Jump to content

Tionól Thuaisceart Éireann (1973)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaTionól Thuaisceart Éireann
Sonraí
Cineálreachtas comhstáit
sole chamber (en) Aistrigh
córas an aon seomra reachtaigh
teach reachtaíochta tofa Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh3 Bealtaine 1973
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte28 Bealtaine 1974 Cuir in eagar ar Wikidata
Ócáid shuntasach
28 Meitheamh 1973 toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 1973 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba reachtas é Tionól Thuaisceart Éireann a bhunaigh Rialtas na Ríochta Aontaithe ar 3 Bealtaine 1973, chun dílárú a athbhunú sa réigiún le feidhmeannas comhroinnte cumhachta. Díscaoileadh é i mí an Mhárta 1975.

Rinne cuid 1 d'Acht Tionól Thuaisceart Éireann (1973) an tionól nua agus reáchtáladh toghchán ar 23 Meitheamh 1973. Fuair an tAcht Bhunreacht Thuaisceart Éireann (1973) aontú na banríona ar 18 Iúil 1973, mar sin, cealaíodh Parlaimint Thuaisceart na hÉireann agus Gobharnóir Thuaisceart Éireann. Fosta, rinne an t-acht soláthar dó fheidhmeannas comhroinnte cumhachta. Toghadh 180 mball, trí Aonvóta inaistrithe, as 12 thoghcheantar.

Bhuail an tionól le cheile, ar 31 Iúil 1973, den chéad uair. Thogh siad Nat Minford mar Cheann Comhairle i rith seisiúin anordúil. I ndiaidh Chomhaontú Sunningdale, bunaíodh feidhmeannas comhroinnte cumhachta ar 1 Eanáir 1974. I ndiaidh agóide Aontachtaí, faoi Chomhairle Uile-Éireann a bhí molta, thit an fheidhmeannas agus an tionól ar 28 Bealtaine 1974, nuair a d'éirigh Brian Faulkner as Príomhfheidhmeannach. Cuireadh an tionól ar fionraí an lá ina dhiaidh sin, bhí sé ina stad go dtí 28 Márta 1975, nuair a lánscoireadh é go foirmiúil trí Acht Thuaisceart Éireann (1974).

Baill den Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann (1974)

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Oifig Ainm Téarma Páirtí
Príomhfheidhmeannach Brian Faulkner 1974 PAU
Leas-Phríomhfheidhmeannach Gerry Fitt 1974 PSDLO
Aire Talmhaíochta Leslie Morrell 1974 PAU
Aire Tráchtála John Hume 1974 PSDLO
Aire Oideachais Basil McIvor 1974 PAU
Aire Timpeallachta Roy Bradford 1974 PAU
Aire Airgeadais Herbert Kirk 1974 PAU
Aire Sláinte agus Seirbhísí Sóisialta Paddy Devlin 1974 PSDLO
Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Pleanála Austin Currie 1974 PSDLO
Aire Eolais John Baxter 1974 PAU
Aire Dlí agus Ceann Oifig Leasú an Dlí Oliver Napier 1974 Comhaontas