Mr. Lordi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Tomi Putaansuu)
Infotaula de personaMr. Lordi

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(fi) Tomi Petteri Putansuu
Beathaisnéis
Breith(he) טומי פטרי פוטנסו
15 Feabhra 1974
50 bliana d'aois
Rovaniemi, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, cartúnaí, amhránaí is scríbhneoir, file, ceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1987 –
Ball de
SeánraRac-cheol crua
TeangachaBéarla agus an Fhionlainnis
UirlisCeol gutha
Lipéad ceoilSony BMG Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm1073511 Musicbrainz: 76fd67cd-f23e-4f7c-a836-2b29adefd775 Discogs: 1063034 Cuir in eagar ar Wikidata

Rac-cheoltóir Fionlannach is ea Tomi Petteri Putaansuu, nó Mr. Lordi. Saolaíodh i Rovaniemi é ar an 15ú lá de Mhí Feabhra sa bhliain 1974. Tá sé i gceannas ar an mbanna ceoil Lordi, a bhunaigh sé sa bhliain 1996, agus is é an banna seo ba mhó a thabhaigh clú agus cáil dó, ó rug siad bua i gComórtas Amhrán na hEoraifíse sa bhliain 2006.

Is é bréagriocht an arrachtaigh an chuid is suntasaí d'íomhá phoiblí Lordi, agus Putaansuu ag déanamh a dhíchill le féachaint chuige nach bhfoilseofaí grianghrafanna de féin ná de bhaill an bhanna ach iad a bheith sa bhréagriocht. San am céanna, is eisean a réitíonn an chuid is mó de chaidreamh poiblí an bhanna. É féin a dhearann na púicíní agus an smideadh.

Bhí Tomi Putaansuu tugtha do Kiss agus do Gene Simmons ó bhí sé óg, agus é an-ghníomhach i gclub lucht adhartha Kiss san Fhionlainn.

I dtús Mhí Lúnasa 2006, phós sé Johanna Askola, a raibh lámh agus focal idir eisean agus ise le fada.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]