Tomás Ó Coileáin
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | Luimneach |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | file, múinteoir, scríbhneoir |
| Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Is file, teagascóir, athair, agus eagarthóir filíochta Éireannach é Tomás Ó Coileáin as Cathair Dháibhín, Luimneach. Rugadh é in 1988 agus foilsíodh dán dá chuid don chéad uair in 2007. Tá dhá bhailiúchán filíochta foilsithe aige; Inside Out (2020) agus Ar An Leoithne/On The Breeze (2024), iad beirt le Revival Press. Tá cónaí air i gCathair Luimnigh. Bhain sé an dara háit amach sa Chomórtas Filíochta mar chuid d'Fhéile Ealaíne Bhaile an Bhuinneánaigh 2024, agus bhuaigh sé an chéad áit i bhFéile Raifteirí Bhaile Locha Riach agus sa chomórtas "Hold Fast To Dreams" de chuid Drawn To The Light Press sa bhliain 2024 chomh maith.
Bhí dánta i gcló aige in Aneas, HOWL New Irish Writing, The Waxed Lemon, An Gael, Comhar, The Galway Review, The Hong Kong Review, Irisleabhar Mhá Nuad, New Isles Press: Psychopomp, The Stony Thursday Book, agus sa chnuasach dátheangach "Ar An Leoithne/On the Breeze". Tá sé fós ag obair ar a chéad chnuasach lán-Ghaeilge. Eisean eagarthóir filíochta le Revival Press ó Lúnasa 2023. Bhuaigh sé an chéad duais sa chomórtas filíochta, "Aisling", ag Féile Raifteirí, Baile Locha Riach sa bhliain 2024.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi dhuine Éireannach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |