Jump to content

Tonscadal Geniza Friedberg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadTonscadal Geniza Friedberg
Cineáldigital preservation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Tionscadal caomhnaithe digiteach is ea Tonscadal Geniza Friedberg (TGF) (Béarla: Friedberg Geniza Project (FGP)). Ceann de na príomhspriocanna atá ann ná an bailiúchán fairsing de lámhscríbhinní Cairo Geniza a ríomhairiú - íomhánna, sainaitheantaí, catalóga, cóipeanna, comhcheangail, agus tagairtí bibleagrafaíochta.

Cúlra stairiúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag deireadh na naoú haoise déag, thángthas ar geniza i Sionagóg Ben Ezra i gCaireo, ina raibh go leor leathanach de litríocht naofa chomh maith le cáipéisí dlíthiúla agus eile.[1][2]

I mí na Nollag 1896, tháinig an tOllamh Solomon Schechter, léachtóir le litríocht raibíneach in Ollscoil Cambridge, ar an Cairo Geniza agus nuair a d’fhill sé go Cambridge, thug sé leis 220,000 blúirín, agus aistríodh an chuid is mó díobh ansin go dtí an cnuasach Geniza ag Cambridge.[3] Tá thart ar 100,000 giota eile scaipthe ar fud an domhain agus tá siad anois i thart ar 60 leabharlann agus i mbailiúcháin éagsúla ar fud an domhain. Chuir na blúiríní a fuarthas go mór le taighde i ngach brainse den Ghiúdachas. Faoi dheireadh an 20ú haois, bhí ar go leor scoláirí cos a leagan go fisiciúil i leabharlanna ar fud an domhain d'fhonn an geniza a bhrabhsáil. Tógadh grianghraif de chuid is mó den ábhar agus tá sé i measc na micreascannáin de chuid Institiúid na Lámhscríbhinní Eabhraise Micreascanta ag Leabharlann Náisiúnta Iosrael in Iarúsailéim.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Sacred Treasure-The Cairo Genizah: The Amazing Discoveries of Forgotten Jewish History in an Egyptian Synagogue Attic" (as en) (March 2012). Jewish Lights Publishing. 
  2. "Sacred Trash: The Lost and Found World of the Cairo Geniza" (as en) (2011). Nextbook. 
  3. Paul Kahle, The Cairo Geniza: The Schweich Lectures of the British Academy 1941, London, 1947.