Toghchán Uachtaránachta na Rómáine, 2024-2025
| Toghchán Uachtaránachta na Rómáine, 2024-2025 | ||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| ← 2019 | ||||||||||||
| Am | 24 Samhain 2024, an chéad bhabhta vótála 6 Nollaig 2024, second voting round (en) | |||||||||||
| Cineál | presidential election in Romania (en) | |||||||||||
| Oifig le buachan | Uachtarán na Rómáine. Téarma in oifig: 5 bliain | |||||||||||
| Líon daoine a vótáil | ||||||||||||
An chéad bhabhta vótála
| ||||||||||||
| Toradh vótála
| ||||||||||||
Reáchtáladh Toghchán Uachtaránachta na Rómáine, an chéad bhabhta, ar an 24 Samhain 2024.[1][2] Cuireadh an toghchán sin ar ceal agus reáchtáladh ceann eile ar an 4 agus 18 Bealtaine 2025. Bhuaigh méara Bucharest Nicuşor Dan, polaiteoir sa lár, toghchán uachtaránachta na Rómáine 2025.


2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]"Bhuaigh" Călin Georgescu, ceannaire comhrialtas náisiúnach Ceart, an chéad bhabhta. Iarrthóir "neamhspleách" ba ea Georgescu, a bhí go mór ar thaobh na heite deise agus i bpócaí Vladimir Putin.[3] Bhain sé croitheadh as an mbunaíocht pholaitiúil agus ba léiriú drámatúil é ar athrú meoin phobal na tíre.
Bhí an pobal bréan de dhá phríomhpháirtí na bunaíochta, an PSD (lár ar chlé) agus an PNL (lár ar dheis), a bhíodh ag babhtáil na cumhachta eatarthu ach a raibh go leor scannail chaimiléireachta ag baint leo. Cheap an dá phríomhpháirtí go rachadh sé chun leasa dóibh dá mbeadh siad i gcoinne iarrthóir radacach ar nós Georgescu sa dara babhta ach níor thuig siad go raibh siad fhéin níos tocsaíní i súile an phobail ná na hiarrthóirí radacacha.[4]
Bua gan choinne a bhí ann. Fuarthas amach gur ‘ionsaithe hibrideacha’ de chuid na Rúise, tríd na meáin shóisialta (TikTok) go príomha, ba chúis le bua Georgescu.[5][6]
Cuireadh na toghcháin uachtaránachta ansin ar ceal ar an mbonn gur scaip an Rúis eolas bréagach. Ní raibh aon leid ann gur rigeáladh an bhallóid. Ach tháinig méadú ollmhór ar líon na vótálaithe thar lear (821,000 duine, ach ní raibh ach 214,000 sna Toghcháin Eorpacha 2024).[7] Agus bhí líon daoine a vótáil sa tír féin thar a bheith lag. Vótálann an diaspóra, den chuid is mó lonnaithe san Iodáil, don eite i bhfad amach ar dheis.
Is cinnte gur chruthaigh dream éigin 27,000 cuntas bréige ar TikTok chun cabhrú le Georgescu sa toghchán – deir na seirbhísí faisnéise gurbh í an Rúis a bhí taobh thiar den chúnamh mídhleathach sin. Mar sin féin, deir Gaussu gur cinneadh polaitiúil a bhí ann an toghchán a chur ar ceal agus cosc a chur ar Georgescu seasamh arís, agus cuimhnigh nach bhfuil seisean báúil in aon chor le Georgescu nó leis an bproRúiseachas.
Rialaigh an Chúirt Bhunreachtúil go gcaithfear an toghchán a reáchtáil as an nua ar fad. Cuireadh cosc ar Georgescu rith sa toghchán arís in 2025.
2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharla an athimirt ar an 4 Bealtaine 2025, agus babhta réitigh coicís ina dhiaidh sin, ar an 18 Bealtaine, an toghchán uachtaránachta is conspóidí agus is cinniúnaí i stair an daonlathais sa tír. .
Bhí bua sa chéad bhabhta de thoghchán uachtaránachta na Rómáine d’iarrthóir pro-Rúiseach i bhfad amach ar an eite dheis an AUR, George Simion. Fuair Simion beagnach 41% sa chéad bhabhta, i gcomparáid le 21% don dara hiarrthóir ba láidre, an liobrálach Nicășor Danu. Ní raibh an PSD (lár ar chlé) agus an PNL (lár ar dheis) in ann a shamhlú nach n-éireodh leis an bPríomh-Aire reatha ón PSD, Marcel Ciolacu, ná leis an iarPhríomh-Aire Nicolae Ciucă ón PNL, fáil tríd chuig an dara babhta.
Mhaígh Dan roimh ré gur coimhlint a bhí sa toghchán idir an dearcadh gur tír “ar son an iarthair” í an Rómáin agus an dearcadh gur tír “in aghaidh an iarthair” í.
54% de na vótaí a bhí ag Dan agus é chun cinn ar George Simion na heite fíordheise ar 46%. Dúirt Dan gur raibh an lá leis na daoine ar theastaigh athrú uathu. Bhí an lá, a dúirt sé, leis na daoine ar theastaigh institiúid stáit éifeachtacha uathu chomh maith le níos lú caimiléireachta, rath eacnamaíochta agus “sochaí bunaithe ar an bplé seachas ar an bhfuath”.[8]
Cultúr láidir frith-Putin
[cuir in eagar | athraigh foinse]De ghnáth tá cultúr láidir frith-Putin agus frith-Rúiseach sa Rómáin. Ach bhí cuid mhór den phobal ag tacú le hiarrthóirí uachtaránachta pro-Rúiseacha le linn 2024-2025. Maígh Armand Gaussu, Ollamh in Ollscoil Bhúcairist, in agallamh leis an suíomh nuachta EuroPravda, go raibh an Rómáin fós frith-Rúiseach. Deir sé gur léir do líon beag de na vótálaithe go raibh Simion pro-Rúiseach ach níor thug an chuid eile de na vótálaithe sa Rómáin, chomh maith le formhór mór na Rómánach thar lear, aird ar bith ar an méid a bhí ráite ag Simion le linn 2024-2025 faoin Úcráin, an Rúis, an tAontas Eorpach, srl. Scéal eile ar fad a bhí ann... bhí an pobal bréan de dhá phríomhpháirtí na bunaíochta,agus go leor scannail chaimiléireachta ag baint leo. [4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, 2024 Romanian presidential election
- ↑ Eoin Ó Murchú (20 Eanáir 202). "Ní le cosc is cinsireacht a bhuafaidh an tAE ar an eite fhíordheis nó easaontóirí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-03.
- ↑ Alex Hijmans (31 Nollaig 2024). "Troid, teas, toghcháin agus Trump – súil siar ar 2024" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-04.
- ↑ 4.0 4.1 Fachtna Ó Drisceoil (18 Bealtaine 2025). "An toghchán uachtaránachta is conspóidí agus is cinniúnaí i stair an daonlathais sa Rómáin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-19.
- ↑ Brian O'Donovan / RTÉ News (2024-12-17). "Irish regulator to probe TikTok over election integrity" (as en).
- ↑ Alex Hijmans (31 Nollaig 2024). "Troid, teas, toghcháin agus Trump – súil siar ar 2024" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-19.
- ↑ romaniainsider (2019-11-10). "Romania presidential elections 2019: Update - over 8.68 million Romanians voted in the country" (en). Romania Insider. Dáta rochtana: 2025-05-19.
- ↑ "Lucht na heite fíordheise coinnithe ó dhoras i dtoghcháin san Eoraip" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-05-19). Dáta rochtana: 2025-05-19.