Tonnta teasa na hEorpa, 2025
| Cineál | tonn teasa | ||
|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 2025 | ||
| Mór-roinn | an Eoraip | ||

Le linn mhí an Mheithimh 20235, bhuail tonnta teasa agus triomach áiteanna ar fud na hEorpa. Buaileadh an Fhrainc go háirithe go dona; ar an 21 Meitheamh, bhí an teocht os cionn 35 céim i réigiún Pháras, 38 céim in áiteanna.[1][2]
Bhí an teocht chomh hard le 33 céim in áiteanna i Sasana. Bhí sé idir dhá chéim agus ceithre chéim níos teo ná mar a bheadh sé go hiondúil.
Athrú aeráide is cionsiocair leis an mbrothall, dar le saineolaithe aimsire in Imperial College i Londain. Foilsíodh measúnú ar an 18 Meitheamh ina ndúradh go neamhbhalbh go bhfuiltear ag dul ar gcúl ó thaobh athrú aeráide de agus go bhfuil an chruinne ag éirí níos teo mar go bhfuiltear fós ag dó an iomarca guail, ola agus gáis, agus go bhfuiltear fós ag leagan an iomarca crann.[3]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an teocht chomh hard le 29+ céim in áiteanna in Éirinn ar an 20-21 Meitheamh[4][5] agus bhí an samhradh thar a bheith brothallach. Maraíodh idir 800 agus 900 iasc in Abhainn Dhroichead Uí Dhálaigh in oirthuaisceart Loch Síleann i gCo an Chabháin. Bhí teocht an uisce ró-ard agus an leibhéal ocsaigine tuaslagtha ró-íseal ag an am ba chúis le marú na n-iasc.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Athrú aeráide san Eoraip
- Téamh domhanda
- Tonn teasa
- Teagmhais aimsire
- Copernicus, clár de chuid an Aontais Eorpaigh
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "List of heat waves" (as en) (2025-06-19). Wikipedia.
- ↑ "Chaleur record en France - Une canicule exceptionnelle a sévi" (fr). Météo & Radar (2025-06-22). Dáta rochtana: 2025-06-22.
- ↑ "Three years left to limit warming to 1.5C, top scientists warn" (en-GB). www.bbc.com (2025-06-19). Dáta rochtana: 2025-06-22.
- ↑ "NI weather: Mini heatwave ends with scattered showers to continue" (en-GB). BelfastTelegraph.co.uk (2025-06-22). Dáta rochtana: 2025-06-22.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-06-20). "Teaspach as cuimse geallta, athrú aeráide is cúis leis" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-09-29). "'Iascach Intíre Éireann leis an dlí a chur ar thruaillitheoirí'" (as ga-IE).