Jump to content

Toghchán Uachtaránachta na hÉireann 2025

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Toghchán Uachtaránachta na hÉireann 2025
 ← 2018 Cuir in eagar ar WikidataÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Am24 Deireadh Fómhair 2025 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáltoghchán uachtaránachta na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanUachtarán na hÉireann. Téarma in oifig: 7 bliain Cuir in eagar ar Wikidata
Líon daoine a vótáil
Electorate (en)3,614,450 Cuir in eagar ar Wikidata
1,656,436
   45.83٪
Percentage point (en) 1.96
Total valid votes (en)1,442,698    Number of blank votes (en)  ?    Number of spoilt votes (en) 213,738
Toradh vótála Cuir in eagar ar Wikidata
Catherine Connolly  — Polaiteoir neamhspleáchIarrthóir ar éirigh leis/léi
914,143   63.36٪
 
Heather Humphreys  — Fine Gael
424,987   29.46٪
 

Reáchtáladh Toghchán do Uachtaránacht na hÉireann ar an 24 Deireadh Fómhair 2025. Den chéad uair ó na seachtóidí, ní raibh ach beirt san iomaíocht don oifig is airde sa tír, Catherine Connolly agus Heather Humphreys.[1]

Fuair Catherine Connolly ollbhua sa toghchán. Seachas Cabhán-Muineachán, toghcheantar Heather Humphreys féin, scuab Connolly léi an 42 toghcheantar eile, tofa ar an gcéad chomhaireamh le bheith ina deichiú hUachtarán ar Éirinn agus a hainm curtha sa Táin as an bhfarasbarr a bhí aici.[2][3]

Catherine Connolly, 2019
Heather Humphreys, 2019
Bhuail scannal Jim Gavin (FF) agus d'éirigh sé as rás an árais.
Theip ar Sheridan ainmniúchán a fhail
Theip ar Maria Steen iarrthóir i bhfad amach ar an eite dheis ainmniúchán a fhail[4]

Ba é seo an chéad uair a raibh na páirtithe ar an eite chlé aontaithe i bhfeachtas uachtaránachta.

Is iad muintir na hÉireann a thoghann Uachtarán na hÉireann go díreach ar feadh téarma 7 mbliana. Is féidir leis an Uachtarán dul san iomaíocht ansin go n-atoghfar iad do théarma 7 mbliana eile (rud a rinne Mícheál D. Ó hUiginn sa bhliain 2018) ach ní féidir leo fónamh ar feadh níos faide ná 2 théarma.[5]

Meon an phobail roimh ré

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a cuireadh ceist ar dhaoine in 2025 cad é an tréith ba thábhachtaí dóibh a bheith ag iarrthóir :[6]

  • 39% a dúirt gurb é an rud ba thábhachtaí ná go mbeadh duine ann “a mbeadh cur chuige gníomhach acu agus a labhródh amach faoi chúrsaí”.
  • Ba thábhachtaí do 33% “duine a dhéanfadh jab maith d’ionadaíocht a dhéanamh thar lear ar an tír”.
  • Duine “iontaofa go bhféadfaí brath orthu” a theastaigh ó 10%
  • Duine a n-aontóidís lena “tuairimí polaitiúla” a theastaigh ó 9%.
  • Dúirt 3% gur “duine a labhraíonn Gaeilge” ba thábhachtaí.
  • Níor thug ach 1% le fios gurb é an rud ba thábhachtaí dóibh ná go mbeadh beannacht an pháirtí is ansa leo ag iarrthóir.[6]

Ainmniúcháin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách ó Ghaillimh Thiar, Catherine Connolly, níos luaithe i mbliana go smaoineodh sí ar sheasamh sa toghchán dá mbeifí in ann páirtithe an fhreasúra a thabhairt le chéile.[7] I mí Iúil 2025, léirigh na Daonlathaithe Sóisialta, Pobal Seachas Brabús agus an Comhaontas Glas go raibh raibh siad á cur chun cinn mar iarrthóir ón eite chlé.[8]

I dtús an tsamhraidh, ba í an t-iarChoimisinéir Eorpach Mairéad McGuinness rogha na coitiantachta chun ainmniúchán Fhine Gael a fháil. Mhol Fine Gael í mar an t-iarrthóir amháin ar an 15 Iúil.[9] Ach ar an 14 Lúnasa, tharraing McGuinness amach as an toghchán ar chúinsí leighis. Ní mór di, a dúirt sí, tús áite a thabhairt dá sláinte.[10]

Ansin bhí beirt ó Fhine Gael, Heather Humphreys agus an Feisire Eorpach Seán Kelly, ag iarraidh ar an bpáirtí sin iad a ainmniú mar iarrthóir sa toghchán Uachtaránachta. Dhearbhaigh Heather Humphreys gur shocraigh sí ar dhul san fhiontar in ainneoin gur fhógair sí i mí Bealtaine 2025 nach raibh suim aici a hainm a chur chun cinn.[11] Dúirt Humphreys gur cara léi Mairéad McGuinness agus thug le fios nár theastaigh uaithi dul ina coinne.[12] Dúirt Humphreys go raibh sí traochta ag an am ach mhaígh go raibh sí tagtha chuici féin ó shin. Ar an 1 Meán Fómhair dúirt Kelly gur léir dó nach bhfaigheadh sé an fiche vóta atá ag teastáil uaidh ón bpáirtí parlaiminte leis an ainmniúchán a fháil.[13] Bhí treoir tugtha ag Fine Gael dá gcuid comhairleoirí siúd gan vótáil ar son iarrthóirí neamhspleácha.

Dúirt Humphries go raibh ‘an cúpla focal’ aici ach go gcuirfeadh sí feabhas ar a scileanna teanga dá dtoghfaí í. Dúirt sí “Ach d’fhill mé ar an nGaeltacht in 2017 nuair a bhí mé i m’Aire Ealaíon, Oidhreachta, agus Gaeltachta agus chonaic mé go raibh sí ag teacht ar ais chugam. Geallaim, má thoghtar i m’uachtarán mé, go bhfillfidh mé ar an nGaeltacht agus go bhfoghlaimeoidh mé an Ghaeilge.”[14]

Bhí fadhb éagsúil ag Fianna Fáil. Ní raibh aon iarrthóir mór le rá ar fáil acu. I mí Lúnasa chuir an ceannaireacht an fear CLG, Jim Gavin, chun chinn; ní raibh baint ar bith ag Gavin le Fianna Fáil go dtí sin. Ar an 9 Meán Fómhair, tháinig Gavin agus Billy Kelleher, Feisire Eorpach de chuid an pháirtí, os comhair pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil. 41 vóta a fuair Gavin agus caitheadh 29 vóta ar son Kelleher.[15]

Mar sin féin bhí go leor sa pháirtí thar a bheith mí-shásta. Bhí míshuaimhneas an-mhór i bhFianna Fáil faoin gcaoi ar roghnaíodh Gavin mar iarrthóir. Dúirt Deirdre Kelly, aoire an pháirtí i gCorcaigh, go gcaithfeadh siad athmhachnamh a dhéanamh ar an bpróiseas feasta mar nach rabhthas ag labhairt le baill na n-údarás áitiúla. Bhí an baol ann a dúirt sí go raibh gnáthbhaill an pháirtí á gcur ó dhoras ag an gcóras seo. Thug an tUasal Kelleher é féin le fios gur chreid sé gur chóir d'Fhianna Fáil athmhachnamh a dhéanamh ar an tslí a roghnaíonn siad iarrthóirí uachtaránachta.[16]

Chinn Fhianna Fáil gan a chur ar chomhairleoirí áitiúla vótáil in aghaidh iarrthóirí neamhspleácha (a bhí ag lorg ainmniúcháin don toghchán). Níor cuireadh fógra aoire ar bhaill an pháirtí (ach bhí treoir tugtha ag Fine Gael dá gcuid comhairleoirí gan vótáil ar son iarrthóirí neamhspleácha).[17]

Iarrthóirí a bhí luaite le bheith ainmnithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí roinnt daoine luaite sna nuachtáin roimh an rás, ach níor éirigh leo nó ní raibh fonn orthu ag deireadh na dála, ina measc Mary Lou McDonald, an craoltóir Joe Duffy, an Taoiseach Mícheál Martin, an peileadóir Niall Quinn, an t-iarThaoiseach Bertie Ahern, an Seanadóir Frances Black, an damhsóir Michael Flatley, an fear gnó Peter Casey agus Mike Ryan, a bhíodh ina Cheannasaí um Éigeandáil na hEagraíochta Domhanda Sláinte, srl.

Daoine eile nach raibh in ann ainmniúchán a fháil

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Dúirt Mary Hanafin, iar-aire oideachais agus cainteoir líofa Gaeilge, go mbeadh sí ag lorg ainmniúchán Fhianna Fáil.
  • Bhí spéis ag Bertie Ahern ann. Ach ní raibh an páirtí sásta na scéalta faoi bhinsí fiosraithe is eile a bhain le ré Bhertie a chur i gcuimhne don phobal.[8]
  • Dúirt Éamon Ó Cuív go mbeadh “suim áirid” aige féin san uachtaránacht. Ní raibh sé deimhnithe ag Ó Cuív ag an am an raibh nó nach raibh sé i gceist aige ainmniúchán Fhianna Fáil a lorg ach mhaígh sé go raibh roinnt daoine i dteagmháil leis chun a dtacaíocht a léiriú dó.[7]
  • I mí Mheán Fómhair 2025, chuir an trodaire, éigneoir agus pobalóir Conor McGregor físeán amach agus é lasmuigh de Thithe an Rialtais, ag impí ar dhaoine dul i dteagmháil lena gcomhairleoirí contae chun tacú leis mar iarrthóir. I bhfíseán dhá nóiméad go leith, luaigh sé Forógra na Saoirse agus rinne sé comhartha na Croise ag an deireadh.[18]
  • D’fhógair Joanna Donnelly, a bhíodh ag obair le Met Éireann, gur mhaith léi a hainm féin a chur chun cinn. Rinne Donnelly cúrsaí Gaeilge le hOideas Gael agus bhí alt i nGaeilge foilsithe aici ar shuíomh RTÉ.[19]
  • Sheol Gareth Sheridan, iarrthóir neamhspleách, a réamhfheachtas toghchánaíochta ar an 14 Iúil 2025. Sheol Nick Delehanty, fear gnó eile, a fheachtas ar an 27 Lúnasa 2025.
  • Chuir roinnt daoine eile tar éis spéis a léiriú in ainmniúchán a fháil agus rún acu bualadh le comhairlí contae ar thóir a mbeannacht don ainmniúchán sin. Ar an 8 Meán Fómhair, rinne 14 iarrthóir cur i láthair os comhair Chomhairle Contae Chiarraí : Gareth Sheridan, William P Allen, Nick Delahanty, Charlotte Keenan, Dr Donncha MacGabhann, Cllr Kieran McCarthy, Keith McGrory, Lorna McCormack, Walter Ruyan Purcell, Dr Cora Stack, Maria Steen, Gerben Uunk (cearta ainmhithe), Gearóid Duffy[20] and Sarah Louise Mulligan.[21][22]

Bhí go leor oibre le déanamh ag Jim Gavin roimh lá an toghcháin lena fhís i gcomhair na huachtaránachta a chur in iúl don phobal, mar ní raibh cúlra polaitíochta aige ar chor ar bith roimh 2025. Ansin ar 5 Deireadh Fómhair, d'fhógair Gavin go n-éireoidh sé as an toghchán [23] D'éirigh sé as de bharr conspóid maidir le hairgead a bhí le dul chuig iarthonónta dá chuid, mar a maíodh. Ar dtús dúirt Gavin ina thaobh nach raibh aon chuimhne aige air.

Chuir cinneadh Gavin éirí as rás an árais trí chéile agus gan fágtha ansin ach beirt iarrthóirí, Heather Humphreys agus Catherine Connolly. D'fhág scannal Gavin Fianna Fáil i gcruachás agus tháinig brú ar an Taoiseach. Dúirt an Feisire Eorpach Billy Kelleher - a bhfuair iarrthóir an Taoisigh an ceann is fearr air sa gcoimhlint d'ainmniúchán Fhianna Fáil - "go gcaithfidh iarmhairtí" a bheith ag baint le rogha Mhicheál Martin. Chaith an Feisire amhras ar chinnireacht an pháirtí faoin bpróiseas ainmniúcháin.

Soilsíodh an t-easaontas atá idir an bheirt iarrthóirí sa toghchán maidir leis an gCúirt Choiriúil Speisialta agus iad i mbun díospóireachta.[24]

Bhí Connolly chun chinn sna pobalbhreitheanna. Mar shampla de réir phobalbhreith an Irish Times Ipsos B&A ar an 16 Deireadh Fómhair, bhí sciar 38% den vóta atá ag Connolly i gcomparáid leis an 20% a bhí ag Humphreys (agus 5% ag Gavin fós).[6][25]

Léirigh an chomhghuaillíocht den eite chlé sa bhfeachtas go raibh siad in ann feidhmiú mar aonad éifeachtach. Ardú croí ba ea é sin do Shinn Féin, go háirithe, a bhí ag úsáid an fheachtais mar dheis lena léiriú gur féidir an ceann is fearr a fháil ar Fhianna Fáil agus Fine Gael agus malairt rialtais a thairiscint don phobal.[26]

Ba dhóigh le tráchtairí gur imir na meáin shóisialta ról lárnach sa bhfeachtas seo (cé go raibh srianta ar fhógraí oifigiúla[27][28]), mar aon le hagallaimh ar phodchraoltaí nach mbaineann le cúrsaí polaitíochta go príomha, leithéidí How to Gael agus podchraoladh Blindboy.[29][30]

Bhí conspóid ann a bhain le fógraíocht ar na meáin shóisialta. Ag tosú ag pointí éagsúla, níor cheadaigh roinnt ardáin mhóra shóisialta fógraí polaitiúla go hoifigiúil toisc rialacha nua a bheith i bhfeidhm ina dtaobh. Go luath i mí Dheireadh Fómhair baineadh anuas líon mór díobh, ach chuir na hardáin chéanna deireadh le rochtain ar a gcartlanna fógraíochta polaitiúil freisin, rud ar laghdaigh trédhearcacht na coda sin den fheachtas. Thug Meta le fios nach raibh fógraí polaitiúla ar bith á rith ag an gcuntas "Jim Gavin for President" i rith na seachtaine roimhe sin, cé gur a mhalairt scéil a bhí acu an lá roimhe sin. Tharraing sé seo cáineadh m.sh. ón tráchtaire ar an teicneolaíocht agus an daonlathas Liz Carolan, a luaigh an dainséar a bhaineann le bheith i dtuilleamaí chomhlachtaí príobháideacha le feidhm a bhaint as an ndaonlathas.[27][30][31][32] Bhí físeáin dhomhainbhrionnaithe le feiceáil ar líne freisin, rud a d'fhiosraigh Coimisiún na Meán.[33][34]

Beidh ainm Jim Gavin ar an bpáipéar ballóide do thoghchán na huachtaránachta ar an 24 Deireadh Fómhair. Ciallaíonn sin gur féidir vóta a chaitheamh don Uasal Gavin i gcónaí agus go gcomhairfear pé aistriúchán a thagann uaidh seo.[35]

44% den phobal a tháinig amach chun vóta a chaitheamh sa toghchán deiridh in 2008. An míniú a bhí ag roinnt tráchtairí ar an gcúis gur fhan an pobal sa bhaile mar go raibh sé soiléir ón tús go mbeadh rith an ráis le Michael D. Higgins.[26]

Ar an 24 Deireadh Fómhair, fuair Catherine Connolly ollbhua sa toghchán. Seachas Cabhán-Muineachán, toghcheantar Heather Humphreys féin, scuab Connolly léi an 42 toghcheantar eile.[2] D’éirigh léi buachan go slachtmhar agus 63% de na vótaí bailí tugtha di, an sciar is mó a fuair aon iarrthóir i dtoghchán uachtaránachta ó bunaíodh an oifig sin i 1938.[36] Fuair iarrthóir Fhine Gael, Heather Humphreys 30% de na vótaí. Cé gur éirigh Jim Gavin as an bhfeachtas toghcháin níos túisce, fuair sé 7% den vóta. Ní raibh Fianna Fáil i dteideal na costais a bhain leis an bhfeachtas a fháil ar ais (meastar gur €250,000, b'fhéidir i bhfad níos mó, a bheadh i gceist).[3]

Ina toghcheantar féin, Gaillimh Thiar, fuair Connolly 77% de na vótaí céadrogha, 18% a bhí ag Humphreys agus bhí 5% ag Gavin. Milleadh 8% de na vótaí i nGaillimh Thiar. Bhí Dún na nGall ar na contaetha is mó a thacaigh le Connolly. 75% de vótaí a fuair sin ansin. 21% a fuair Humphreys agus 4% a fuair Gavin (milleadh 13%).

46% de líon na ndaoine a raibh vóta acu a chaith vóta (43% in 2018).

Is díol suntais líon na vótaí atá millte sa toghchán. Milleadh os cionn 213,738 páipéar ballóide, nó 12.9% den iomlán.[37] Bhí suas le 20% de na vótaí millte i dtoghcheantair áirithe. I measc na nithe eile a scríobhadh ar pháipéir ballóide bhí noid bainteach le inimirce, coiriúlacht agus easpa rogha.[38]

Gheall Catherine Connolly go ndéanfadh sí a dícheall “dóchas a thabhairt do dhaoine arís” agus go mbeadh sí ina hUachtarán do gach uile dhuine. “Is éard atá foghlamtha agamsa go bhfuil daoine ag súil le dóchas uaimse. Agus tabharfaidh mé dóchas do dhaoine arís agus caithfidh mé a rá leo, is daoibhse an oifig.”[3]

Glacfaidh Catherine Connolly móid na hoifige ar an 11 Samhain, ó Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann, Dónal O’Donnell. Déanann an Taoiseach píosa cainte ansin sula dtugann an tUachtarán nuathofa an chéad óráid sa chúram nua. Casann Banna Arm Uimhir 1 Amhrán na bhFiann ansin tráth a mbíonn an tUachtarán ag fágáil agus ag tabhairt aghaidh ar a lóistín nua in Áras an Uachtaráin.[3]

Páirtí Iarrthóir Uachtaránachta

(in ord aibítreach)

Dáta deimhnithe Feachtas Arna tacú ag Foinsí
Neamh-
spleách
Catherine Connolly
11 Iúil 2025

(feachtas)
catherineconnollyforpresident.ie

[42][43][44]

[45][46][47][48][49]

Fine Gael
Heather Humphreys
19 Lúnasa 2025

(feachtas) heatherforpresident.ie Curtha i gcartlann 2025-09-13 ar an Wayback Machine

Fine Gael (55 comhalta an Oireachtais) [50][51]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Sa bhliain 1973, bhí beirt iarrthóirí i dtoghchán uachtaránachta agus Fianna Fáil agus Fine Gael amháin a bhí san iomaíocht. Éamon de Valera agus Tom O'Higgins
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2025-10-25). "Catherine Connolly caithréimeach" (as ga-IE). 
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 "Catherine Connolly tofa ar an gcéad chomhaireamh le bheith ina deichiú hUachtarán ar Éirinn" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-10-25). Dáta rochtana: 2025-10-26.
  4. Wikiepdia (2025-09-10). "Maria Steen" (as en). 
  5. Citizensinformation.ie. "Toghchán an Uachtaráin" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-07-11.
  6. 6.0 6.1 6.2 "Connolly go rábach chun cinn don uachtaránacht, 3% a deir gur cainteoir Gaeilge atá uathu – pobalbhreith" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-10-16). Dáta rochtana: 2025-10-16.
  7. 7.0 7.1 tuairisc.ie (2025-07-11). "Na Gaeilgeoirí atá á lua leis an uachtaránacht…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-14.
  8. 8.0 8.1 Eoin Ó Murchú (21 Iúil 2025). "An Rás don Áras – comhrac idir an eite dheis is an eite chlé" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-21.
  9. Muiris O'Cearbhaill (2025-07-15). "Mairead McGuinness first to enter Áras race as she's confirmed as Fine Gael's candidate" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2025-08-14.
  10. Nuacht RTÉ (2025-08-14). "Mairéad McGuinness ag tarraingt amach as toghchán Uachtaránachta" (as ga-IE). 
  11. Nuacht RTÉ (2025-08-19). "Toghchán Uachtaránachta: Humphreys, Kelly ag lorg ainmniúcháin" (as ga-IE). 
  12. Nuacht RTÉ (2025-08-15). "Heather Humphreys á lua mar iarrthóir Uachtaránachta" (as ga-IE). 
  13. Maitiú Ó Coimín (1 Meán Fómhair 2025). "Seán Kelly éirithe as feachtas na huachtaránachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-10.
  14. "Gealltanas tugtha ag Heather Humphreys go bhfoghlaimeodh sí an Ghaeilge dá dtoghfaí í" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-09-03). Dáta rochtana: 2025-09-10.
  15. Nuacht RTÉ (2025-09-09). "Iarbhainisteoir BhÁC, Jim Gavin, roghnaithe ag FF mar iarrthóir" (as ga-IE). 
  16. Nuacht RTÉ (2025-09-09). "Iarbhainisteoir BhÁC, Jim Gavin, roghnaithe ag FF mar iarrthóir" (as ga-IE). 
  17. Nuacht RTÉ (2025-09-10). "Micheál Martin: muinín as tacaíocht chomhairleoirí do Jim Gavin" (as ga-IE). 
  18. Conradh na Gaeilge, Londain (6 Meán Fómhair 2025). "Nuacht Mhall (Ard Mhacha)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-09-06.
  19. "Gealltanas tugtha ag Heather Humphreys go bhfoghlaimeodh sí an Ghaeilge dá dtoghfaí í" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-09-03). Dáta rochtana: 2025-09-10.
  20. x.com gearoidduffy (2025). "gearoidduffy (iarrthóir i bhfad amach ar an eite dheis)".
  21. "Independent Áras hopefuls urge councillors to ignore party whips as Kerry hears first pitch for nominations" (en). www.independent.ie (2025-09-08). Dáta rochtana: 2025-09-09.
  22. John O'Mahony (2025-09-08). "14 candidates but only one secures pledge of support" (en-US). KillarneyToday.com. Dáta rochtana: 2025-09-09.
  23. "Jim Gavin Fhianna Fáil éirithe as an toghchán uachtaránachta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-10-06). Dáta rochtana: 2025-10-06.
  24. Nuacht RTÉ (2025-10-14). "Toghchán Uachtaránachta: Cúirt Choiriúil Speisialta idir chamáin" (as ga-IE). 
  25. Nuacht RTÉ (2025-10-16). "'Tús suntasach ag Connolly ar Humphreys' – pobalbhreith" (as ga-IE). 
  26. 26.0 26.1 Máirín Ní Ghadhra (11 Deireadh Fómhair 2025). "An baol ann go bhfanfaidh daoine ag baile ar an 24 Deireadh Fómhair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-10-13.
  27. 27.0 27.1 Liz Carolan (07 Deireadh Fómhair 2025). "Liz Carolan: Deleting of ‘Jim Gavin for President’ ads shows we can’t rely on big tech for democratic architecture" (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-10-23.
  28. "Meta to pull political ads in EU in response to new disinformation rules" (as Béarla). The Irish Times (25 Iúil 2025). Dáta rochtana: 2025-10-23.
  29. Gerard Howlin. "Presidential TV debate: Heather Humphreys’s best performance was not good enough to win" (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-10-23.
  30. 30.0 30.1 Brian O'Donovan (22 Deireadh Fómhair 2025). "From keepie-uppies to Harleys - social media in the presidential campaign". Nuacht RTÉ. Dáta rochtana: 23 Deireadh Fómhair 2025.
  31. Maeve McTaggart (2025-10-10). "Fianna Fáil spent over €14,000 on Facebook and Instagram ads for Jim Gavin campaign" (as Béarla). Irish Independent. Dáta rochtana: 2025-10-23.
  32. féach freisin "Seachtain: Big Tech, an taobh dorcha de - agus an Gaeilgeoir determined to expose it" (4 Meán Fómhair 2025). Seachtain. 
  33. Brian O'Donovan (22 Deireadh Fómhair 2025). "Meta removes AI videos spreading Áras election misinformation". Nuacht RTÉ. Dáta rochtana: 23 Deireadh Fómahir 2025.
  34. Adrian Weckler (2025-10-22). "Catherine Connolly files complaint to Electoral Commission over viral AI deepfake videos on Facebook that generated 160,000 views" (as Béarla). Irish Independent. Dáta rochtana: 2025-10-23.
  35. Nuacht RTÉ (2025-10-07). "Ainm Jim Gavin le fanacht ar an mballóid" (as ga-IE). 
  36. Go dtí toghchán an lae inné, ba é Éamon de Valera ba mhó a fuair sciar den vóta i dtoghchán uachtaránachta agus 56% a fuair seisean i 1959. Ní rófhada uaidh a bhí Micheál D Ó hUigínn agus é ag iarraidh a dhara téarma san Áras in 2018, nuair a tugadh 55.8% den vóta dó.
  37. Sophie Finn (2025-10-25). "Here’s how many people in your constituency spoiled their vote" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2025-10-26.
  38. Nuacht RTÉ (2025-10-25). "Vóta do Donald Duck nó Homer Simpson" (as ga-IE). 
  39. Chuir Alan Kelly in iúl nach n-ainmneodh sé féin Connolly
  40. Tabitha Monahan (27 Lúnasa 2025). "'I will not be supporting Catherine Connolly' – Labour's Alan Kelly slams presidential candidate despite party" (as Béarla). Irish Independent.
  41. Catherine Connolly TD í féin, Séamus Healy TD, Brian Stanley TD, Eileen Flynn (seanadóir).
  42. Cormac McQuinn (11 Iúil 2025). "Catherine Connolly announces plans to launch presidential election bid next week" (as Béarla). Irish Times.
  43. ""Catherine Connolly gathers support for Áras run"" (as Béarla). The Irish Times (12 Iúil 2025). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 Iúil 2025. Dáta rochtana: 12 Iúil 2025.
  44. "Sinn Féin's presidential election decision in weeks" (as Béarla). RTÉ (12 Iúil 2025).
  45. "McGuinness to be FG nominee as Connolly to launch Áras bid tomorrow" (as Béarla). RTÉ (15 Iúil 2025).
  46. Cormac McQuinn (31 Iúil 2025). "'Catherine will make an excellent president': Labour Party backs Connolly's bid for Áras" (as Béarla).
  47. "Humphreys put under pressure over Fine Gael's record in her first radio interview as candidate" (as Béarla). TheJournal.ie.
  48. Sophie Finn (3 Meán Fómhair). "Humphreys put under pressure over Fine Gael's record in her first radio interview as candidate" (as Béarla). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 3 Meán Fomhair 2025.
  49. "‘Déanfaimid ár ndícheall’ – Sinn Féin ag tacú le Catherine Connolly don uachtaránacht". Tuairisc.ie (2025-09-20). Dáta rochtana: 2025-10-21.
  50. "Humphreys, Kelly to seek FG nomination for presidency" (as Béarla). RTÉ News (19 Lúnasa 2025). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Lúnasa 2025. Dáta rochtana: 19 Lúnasa 2025.
  51. Jack Horgan-Jones. ""Fine Gael confirms Heather Humphreys as its candidate for presidential election"" (as Béarla). The Irish Times.