Tonn sheismeach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tonn turrainge a fhorleathann tríd an Domhan de bharr crith talún. Rangaítear na tonnta seo i 4 rang. Bíonn minicíochtaí arda ag P-thonnta (comhbhrúite) is S-thonnta (trasnacha) agus tarchuirtear iad araon tríd an Domhan, ach ní féidir leis na S-thonnta taisteal trí chriosanna sreabhánacha. Is tonnta trasnacha iad L-thonnta freisin, ach le minicíochtaí isle, coimeádta i gciseal uachtarach de screamh an Domhain. Tarlaíonn tonnta Rayleigh gar don eipealár, agus is iad a bhíonn freagrach as gluaisne rollach dhromchla an Domhain le linn crith talún.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tonn sheismeach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 670.