ceoil fréamhaithe ach bhí éagsúlacht iontach ag baint léi chomh maith: léimeadh sí idir foshraitheanna ar nós chandé, mapalé, fandango, puya agus bullerengue. Ar na ceoltóirí a bhfuil sampláil déanta acu ar a cuid ceoil tá Jay-Z, 50 Cent, Sevdaliza agus Calle 13, le cois go leor eile i saol an hip-hop, an cheoil damhsa agus an cheoil Laidinigh.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Bealtaine 2026. "Totó la Momposina, laoch ceoil de chuid na Colóime, ar shlí na fírinne" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2026-06-02.