Jump to content

Tionscal na mbláthanna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Keukenhof floranta san Ísiltír
Cuirtear borradh faoi na plandaí sna tithe gloine go minic; anseo teach gloine in Westland, an Ísiltír

Is éard atá i gceist le tionscal na mbláthanna na raon comhlachtaí a tháirgeann is a sholáthraíonn bláthanna.

Tá an Ísiltír an táirgeoir is mó ar domhan.[1] Déanann tionscal na mbláthanna dochar mór don timpeallacht.[2]

  • Is minic lotnaidicídí agus ábhair chontúirteacha eile in úsáid sa tionscal. nimhiú an phobail áitiúil, an fhiadhúlra agus na hithreach.
  • I dtithe gloine a fhástar mórchuid bhláthanna ard-ráchairte, agus tiúilipí go háirithe. Ní hamháin go sceitear go leor CO2 san aer agus na tithe gloine sin á dtéamh, ach bíonn truailliú solais millteanach uathu san oíche, loinnir oráiste a chuireann isteach ar bhithrithim an fhiadhúlra.
  • Truailliú fuaime: ní rithfeadh sé leat, ach i lár na hoíche a bhailítear bláthanna iomráiteacha na hÍsiltíre, ionas go mbeidh siad ag an gceant i mbaile Aalsmeer, in aice le haerfort Schiphol, an chéad rud ar maidin. Sruth seasta leoraithe a chuireann isteach ar chodladh daoine agus ainmhithe araon an toradh.
  • Toisc go sleabhcann bláthanna go sciobtha, ar eitleáin a dhéantar an chuid is mó acu a onnmhairiú seachas ar leoraithe nó ar an traein, agus sceitear níos mó CO2 fós san aer dá bharr.
  • Ar éigean a chuimhneofá air seo, ach tá an ithir ghainmheach ina bhfástar tiúilipí iomráiteacha na hOllainne ar chuid den ithir is torthúla san Eoraip agus d’fhéadfaí glasraí a fhás inti, mar a dhéantaí fadó, seachas stuif nach féidir a ithe.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Leah Barsema (2024-07-23). "Growth in the Dutch floriculture sector" (en-US). Coolpack. Dáta rochtana: 2025-03-20.
  2. 1 2 Alex Hijmans (19 Márta 2025). "Roundup agus ceithre chúis eile nár chóir bláthanna a cheannach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-19.