Jump to content

Tomás Ó Monacháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTomás Ó Monacháin
Beathaisnéis
Breith22 Márta 1927
Cill Ó Laoch, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Lúnasa 2023
96 bliana d'aois
Gaoth Dobhair, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmailtire, gníomhaí teanga Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Gníomhaí teanga, ailtire agus fear léannta ab ea Tomás Ó Monacháin, a roinn a chuid eolais go fial agus a sheas an fód go minic ar son cearta theanga na nGael.[1]

I gCill Ó Laoch ar bhruach theas Loch Cuan i gContae an Dúin a rugadh Tomás (nó Tom) ar an 22 Márta 1927. Nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois, bhog sé féin, a dheartháir, Joe agus a thuismitheoirí, Molly agus James isteach go Béal Feirste sa bhliain 1932, de bhrí go raibh an turas chuig a chuid oibre i mBéal Feirste rófhada ag a athair.

Bhí bácús beag baile ag a mháthair, Molly McNally, agus geallghlacadóir a bhí ina athair, James, (a chaith 28 bliain ag obair do Billy Pollock i Sráid Kent, in aice le tábhairne an Brown Horse agus níos déanaí ag Sráid Rockmount níos faide suas an bóthar.)

Chónaigh siad ar dtús in uimhir a 45, Paráid Uíbh Eachach, i gceantar íochtar na bhFál. Sráid phábháilte nach raibh uirthi ach carranna capaill. Ina dhiaidh sin, bhog siad chuig uimhir a 3, Sráid Nansen – ar chúl an fhoirgnimh ina bhfuil Cultúrlann McAdam Ó Fiaich sa lá atá inniu ann.

Sa bhliain 1916, ba é an tÓglach Ailbhe Ó Monacháin, uncail Thomáis, a bhí páirteach le Liam Ó Maoilíosa in eagrú an Éirí Amach i nGaillimh.[2]

Aoine an Chéasta 1916, báthadh uncail eile leis, an tÓglach Cathal Ó Monacháin, in éineacht le beirt óglach eile, i dtimpiste agus iad ar a mbealach chuig Ruairí Mac Easmainn a bhí ag iarraidh arm a allmhairiú ón nGearmáin. [3]

I mBéal Feirste, d'fhreastal Tomás ar bhunscoil St Mary’s, i Sráid na Beairice, a bhí foscailte ag na Bráithre Críostaí ó bhí 1929 ann.

Chuaigh sé ar mheánscoil nó coláiste theicniúil shóisearach i Sráid Hardinge, i gceantar nach raibh i bhfad ó na duganna sa chathair. Le linn an dara Cogadh Domhanda, rinne ruathair aeir na Gearmáine an oiread sin damáiste do scoileanna agus d’fhoirgnimh eile sa cheantar le linn an Dara Cogadh Domhanda, gur bogadh suas le 350 buachaill scoile amach faoin tuath. Bhí Tomás i measc na ndaltaí a fuair a gcuid oideachais in óstán i mBun Abhann Doinne i nGlinnte Aontroma, go dtí go raibh sé sábháilte pilleadh ar an chathair i 1943.

Ar an mheánscoil a bhí sé nuair a thug sé a chéad chuairt ar Thír Chonaill le dul ar Choláiste Bhríghde i Rann na Feirste. Ba i dteach Nuala Mhicí Óig i gCarraig an Choill a bhí a chéad lóistín aige i nGaeltacht Dhún na nGall.

I ndiaidh na meánscoile, rinne sé staidéar ar an ailtireacht. Chaith sé seal ag obair i mBaile Átha Cliath sular phill sé ar Bhéal Feirste, áit ar chleacht sé a cheird le comhlachtaí éagsúla go dtí go bhfuair sé post mar ailtire tionscadail le hIontaobhas Tithíochta Thuaisceart Éireann. Ba i nDoire don Fheidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann a chaith sé an tréimhse ó 1973-87 ag obair agus é ag taisteal abhaile go dtí Gaoth Dobhair gach lá.

Sa bhliain 1963, phós Tomás Brighid Nic a’ tSionnaigh as Béal Feirste. Bhí seisear clainne ag an lánúin phósta; Anna, Colmcille, Ailbhe, Sorcha, Éabha agus Máire.

Tar éis aifreann a shochraide i dTeach Pobail Mhín Uí Bhaoill ar an 10 Lúnasa 2023, cuireadh a chorp i Reilig Mhachaire Gathlán.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]