Tomás Ó Domhnaill (polaiteoir náisiúnach Éireannach)
áisiúnaí Éireannach de chuid Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann é Tomás Ó Domhnaill nó Thomas O'Donnell (30 Samhain 1871 – 11 Meitheamh 1943) a bhí ina Fheisire Parlaiminte (FP) thar ceann Chiarraí Thiar ó 1900 go 1918 ag déanamh ionadaíochta ar an toghcheantar i dTeach na dTeachtaí de Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann. Bhí sé ina thionscnóir gníomhach ar athchóiriú na talmhaíochta,[1][2] Máistir Ealaíon (Ollscoil Ríoga na hÉireann), múinteoir, dlíodóir, cathaoirleach ar Iarnród Thrá Lí agus an Daingean agus ina dhiaidh sin bhí sé ina bhreitheamh mór le rá in Éirinn.
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é an dara mac ba shine é de cheathrar mac agus cúigear iníonacha ag Michael Ó Domhnaill agus Eibhlín Ní Ruacháin.[3] Tháinig sé ó theaghlach a labhair Gaeilge i Lios Cearnaí, Baile Dubh, ar Leithinis an Daingin, ach sa bhliain 1880, díbríodh a theaghlach le linn Chogadh na Talún de chuid Chonradh na Talún, agus bhí cónaí orthu i gcábán beag ar feadh seacht mbliana ina dhiaidh sin. Rinneadh múinteoir náisiúnta de tar éis dó cáiliú i gColáiste Oiliúna Shráid Mhaoilbhríde, bhí sé ag teagasc i scoil do bhuachaillí i gCill Orglan ó 1892 go 1900.
Go luath ina shaol chuaigh sé i gcomhghuaillíocht le gluaiseacht an Rialtais Dúchais, fad is a bhí sé ag plé le saincheist na talún, agus sa bhliain 1898 dhaingnigh sé an tiomantas sin go foirmiúil trí dhul le William O'Brien i gConradh na hÉireann Aontaithe. Rinne an eagraíocht seo iarracht na feirmeacha móra a bhriseadh suas, agus chruthaigh Ó Domhnaill gur trodaire diongbháilte é ar son cearta tionónta. Fiú ag deireadh an 20ú haois, cuimhnítear ar a chuid iarrachtaí ar leibhéal áitiúil.
Gairm pholaitiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]San olltoghchán 1900, athainmníodh Ó Domhnaill mar Theachta Dála do Chiarraí Thiar. Tar éis dó a shuíochán a ghlacadh i Westminster, d’éirigh sé sa Teach ar 19 Feabhra 1901 agus thosaigh sé a chéad óráid pharlaimintear i nGaeilge, ach cuireadh ina choinne toisc gur breacht ar rialacha parlaiminte é. Ba é an chéad uair a úsáideadh an Ghaeilge in óráid i dTeach na dTeachtaí i Londain,[4][5] agus go tapaigh bhain se clú agus cáilsin amach dó féin agus d' Athbheochan na Gaeilge[6].
Ba dhlúthchara é le Maurice Moynihan (d’éag 1915), ceannaire ar Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann i gCiarraí, chomh maith le bunaitheoir Chumann Lúthchleas Gael i gCiarraí isa bhliain 1885, athair Mhuirís, sé sin Gerard Moynihan, agus sa bhliain 1900 ina chathaoirleach ar choiste feachtais toghchánaíochta Uí Dhomhnaill. Bhí baint ag Ó Domhnail le Conradh na Gaeilge ó 1893 agus bhí baint lárnach aige le iachall a chur ar Pháirtí na hÉireann dul i mbun díospóireachta i dTeach na dTeachtaí maidir le húsáid na Gaeilge i scoileanna náisiúnta. I In ainneoin a bhunús, ní náisiúnaí díograiseach a bhí ann agus sheachain sé claonadh na bhFíníní a bhí ag go leor dá chomhaoisigh is géire.
Rinne Ó Dónaill staidéar in Óstaí an Rí agus glaodh chun barra na hÉireann é i 1905, agus chleacht sé mar abhcóide ar feadh blianta fada. Deisceabal dílis de chuid Seáin Mhic Réamainn é chomh maith lena pháirtí gluaiseacht Rialtas Dúchais, ach in ainneoin roinnt cipiléireachta leis an scarúnachas agus le William O'Brien breathnaíodh air mar dhuine de mhór-réaltaí an Pháirtí Éireannaigh, agus b'fhéidir mar bhall de rialtas dúchais. Fiú sular thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda bhí sé ina thacadóir paiseanta d’ Óglaigh na hÉireann de chuid Mhic Réamainn, ansin go mór ar son na hearcaíochta do reisimintí Éireannacha.[7] Mar bhall de chomhairle earcaíochta na hÉireann i rith 1914–1918 cáineadh é as gan dul isteach ann féin, ach bhí teaghlach mór aige.
Dara slí bheatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé go mór i gcoinne Shinn Féin, tar éis bhunú Shaorstát Éireann d'ionsaigh sé WT Cosgrave agus a rialtas Chumann na nGaedheal freisin. Ansin chomhbhunaigh Ó Dónaill Páirtí na Léige Náisiúnta le William Redmond, agus é mar aidhm acu an tír a aontú go síochánta tar éis an Chogaidh Chathartha. Tar éis olltoghchán na hÉireann i mí an Mheithimh 1927 nuair a d’fhill an páirtí ochtar teachtaí (níor tháinig Ó Domhnaill ar ais), bhí sé beartaithe ag an bpáirtí mar aon le páirtithe Fhianna Fáil agus an Lucht Oibre teacht in áit rialtas Chumann na nGaedheal, ach cuireadh bac orthu mar go raibh an Teachta John Jinks as láthair don vóta ríthábhachtach. Nuair a díscaoileadh Páirtí na Léige Náisiúnta ar deireadh 1931, chuaigh Ó Dónaill isteach i bhFianna Fáil agus bhí sé ar dhuine dá bpríomhchomhairleoirí agus ina fheachtasóir gan staonadh ar son an pháirtí (sheas sé mar iarrthóir san olltoghchán 1932, ach níor éirigh leis). Bhíodh Éamon de Valera ag dul i gcomhairle leis go minic.
Sa bhliain 1932, glaodh chun an bharra laistigh é, agus sa bhliain 1941, ceapadh é ina bhreitheamh sa Chúirt Chuarda do Chontaetha an Chláir, Chiarraí agus Luimnigh.
Phós sé Nora Ryan ar 26 Eanáir 1897. Bhí deichniúr clainne acu. Ba gharmhac le Ó Domhnaill é Dermot Kinlen.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Gaughan (1983). "A Political Odyssey – Thomas O'Donnell, M.P.". Dublin: Kingdom Books. ISBN 0-9506015-4-3.
- ↑ Gaughan, J. Anthony in: McGuire, James and Quinn, James (eds): Dictionary of Irish Biography From the Earliest Times to the Year 2002;
Royal Irish Academy, Cambridge University Press (2009) (ISBN 978-0-521-6333-14) - ↑ “O'Donnell, Thomas”. Dictionary of Irish Biography. Dáta rochtana: 3 February 2022.
- ↑ "An Irishman's Diary". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 7 July 2021.
- ↑ "British MP uses Irish language in address at UK House of Commons for first time since 1901". TheJournal.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 7 July 2021.
- ↑ “ADDRESS IN REPLY TO HIS MAJESTY'S MOST GRACIOUS SPEECH. (Hansard, 19 February 1901)”. Parliamentary Debates (Hansard) (19 February 1901).
- ↑ Maume (1999). "The long Gestation, Irish Nationalist Life 1891–1918": 238–9. Gill & Macmillan. ISBN 0-7171-2744-3.