Tomás Ó Criomhthain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTomás Ó Criomhthain

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1855
Na Blascaodaí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Márta 1937
81/82 bliana d'aois
Na Blascaodaí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Na Blascaodaí Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmiascaire, dialannaí, feirmeoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileMáire Ní Chatháin (1878–luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteSeán Ó Criomhthain Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDomhnall  agus wife of Donal O'Crohan (en) Aistrigh
SiblínÓ Criomhthain, Máire Ó Criomhthain, Cáit Ó Criomhthain, Eibhlín Ó Criomhthain agus Nóra Ó Criomhthain

Fear de bhunadh na mBlascaod ab ea Tomás Ó Criomhthain (t̪ˠɔmˠaːsˠ oː kɾˠɪhɪn̠ʲ),[1]Thomas O'Crohan (21 Nollaig 18567 Márta 1937), duine de mhórscríbhneoirí a linne.[2]

Rugadh é sa bhliain 1856 agus chaith sé formhór a shaoil ar an oileán. Scríobh sé dhá leabhar, Agallamh na hInse agus An tOileánach, agus aistríodh go teangacha éagsúla iad ó shin. Is clasaicí dírbheathaisnéiseacha iad na leabhair a thug léargas bríomhar ealaíonta ar shaol na ndaoine a mhair sna Blascaodaí lena linn. Cé go bhfuil cáil ar dhírbheathaisnéisí eile de chuid na Gaeltachta, tugtar an chraobh de ghnáth do Ó Criomhthain.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Tomás an duine deireanach de sheisear clainne agus déantar iontas fós féin den chur síos atá aige ar a bheith ag diúl as cíoch a mháthar agus é ceithre bliana d'aois.

Ní bhfuair sé mórán scolaíochta mar nár fhan múinteoirí i bhfad riamh ar an oileán agus de réir a thuairisce bhí saol breá aige ina gharsún ag seilg agus ag iascach.

Phós sé Máire Ní Chatháin sa bhliain 1878 agus cé go raibh deichniúr leanbh aici bhásaigh go leor díobh go hóg agus ní raibh saol fada aici féin.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spreag Brian Ó Ceallaigh as Cill Airne Tomás chun cín lae a scríobh na blianta tar éis an Chéad Chogadh Domhanda - chruthaigh sé don oileánach go bhféadfadh tuairiscí faoi shaol na ngnáthdhaoine i gceantar iargúlta a bheith spéisiúil trí shampla de scéalta le Maxim Gorky agus Pierre Loti a thabhairt dó le léamh. Scríobh Ó Criomhthain litreacha gach lá chuig Ó Ceallaigh agus ba as na cuntais sin a cuireadh an leabhar An tOileánach le chéile. thosaigh Tomás ag moladh do dhaoine óga dul i mbun scríbhneoireachta chomh maith. Sa bhliain 1923 bhí triúr i mbun pinn:- é féin, Míchael Ó Gaoithín agus Eibhlín (Neilí) Ní Shúilleabháin.

Bás agus oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Tomás Ó Criomhthain bás sa bhliain 1937 agus maireann a cháil agus a oidhreacht go dtí inniu féin.

D'ainneoin go raibh sé rí-shoiléir go raibh saol deacair, crua ag oileánaigh an ama sin, tugadh faoi ndeara freisin an saibhreas seanchais agus cultúir a bhí go smior ina gcuid urlabhraíochta. 

Ina dhiaidh sin, chuir Muiris Ó Súilleabháin peann le pár agus thug 'Fiche Bliain Ag Fás' chugainn. Ina dhiaidh sin aríst a tháinig dírbheathaisneis Pheig Sayers

Áirítear 'An tOileánach' ar an saothar ceannródaíoch áfach, an ceann ba thábhachtaí toisc an aird a tharraing sé seans. 

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Blascaod Mór

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuairisc 2016-12-16: Tigh An Chriomhthanaigh ar an mBlascaod Mór le hoscailt do chuairteoirí i samhradh 2017

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. An t-Oileánach, an cúigiú cló, Comhlacht Oideachas na hÉireann, 1969
  2. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó CRIOMHTHAIN, Tomás (1855–1937) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.