Jump to content

Tomi Ungerer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTomi Ungerer

(2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Samhain 1931
Strasbourg, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Feabhra 2019
87 bliana d'aois
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaCimetière Saint-Gall de Strasbourg Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síÉcole supérieure des arts décoratifs de Strasbourg Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Gníomhaíocht
Réimse oibreDearcealaíona, maisiú, maisiú leabhar, scigphictiúr, dearadh grafach, ficsean óg, erotic art (en) Aistrigh agus fetish art (en) Aistrigh
Suíomh oibre Nua-Eabhrac
Corcaigh
Strasbourg Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir, dearthóir, ealaíontóir grafach, cartúnaí, picture book writer (en) Aistrigh, dealbhóir, scigealaíontóir, scríbhneoir litríocht pháistí, grianghrafadóir, maisitheoir, dearthóir stampaí poist, ceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraLitríocht do pháistí agus litríocht earótach
TeangachaAn Fhraincis, Béarla, an Ghearmáinis agus an Alsáisis
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
AthairCharles Ungerer agus Théodore Ungerer

Suíomh gréasáintomiungerer.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1857033 Allmovie: p311411 TMDB.org: 130685
Facebook: tomiungerer X: TomiUngerer Instagram: tomiungerer Musicbrainz: 294022c9-5d65-4b6f-aca7-c0857887b853 Discogs: 1659221 Goodreads author: 72770 Find a Grave: 228912385 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba scríbhneoir i dtrí theanga éagsúla agus maisitheoir Francach é Jean-Thomas "Tomi" Ungerer (28 Samhain 1931 - 9 Feabhra 2019). Bhí breis is 140 leabhar foilsithe aige, ina measc leabhair do pháistí, ábhar do dhaoine fásta agus saothair bheatháisnéisiúla.

2014
Les Toilettes, Plochingen de chuid Tomi Ungerer
Iarsmalann Tomi Ungerer i Strasbourg
Strasbourg

Tá cáil ar leith air as na haortha géara agus an nathaíocht ghreannmhar atá le fáil ina chuid oibre. Bhuaigh Ungerer bonn idirnáisiúnta Hans Christian Andersen sa bhliain 1998 dá shaothar mar mhaisitheoir do pháistí. Tá cáil ar leith ar a chuid leabhar Flat Stanley.

Maisitheoir ba ea Tomi Ungerer a raibh cáil agus aithne air ar fud an domhain agus bhí an-ghean ag daoine air.

Sa bhliain 2018 cuireadh fáilte chroíúil roimhe mar an chéad bhall oinigh sa ghrúpa Illustrators Ireland.

As siocair é a bheith díbeartha as a áit chónaithe le linn an Dara Cogadh Domhanda, chaith sé go leor ama agus é ina fhear óg ag lorg áit a bhféadfadh sé cur faoi inti.

Ina dhiaidh sin bhí an chlaontacht agus an leadrán ar na cúiseanna a chuir air bogadh ó áiteanna éagsúla. Ar deireadh thiar shocraigh sé cur faoi in Éirinn. Bhí Ungerer ina chónaí i gCarn Uí Néid, Contae Chorcaí ó na 1970idí ar aghaidh.

Fuair Tomi Ungerer bás i gCarn Uí Néid ar an 8 Feabhra 2019, agus in aois 87 bliain dó.

Reáchtáladh taispeántas 'I gCuimhne Ar a Bhfuil Romhainn' - In ómós do Tomi Ungerer' sa bhliain 2024. Bhí 55 mhaisitheoir Éireannacha páirteach ann. Rinneadh ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Tomi Ungerer, agus ar an tslí a ndeachaigh sé i bhfeidhm ar bhaill Illustrators Ireland in Éirinn agus thar lear.

Roghnaigh gach maisitheoir saothar amháin de chuid Ungerer agus tá saothar dá gcuid féin déanta acu mar fhreagra air nó mar léamh ar ghné éigin de. Fear mór imeartas focal ba ea Ungerer agus roghnaíodh teideal an taispeántais, ""Expect the Unexpected" toisc go mbíodh an nath cainte sin aige go rialta.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Tomi Ungerer: Official Website" (en-IE). Tomi Ungerer: Official Website (2024-04-18). Dáta rochtana: 2025-05-11.