Toghcháin áitiúla na Breataine, 2026
| Cineál | United Kingdom local elections (en) | ||
|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 7 Bealtaine 2026 | ||
| Tír | an Ríocht Aontaithe | ||
Reáchtáladh Toghcháin áitiúla na Breataine, 2026[1] ar an 8 Bealtaine 2026. Fuair Páirtí an Lucht Oibre bualadh tubaisteach i dtoghchán na gcomhairlí áitiúla timpeall na tíre. Chaill 1,068 comhairleoir Labour (as 2,196) a gcuid suíochán i Sasana, in Albain agus sa Bhreatain Bheag i ndiaidh don phobal vótála a míshástacht a léiriú ag na bothanna vótála. Fágadh príomh-pháirtí an fhreasúra, an Páirtí Caomhach ar an bhfaraor géar cuid mhaith freisin sa Bhreatain tré chéile.[2]
Is é páirtí Nigel Farage, Reform UK, is mó a bhfuair buntáiste ar an titim sa vóta ag an dá pháirtí sin a raibh ceannas polaitiúil acu sa Bhreatain go dtí na 2020idí.




Torthaí an toghcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Reform UK dul chun cinn ollmhór ar chaillteanais na dTóraithe agus an Lucht Oibre. Fuair Reform UK thart ar 30% de na vótaí céadroghaga. Ghnóthaigh páirtí Farage breis is 1,400 suíochán, agus d'éirigh Reform an páirtí is mó sna comhairlí áitiúla i Sasana. Ghlac an páirtí seilbh ar a chéad chomhairle riamh i gceantar Londain, comhairle Havering. Bhí Reform UK i gceannas freisin ar Chomhairle Essex, áit chónaithe cheannaire na gCaomhach, Kemi Badenoch. Bhí Nigel Farage ag caint cheana fhéin ar an athrú ó bhonn i ndán don chéad olltoghchán eile.
Maidir le páirtithe eile bhí ardú de bheagán ar vóta na Lib Dems, d'éirigh go maith leis Na Glasaigh freisin, threisigh siadsan go háitiúil agus bhuaigh siad Méaracht Hackney i Londain.[2]
An Rialtas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Buaileadh Labour go trom i dtuaisceart Shasana, áit a mbíodh an páirtí tréan treallúsach tráth. Bhí an milleán buailte ag lear mór feisirí sa Lucht Oibre ar an Keir Starmer, Príomh-Aire na Breataine agus ceannaire An Lucht Oibre, faoin toradh sna comhairlí áitiúla.
D'fhág torthaí tubaisteacha pháirtí an Lucht Oibre go raibh saol polaitiúil Keir Starmer amach anseo i mbaol agus cúlbhinseoirí ag bagairt go gcuirfidís tús le feachtas le haghaidh na ceannaireachta. 'Fanfaidh mé i gceannas' a deir ceannaire an Lucht Oibre sa Bhreatain, Keir Starmer. D’admhaigh go raibh torthaí na dtoghchán áitiúil an tseachtain seo caite ‘an-chrua’ agus go nglacann sé féin ‘freagracht’ astu. Mhaígh sé nach raibh aon chuimhne aige éirí as oifig agus go seasfaidh sé a théarma iomlán sa Rialtas. D'admhaigh sé áfach freagracht as droch-thoradh an pháirtí sna toghcháin áitiúla.
Ar an 11 Bealtaine, chuir Starmer cosa i dtaca agus rinne sé óráid láidir dhúshlánach in iarracht an cheannairc a chur faoi chois agus muinín a chothú ina cheannaireacht. Cath ar son anam na Breataine a bhí sa dúshlán ó Reform, a d’áitigh an Príomh-Aire.[3]
Cheap Starmer Gordon Brown mar thoscaire ar chúrsaí airgeadais domhanda (an fear a tháinig i gcomharbacht ar Tony Blair mar Phríomh Aire ar an Bhreatain i Meitheamh 2007).[4]
An Bhreatain Bheag
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí na Bealtaine 2026, rinne Plaid Cymru agus Reform UK dul chun cinn ollmhór ar chaillteanais an Lucht Oibre. Theip ar Eluned Morgan, Céad Aire na Breataine Bige, a suíochán sa Senedd a choinneáil, an chéad uair riamh do cheannaire reatha i bPáirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain Bheag a shuíochán a chailleadh i dtoghchán tionóil. Le breis is 100 bliain bhí Lucht Oibre an páirtí is láidre sa Bhreatain Bheag, sé sin go dtí 2026.[2]
Albain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Den chúigiú huair choinnigh Páirtí Náisiúnta na hAlban [SNP] a ghreim ar Pharlaimint na hAlban. Ina dhiaidh aniar a bhí páirtí an Lucht Oibre agus é ag roinnt an dara háit le Reform, i bhfad taobh thiar den pháirtí náisiúnach.
Toghadh 58 feisire SNP ach bhí 65 duine ag teastáil le tromlach a bheith aige i rialtas na hAlban i Holyrood, uaillmhian ag an bpáirtí. 17 suíochán a fuair an Lucht Oibre, toradh a d’fhág i bhfad ar gcúl sa dara háit iad i dteannta Reform, páirtí a ghnóthaigh ionadaíocht den chéad uair riamh i rialtas na hAlban.[3] Bhí ar an SNP dul i gcomhrialtas leis na Glasaigh.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, 2026 United Kingdom local elections
- 1 2 3 Nuacht RTÉ (2026-05-08). "Reform UK chun cinn sa Bhreatain,An Lucht Oibre ag fulaingt" (as ga-IE).
- 1 2 "‘Treo nua don Bhreatain’ san Eoraip geallta ag Starmer agus é ag iarraidh an cheannairc a chur faoi chois" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-05-11). Dáta rochtana: 2026-05-11.
- ↑ Nuacht RTE (2026-05-09). "Brown agus Harman tugtha isteach ag Starmer" (as ga-IE).
- ↑ "Scottish election 2026: Results in maps and charts" (en-GB). www.bbc.com (2026-05-09). Dáta rochtana: 2026-05-11.