Jump to content

Dúnmharú Tina Satchwell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Tina Satchwell)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDúnmharú Tina Satchwell
Cineáltarlú
dúnmharú Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana20 Márta 2017 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhEochaill, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
ÍospartachDúnmharú Tina Satchwell Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna1 Cuir in eagar ar Wikidata
Eochaill: tá Sráid Grattan ar chlé (ní fheictear í)

Fuarthas Richard Satchell ciontach i ndúnmharú a mhná céile, Tina Satchwell (née Tina Dingivan; a rugadh ar an 30 Samhain 1972), ina dteach cónaithe in Eochaill i gContae Chorcaigh sa bhliain 2017.[1] Bhí Tina as Mainistir Fhear Maí, agus fógraíodh go raibh sí ar iarraidh ar an 24 Márta 2017. Bhí sí 44 bliain d'aois ag an am.

Fuarthas corp Tina curtha faoi shraith suiminte faoin straighre i dteach cónaithe na lánúine ar an 12 Deireadh Fómhair 2023.

Bhí Tina agus Richard Satchwell pósta ar feadh 25 bliain. Bhí an-grá ag Tina do chúrsaí faisin agus don dá mhadra a bhí aici, go háirithe a sí-abhabha beag, Ruby.

Chaith an fear seal sa bpríosún sna 2000idí as calaois a bhain le híocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Mhaígh sé gur tháinig athrú ar phearsantacht Tina i ndiaidh dá deartháir lámh a chur ina bhás féin i 2012. Bagraíodh a bhean air go rialta go scarfadh sí uaidh.[2] Thug sé le fios go raibh leanaí ag teastáil uaidh ach nár theastaigh óna bhean chéile leanbh a thabhairt ar an saol. "Ghéill mé don mhéid a bhí uaithi i gcónaí", a dúirt sé.[3]

Bhailíodh Satchwell a íocaíochtaí leasa shóisialaigh féin agus íocaíochtaí a mhná céile, a dúirt sé, agus thugadh sé an t-airgead ar fad di. Dúirt sé nach raibh aon smacht aige riamh ar chaiteachas sa teach agus go raibh sé sona leis an socrú sin. Dúirt sé go ndéanadh sí ionsaithe air go rialta; go raibh tríocha lorg greama ar a dhroim. Thug sé le fios nach ndearna seisean aon díobháil di riamh.[3]

In 2017, bhí na Satchwell ag cur fúthu in Eochaill Co Chorcaí ar Shráid Grattan agus bhí siad ina gcónaí ann le dhá bhliain ag an am. Ar an 24 Márta 2017, chuaigh Richard Satchwell go dtí na Gardaí i Mainistir Fhear Maí agus dúirt sé leo go raibh Tina Satchwell ar iarraidh le 4 lá.

Scéal Richard Satchwell ag an am

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'inis Satchwell bréaga arís agus arís eile do chairde agus do theaghlaigh Tina Satchwell, do na meáin agus do na Gardaí féin gur fhill sé abhaile i ndiaidh dó teachtaireachtaí a dhéanamh agus go raibh Tina Satchwell imithe, agus €26,000 dá dtaiscí tógtha léi in airgead tirim i mála.

Dúirt an fear go raibh sé i nDún Garbhán ar an 20 Márta. Nuair a tháinig sé abhaile an tráthnóna sin mhaígh sé go raibh a bhean imithe. Dúirt sé gur thóg sí dhá chás léi chomh maith le €26,000 in airgead taisce a bhí i bhfolach i mbosca san áiléar. Bhí a cuid eochracha, a guthán agus a cuid madraí fágtha ina diaidh aici.

Mhaígh sé gur d'fhág Tina é toisc go raibh a gcaidreamh imithe in olcas agus go raibh sí in ann a bheith foréigneach. Thug sé le fios do na Gardaí go ndearna Tina ionsaithe fisiciúla air go minic ach nach ndearna seisean amhlaidh riamh toisc go raibh a chroí istigh inti. Mhaígh sé go raibh pearsantacht i bhfad níos láidre ag Tina ná mar atá aige féin. Raiméis a bhí ann, agus dúirt Sarah Howard, gaol de chuid Tina, nach bhfaca sí Tina agus í trodach ná ionsaitheach lena fear céile riamh. Dúirt sí gur duine grámhar, le croí mór, a raibh an-ghrá aici d'ainmhithe a bhí i Tina.[4]

Dheimhnigh an fear go raibh ionfhabhtú riospráide ag cur isteach ar Tina agus go raibh sí imithe go Sasana chun cuairt a thabhairt ar a deirfiúr. Mhaígh sé go raibh rud éigin ag cur as do Tina sna míonna sular imigh sí ar iarraidh agus gur bhraith sé go raibh sos de dhíth uirthi lena cuid smaointe agus mothúcháin a chur in eagar.[5]

Luaigh sé nach raibh sé buartha fúithi. Nuair a fiafraíodh dó san agallamh cén fáth ar fhan sé 4 lá théis do Tina a bheith ar iarraidh sular chuir sé fios ar na Gardaí, dúirt sé go raibh a dhochtúir teaghlaigh ar aon intinn leis gur chóir dó roinnt ama a thabhairt di.

Ach tháinig neamhréireanna chun cinn ina scéal. Léirigh físeán CCTV agus sonraí ó ghuthán Richard nach raibh sé i nDún Garbhán an mhaidin a mhaígh gur d'imigh Tina ar iarraidh. An tuairim a bhí ag cuntasóir dlí-eolaíoch ná, nach mbeadh sé d'acmhainn ag Richard agus Tina Satchwell €26,000 a shábháil.

Bhíodh an lánúin ag freastal ar dhíolacháin as búit cairr go mion minic. Go gairid i ndiaidh do Tina imeacht ar iarraidh, chonacthas Satchwell ag díol éadaí a mhná céile agus a cuid bróg ag díolachán as búit cairr.[6]

Sheiceáil Gardaí físeáin CCTV thart ar Eochaill, cuireadh tús le feachtas ar na meáin shóisialta, lorgaíodh cabhair ó stáisiúin raidió agus teilifíse agus chuaigh siad ó dhoras go doras ag lorg eolais ón bpobal. . Cuardaíodh calafoirt, aerfoirt, cois cósta agus coillte in iarracht teacht ar Tina.

Trí mhí níos déanaí, bhí na Gardaí den tuairim gur tharla rud éigin do Tina agus lorgaíodh barántas cuardaigh don teach ina raibh sí féin agus Richard ina gcónaí. Ar an 7 Meitheamh 2017, rinne na Gardaí scrúdú ar theach Satchwell in Eochaill;[7] rinne siad praiseach den jab ag breathnú siar anois, Úrghabhadh gairis leictreonacha. Bhí an teach míshlachtmhar, bhí salachar ó mhadraí ar an urlár agus bhí an chuma air go raibh an staighre tógtha le h-adhmad úr nach raibh peinteáilte. Níos déanaí, thug Edward Connolly, saineolaí dlí-eolaíoch fianaise, nach bhfuair sé aon rian fola sa teach ach thug sé faoi ndeara go raibh obair athchóirithe déanta ar an staighre.[8]

I dtús mí an Mhárta 2018, chuir na Gardaí tús le cuardach i gcoill 40 acra cóngarach do Bhaile na Martra i ndiaidh dóibh "eolas" a fháil.  Bhí deireadh curtha leis an bhfeachtas cuardaigh ar an 16 Márta 2018.[9]

Bhí Satchwell ar fud na meán náisiúnta in 2017/2018 agus chloí sé leis an scéal céanna in agallaimh a rinne sé.[10][11] Rinne sé agallamh le Nuacht TV3 mí Iúil 2017 inar fiafraíodh dó ar mharaigh sé a bhean. Dheimhnigh sé nár mharaigh agus nár leag sé méar uirthi riamh in san 30 bliain a bhí siad le chéile. In agallamh eile ar TV3 dúirt sé nach bhféadfadh sé a dhéanamh amach cén fáth nach raibh sí i dteagmháil leis ó d'imigh sí. Dúirt Satchwell gur tháinig roinnt daoine i dteagmháil leis théis do Tina a ghabháil ar iarraidh, ag rá go raibh sí feicthe acu; thug sé na tuairiscí sin do na Gardaí.[5]

Ar an 10 Deireadh Fómhair, ghabh Gardaí Satchwell agus cuireadh tús le dianchuardach aon uair amháin eile i dteach na lánúine.

Ar an 11 Deireadh Fómhair 2023, rinne na Gardaí scrúdú ar theach cónaithe Satchwell aon uair amháin eile. Bhain siad leas as dhá mhiontochaltóir, scipe bruscair agus gearrthóir fásra agus iad i mbun an chuardaigh.[12] Fuarthas a cnámharlach i log folaithe faoin staighre sa teach in Eochaill. Léirigh taifid fiaclóireachta gurb í a bhí ann.[13][14] Bhí sí clúdaithe le leathán dubh agus í curtha in uaigh faoin staighre sa seomra suite agus an uaigh clúdaithe le suimint. Ní raibh paiteolaí an Stáit in ann údar a báis a thabhairt.

Sochraid phríobháideach a bhí ann do Tina ar an 25 Deireadh Fómhair ina baile dúchais. Mainistir Fhear Maí i dtuaisceart Chorcaí. Ach mhoilligh an t-eileatram lasmuigh den teach inar tógadh í i bPlás Naomh Bearnaird ar an mbaile. Stad daoine áitiúla feadh na sráide agus ghearr siad fíor na Croise orthu féin mar chomhartha dobróin.[15]

Leithscéal nua

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Richard Satchwell, 57 bliain ag an am, cúisithe faoi dheireadh ina dúnmharú. Mhaígh sé ansin go raibh sé taobh amuigh sa seid ar chúl an tí agus nuair a tháinig sé isteach, go raibh a bhean chéile ag bun an staighre, gléasta i róba folctha agus go raibh siséal ina lámh aici. Dúirt sé go raibh sí ag scríobadh phlástarchláir a bhí curtha in airde aige féin agus gur d'ionsaigh sí é leis an siséal nuair a cheistigh sé í faoi cad a bhí ar bun aici.[6]

Thit sé ar an dtalamh - a dúirt sé - agus bhí sí anuas air ag iarraidh é a shá leis an siséal. Mhaígh go raibh sé ag iarraidh é fhéin a chosaint le crios a bhí cóngarach dá muineál agus gur úsáid sé an crios sin chun í chóiméad uaidh. Dúirt sé gur thit Tina anuas ina ascaill agus í marbh.[6]

Bhog sé corp a mhná céile isteach i reoiteoir sa seid dhá lá ina dhiaidh sin. Dúirt sé gur thóg sé isteach ón reoiteoir í cúpla lá ina dhiaidh sin, go ndearna sé uaigh a thochailt, gur chuir sé leathán dubh mórthimpeall ar a corp, agus ansin gur chuir sé san uaigh faoin staighre í. Chuir sé suimint anuas ar an uaigh ina dhiaidh sin.[6]

I gCúirt Dúiche Chluain Meala ar an 12 Márta 2024, dúirt an Breitheamh Brian O'Shea nár mhór do na Gardaí an leabhar fianaise a chur i láthair na cúirte faoin 26 Márta, é sin nó d'fhéadfaí an cás a chaitheamh amach.[16]

Na Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla i mBÁC

Sa Phríomhchúirt Choiriúil i mBÁC ar an 29 Aibreán 2025, phléadáil Richard Satchwell neamhchiontach i ndúnmharú a mhná céile.

Ar an 29 Bealtaine 2025, fuarthas Satchwell ciontach i ndúnmharú a mhná céile. Mhair an triail ceithre seachtaine agus thug breis agus 50 finné fianaise lena linn. Chaith an giúiré naoi n-uaire go leith i mbun machnaimh sular fógraíodh an breithiúnas.

Gearradh príosún saoil - píonós atá éigeantach i gcás dúnmharaithe - ar Richard Satchwell,[1][17] Sular ghearr an breitheamh pianbhreith ar an gciontóir inniu, rinne teaghlach Tina Satchwell cur síos sa chúirt ar an gcaoi a ndeachaigh an dúnmharú i gcion orthu. Dúirt a deirfiúr Lorraine Howard nach raibh sí ann ithe ná dul a chodladh mar go raibh sí i gcónaí ag cuimhneamh ar fhulaingt Tina agus ar an gcaoi ar folaíodh a corp.[18]

Athbhreithniú

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé follasach, ag breathnú siar ar an gcás, cá raibh corp Tina Satchwell curtha i bhfolach ag a fear céile. In ainneoin gur chuardaigh na Gardaí an teach in 2017, ní bhfuarthas cnámhiarsmaí Tina Satchwell faoin staighre sa teach go dtí Deireadh Fómhair 2023, sé bliana go leith ó chonacthas í go deireanach. Os a choinne sin, ní bhfuair an fóiréinseolaí in 2017 aon spreachall fola sa teach ag an am. Cuirfear tuarascáil faoin athbhreithniú ar an gcás chuig an Aire Dlí agus Cirt agus chuig an Údarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail, an ghníomhaireacht reachtúil neamhspleách atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an nGarda Síochána.[19]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2025-05-30). "Richard Satchwell ciontach i ndúnmharú Tina Satchwell" (as ga-IE). 
  2. Dúirt sé gur tháinig mórathrú ar a pearsanacht ó 2012 ar aghaidh. "Is fuath liom tú" agus "fágfaidh mé thú", a deireadh sí leis agus ansin, a dúirt sé, ghabhadh sí leithscéal leis. Tháing deireadh lena gcaidreamh collaí. ]Dúirt sé nár chuir sé riamh brú uirthi gnéas a bheith aici leis.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2025-05-09). ""Tháinig athrú ar phearsanacht Tina Satchwell"" (as ga-IE). 
  4. Nuacht RTÉ (2025-05-21). "Ní fhaca gaol Tina Satchwell í trodach le Richard Satchwell riamh" (as ga-IE). 
  5. 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2025-05-01). "Agallaimh sna meáin pléite sa gCúirt faoi mharú Tina Satchwell" (as ga-IE). 
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 Nuacht RTÉ (2025-04-29). "D'athraigh Richard Satchwell a scéal nuair a aimsíodh corp a mhná" (as ga-IE). 
  7. Nuacht RTÉ (2017-06-07). "Fiosrúchán ar bun in Eochaill faoi bhean atá ar iarraidh" (as ga-IE). 
  8. Nuacht RTÉ (2025-04-30). "Amhras gur tharla rud éigin do Tina Satchwell blianta ó shin" (as ga-IE). 
  9. Nuacht RTÉ (2018-03-16). "Deireadh le cuardach i gContae Chorcaí do Tina Satchwell" (as ga-IE). 
  10. RTÉ (2018-03-10). "Richard Satchwell Talks About his Wife's Disappearance | The Ray D'Arcy Show | RTÉ One". 
  11. RedFM (2018-03-12). "Richard Satchwell Speaks To Neil Prendeville | Cork's Red FM". 
  12. Nuacht RTÉ (2023-10-11). "Cás Tina Satchwell: teach in Eochaill á chuardach ag Gardaí" (as ga-IE). 
  13. Nuacht RTÉ (2023-10-13). "Taisí Tina Satchwell atá sna cnámhiarsmaí a fuarthas in Eochaill" (as ga-IE). 
  14. Nuacht RTÉ (2023-10-12). "Cnámha daonna faighte ag teach Tina Satchwell in Eochaill" (as ga-IE). 
  15. Nuacht RTÉ (2023-10-25). "Ómós tugtha do Tina Satchwell ina baile dúchais" (as ga-IE). 
  16. Nuacht RTÉ (2024-03-12). "'Baol ann go gcaithfear amach an cás i gcoinne Richard Satchwell'" (as ga-IE). 
  17. Nuacht RTÉ (2025-05-30). "Tina Satchwell: "Deirfiúr, aintín, col ceathrair & iníon dílis"" (as ga-IE). 
  18. Nuacht RTÉ (2025-06-04). "Príosún saoil gearrtha ar Richard Satchwell" (as ga-IE). 
  19. Nuacht RTÉ (2025-06-06). "Gardaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar chás Tina Satchwell" (as ga-IE).