Gaelscéal
| Fotheideal | "Ag Cothú Phobal na Gaeilge" |
|---|---|
| Cineál | nuachtán |
| Cárta innéacs | |
| Teanga | an Ghaeilge |
| Am tosaigh | 26 Márta 2010 |
| Am deiridh | 27 Feabhra 2013 |
| Úinéir | Torann na dTonn Teo. |
| Áit a fhoilsithe | Éire |
| Tréith | |
| Eatramh foilsithe | Seachtanán |
| Lá a fhoilsithe go rialta | Dé hAoine |
| Seánra | nuacht, tuairimíocht, saol, spórt agus teicneolaíocht |
| Eagarthóir | Ciarán Dunbar |
| Formáid dáilte | I gcló agus ar líne |
| Ainmniúcháin agus gradaim | |
| Gradaim | Aitheantas Speisialta na mBreithiúna ag an European Newspaper Design and Concept awards[1] |
Ba nuachtán Gaeilge seachtainiúil é Gaelscéal a bhíodh á eisiúint ar an Aoine idir 2009 agus 2013. Bhíodh sé á fhoilsiú ag Torann na dTonn Teo., ar comhfhiontar idir Eo Teilifís (comhlacht léiriúcháin) agus An Curadh Connachtach (nuachtán) é.
Nuachtán ildathach táblóideach 32 leathanach a bhí ann, a cuireadh ar fáil ar fud na hÉireann. Cuireadh an nuachtán ar fáil i bhfoirm chlóite agus mar fhoilseachán leictreonach ar an suíomh gréasáin chomh maith. €1.65 nó £1.50 an praghas a bhí air. Ba é Ciarán Dunbar eagarthóir an nuachtáin.
Stíl agus cur chuige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ábhar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuachtán náisiúnta a bhí in Gaelscéal, lonnaithe i nGaeltacht Chois Fharraige. Bhí iriseoirí aitheanta ar nós Pháidí Uí Lionáird, Bernie Ní Fhlatharta, Méabh Ní Thuathaláin, Niall O’Dowd agus Treasa Bhreathnach ag scríobh dó.[2] Ní raibh comhfhreagraí polaitíochta acu áfach agus ní hé mórán iriseoireachta imscrúdaithí a bhíodh á dhéanamh acu,[1] rud ar mhol Uí Chollatáin sa bhliain 2011 tabhairt faoi "láithreach".[3]
Bhí moladh ag dul do Ghaelscéal as éagsúlacht an ábhair a bhí á sholáthar ann.[3] Ní obair shaoráideach a bhíodh ann freastal ar phobal na Gaeilge ar fad agus éagsúlacht dearcthaí chomh mór sin ina measc. D'fhaightí locht ar cheart na Gaeilge ann, go háirithe ar dtús, go díreach nuair a bhí an nuachtán ag iarraidh pobal léitheoireachta a mhealladh. Ní raibh "leathanach ceart léirmheastóireachta" acu dar le John Walsh.[1][3]
Bhí ról faoi leith ag Gaelscéal i gcomparáid le foilseacháin eile nó fad a mhair sé "ba é Gaelscéal an príomh-nuachtán Gaeilge" dar leis an Léachtóir Sinsireach le hiriseoireacht hÍte Ní Chionnaith.[4] Bhí Breandán Delap ar aon fhocal léi nuair a dúirt sé, agus é ag moladh Seachtain, nach "líonfaidh forlíonadh do fhoghlaimeoirí an bhearna atá fágtha ag imeacht Gaelscéal do phobal léitheoireachta na Gaeilge."[5]
Dearadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí "cuma shnasta, tharraingteach" ar Ghaelscéal ó thaobh deartha de, agus bhí leagan amach "nuálach" aige.[1][5] Bá é Gaelscéal an dara fhoilseachán riamh in Éireann ar ghnóthaigh Gradam Aitheantas Speisialta na mBreithiúna ag an European Newspaper Design and Concept awards.[1]
Bhíodh an leagan clóite á fhoilsiú gach Aoine acu agus an t-eagrán á chur amach ar líne ar an Luain. Ba dhóigh leis an eagarthóir gur lú cóipeanna a dhíoltaí dá thoradh sin ach gur thuil sé ard-léitheoireacht dóibh thar lear, go háirithe i SAM agus sa Ghearmáin.[1] Aithníodh freisin gur "suíomh den scoth" a bhí á sholáthar ag Gaelscéal.[3]
Comhoibriú
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Shíl an t-eagarthóir gur "ar leas an pháipéir ar gach bealach" a bhí sé bheith bainteach leis an dá chomhlacht Eo Teilifíse agus An Curadh Connachtach.[1]
Bhíodh an iris stíl mhaireachtála NÓS á foilsiú in éineacht le Gaelscéal uair sa mhí ar feadh tréimhse, bíodh is gur fhan an iris neamhspleách ó Ghaelscéal.[1][2]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cúlra agus bunú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a tháinig deireadh le Foinse mar nuachtán neamhspleách i Meitheamh 2009, d'fhógair Foras na Gaeilge go mbeadh conradh nua ar tairiscint le haghaidh nuachtán náisiúnta seachtainiúil Gaeilge.[6] Fógraíodh ar 20 Samhain 2009 gur bronnadh conradh agus maoiniú nua ar Torann na dTonn Teoranta chuige sin.[7][4]
Tugadh le fios go mbeadh an t-ainm Gaelscéal ar an bhfiontar nua agus eisíodh an nuachtán nua den chéad uair ar 26 Márta 2010.[8] Is i dtaobh leis na blaganna a bhí lucht léite na Gaeilge idir an dá linn, tráth a bhí imeachtaí móra ar siúl a bhain le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go sonrach.[9][10]
Chruthaigh foireann Ghaelscéal 150 eagrán den nuachtán, "éacht" dar le Ní Chionnaith. Bhí sé ina "táirge den scoth" dar le Foras na Gaeilge.[4]
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saol gearr a bhí ag Gaelscéal, trí bliana a bheag nó a mhór. Chuir Foras na Gaeilge deireadh luath lena maoiniú don nuachtán i Márta na bliana 2013, cinneadh a chothaigh conspóid nuair a fógraíodh é.[8][11][12][13][14][4] Bhí Donncha Ó hÉallaithe den tuairim gur chaill custaiméirí ionchais an nuachtáin muinín ann de dheasca drochthúis, agus go raibh cúrsaí dáileacháin dona go leor, i measc tosca eile.[15]
Cuireadh deireadh leis nuair a shocraigh Foras na Gaeilge deireadh a chur leis an mhaoiniú a cuireadh ar fáil dó. Dhá chúis a luaigh an Foras lena gcinneadh: droch-dhíolacháin agus toisc "nach í an fhormáid chlóite an bealach is oiriúnaí le seirbhís nuachta a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge".[4] Ach bhí an mhéad cóipeanna a dhíol Gaelscéal sé inchurtha leis na nuachtáin eile a cuireadh amach sa teanga roimhe. "Ní raibh pobal na Gaeilge i gcoitinne ag iarraidh Gaelscéal a cheannach, ba chuma leo é a bheith ann nó as", a scríobh Ciarán Dunbar.[8] Maíodh in alt sa nuachtán féin nár chuir an Foras san áireamh ach díolachán sna siopaí, gan chur san áireamh cóipeanna a dhíoltaí go díreach chuig scoileanna agus eile, cóipeanna digiteacha, ná daoine a bhíodh ag baint leas as an suíomh idirlíne.[16] Níor luaigh an Foras ach oireadh gur chosúil go mbíodh ní ba mhó daoine ag léamh an nuachtán clóite ná an leagan ar líne.[4]
"Tubaiste" do phobal léitheoireachta na Gaeilge agus d'iriseoireacht na Gaeilge ab ea cinneadh an Fhorais dar le Ní Chionnaith. Bhí sí den tuairim gur chóir don bhForas theacht ar "bhealach nua samhlaíoch" chun an scaipeachán a mhéadú agus luaigh sí smaoineamh le Máirtín Ó Muilleoir, .i. líon áirithe cóipeanna a scaipeadh saor in aisce sa Ghaeltacht agus in "áiteanna ina raibh pobail Ghaeilge ar fud na tíre", rud a mhealladh tuilleadh fógraíochta. Cháin sí an Foras as tosú leis an taighde faoi cad a bhí á lorg ag pobal na Gaeilge tar éis an seirbhís a bhí ann a chur ar neamhní, seachas é a chur i gcrích roimh cinneadh "chomh tromchúiseach" sin a ghlacadh, "cinneadh díchéillí" dar léi agus "deireadh scannalach".[4]
Cartlann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2018, cuireadh cartlann iomlán an nuachtáin ar fáil ar líne, á óstáil ag an Ollamh Caoimhín Ó Scanaill.[2]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cartlann cuimsitheach Chaoimhín Uí Scanaill anseo
- Gaelscéal ar Facebook
- Físeáin de sheoladh oifigiúil Gaelscéal: ní raibh ach 287 amharc anseo Curtha i gcartlann 2016-03-05 ar an Wayback Machine (dúnta anois) agus 263 amharc anseo [17](Youtube)
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Chollatáin, Dr Regina Uí (18 Aibreán 2011). "Tuarascáil ar straitéis úr maidir le Foras na Gaeilge i leith earnáil na meán Gaeilge clóite agus ar líne: Athláithriú agus athshealbhú teanga".
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 1.7 Uí Chollatáin (2011), lgh 55–57.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Maitiú Ó Coimín (2018-07-11). "Cartlann iomlán 'Gaelscéal' ar fáil ar líne". NÓS. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 Uí Chollatáin (2011), lgh 149–152.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 4.5 4.6 Íte Ní Chionnaith (Márta 2013). "Deireadh curtha le nuachtán Gaeilge eile". Feasta 66 (3): lgh 11–13.
- ↑ 5.0 5.1 Donncha Ó hÉallaithe (Márta 2013). "An bhFuil Pobal Gaeilge ann?". Beo! (143).
- ↑ "Foinse newspaper to close over funding". Nuacht RTÉ (25 Meitheamh 2009).
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-11-24. Dáta rochtana: 2010-03-29.
- ↑ 8.0 8.1 8.2 Ciarán Dúnbarrach. "Gaelscéal: “Ag Cothú Phobal na Gaeilge”". cadhan.com. Dáta rochtana: 2019-05-01.
- ↑ Breandán Delap (Nollaig 2009). "Na Nuachtáin Nua". Beo! (104).
- ↑ Breandán Delap (Meán Fómhair 2011). "Blagadóireacht na Gaeilge, R.I.P.". Beo! (125).
- ↑ Sibéal Davitt (5 Feabhra 2013). "Deireadh le maoiniú Ghaelscéal – “Buille marfach don Ghaeilge”". Gaelport. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 Nollaig 2017.
- ↑ Aindrias Ó Cathasaigh (13 Feabhra 2013). "J’accuse…!". Gaelscéal: lch 8.
- ↑ Anton Mac Cába (27 Feabhra 2013). "Níl Foras na Gaeilge ag cur páipéar nuachta Gaeilge eile as an áireamh". Gaelscéal: lch 3.
- ↑ Peadar Mac Fhlannchadha (28 Feabhra 2013). "Slán le Gaelscéal". Galway Advertiser.
- ↑ Donncha Ó hÉallaithe (Eanáir 2014). "An Nuachtán Gaeilge ina Phraiseach ag an bhForas". Beo!.
- ↑ "Deireadh á chur le maoiniú Ghaelscéal" (6 Feabhra 2013). Gaelscéal: lgh 1–2.
- ↑ Nuacht24 (2010-04-19). "Seoladh Gaelscéal".
| Is síol faoi nuachtán nó irisleabhar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |