Toiréasa Ferris

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaToiréasa Ferris

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Márta 1980
43 bliana d'aois
Trá Lí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Luimnigh
Ollscoil na Banríona, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach agus comhairleoir contae í Toiréasa Ferris (Gaeilge: Toiréasa Ní Fhearghuis) (rugadh í an 24 Márta 1980). Tá sí ina ball de Sinn Féin. Martin Ferris a hathair. Is teagascóir páirtaimseartha sa dlí í.

Tá Toiréasa Ferris ina comhairleoir contae ó 2003. Roimhe sin, bhí sí ina ball d’Ógra Shinn Féin ina baile dúchais, Trá Lí, agus le cumann na hollscoile in Ollscoil Luimnigh. Thóg sí suíochán a hathar ar Chomhairle Contae Chiarraí nuair a toghadh Martin Ferris chun na Dála.

Ba í an chéad chomhairleoir de chuid Shinn Féin le bhith ina Cathaoirleach ar an gComhairle agus ba í an chéad Mhéara mná ar Thrá Lí í in 2005. Sheas sí do thoghchán Parlaimint na hEorpa in 2009 ach níor éirigh léi suíochán sa Bhruiséil a bhuachan.

I Márta na bliana 2009, vótáladh í mar a seachtú polaiteoir ba dhathúla ar domhan sa nuachtán Spáinneach 20 minutos.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]