Tomás Ó Rathaile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Tomás Ó Rathile)
Infotaula de personaTomás Ó Rathaile
Beathaisnéis
Breith(en) Thomas Francis O'Rahilly
11 Samhain 1882
Lios Tuathail, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Samhain 1953
71 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ríoga na hÉireann
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Coláiste Mhichíl, Lios Tuathail
Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Scoil an Léinn Ghaelaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilMáistir Ealaíon
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ollamh (1919–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Teaghlach
SiblínCecile O'Rahilly

Tharraing Tomás Ó Rathile (1882-1953) clú air féin mar scoláire Gaeilge Rugadh Tomás Ó Rathile i Lios Tuathail, Contae Chiarraí. Ba é Thomas Francis Rahilly a athair, fear gnó agus cléireach. Bhí a mháthair, Julia Mary Curry as Luimneach, ina garneacht d’Eoghan Ó Comhraí. Bhí Tomás ar an gcúigiú duine de na trí dhuine dhéag a mhair den chlann. Tharraing beirt eile den chlann clú éigin orthu féin: Alfred, a bhí ina Uachtarán ar Choláiste Ollscoile Chorcaí agus Sisile, scoláire Gaeilge.

Chaith Ó Rathile tamall i gColáiste na Carraige Duibhe agus suim aige sa Ghaeilge óna óige amach. Fuair sé scoláireacht sna Clasaicigh i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath in 1902 agus bhain sé duais Uí Chomhraí sa Ghaeilge in 1903. É ag múineadh sa choláiste sula ndeachaigh sé i mbun oibre sna Ceithre Chúirt in 1905. Nuair a bhíodh am le spáráil aige dhéanadh sé staidéar ar chanúintí na Gaeilge agus ar lámhscríbhinní Gaeilge, cé nach raibh an tsláinte go maith aige. D’fhan sé ina chléireach go dtí 1919.

In 1903 bunaíodh Scoil an Léinn Ghaelaigh agus d’fhreastail Ó Rathile ar ranganna Sean-Ghaeilge John Strachan.

Bhí sé ag scríobh aistí d’irisí éagsúla. In 1912 bhunaigh sé an iris Gadelica chun fás na teanga a spreagadh, ach chlis sí cheal airgid. Bhí sé ina eagarthóir ar Ériu agus ar Celtica níos déanaí, agus scríobh sé neart alt agus roinnt mhaith leabhar i mBéarla agus i nGaeilge.

Bhí sé ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide idir 1919 agus 1929. D’aistrigh sé go Corcaigh in 1929, mar a raibh sé ina Ollamh Taighde go dtí 1925. Bhí a leithéid chéanna de phost aige i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath idir 1935 agus 1941. Nuair a bunaíodh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ceapadh é ina Ollamh Sinsearach, agus bhí sé ina Stiúrthóir ar Scoil an Léinn Cheiltigh ann idir 1942 agus 1947.

D’fhoilsigh sé teoiricí dá chuid féin i dtaobh stair na hÉireann agus iad bunaithe ar dhiantaighde teangeolaíoch agus téacsúil. D’áitigh sé gur lonnaigh ceithre dhream de chainteoirí Ceiltise in Éirinn i ndiaidh a chéile, teoiric nach bhfuil an fhianaise ghéiniteach agus sheandálaíoch ag cur léi anois. D’áitigh sé freisin go raibh dhá Naomh Pádraig ann.

Phós sé Máire Ní Bhuachalla ó Bhaile Uí Annáin i Mainistir na Corann in 1918. Ní raibh clann orthu. Fuair sé bás ar an 16 Samhain 1953.

Liosta leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Early Irish history and mythology, Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies, 1946.

(Eag.) Desiderius, otherwise called Sgáthán an chrábhaidh, by Flaithrí Ó Maolchonaire (Florence Conry), Mediaeval and Modern Irish Series 12, Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies, 1941.

Irish dialects past and present: with chapters on Scottish and Manx, Dublin: Browne and Nolan, 1932.

Measgra dánta: Miscellaneous Irish poems, 2nd ed., Dublin and Cork: Cork University Press, 1927.

Dánta grádha: cnósach de sna dánta grá is fearr san Ghaelge (1350–1750) , 2nd ed. (1916), Dublin and Cork: Cork University Press, 1926.

Miscellany of Irish proverbs, Dublin: Talbot Press, 1922.

Dánfhocail: Irish epigrams in verse, Dublin: Talbot Press, 1921.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]