Timthriall nítrigine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Athruithe dinimiciúla i nádúr na gcomhdhúile nítrigine ag timthriall idir atmaisféar, ithir is orgánaigh bheo. Cuimsíonn sé fosúchán nítrigine móilíní gásaí i gcomhdhúile nítrigineacha ag miocrorgánaigh, trí thintreach is próisis eile. Cuimsíonn sé freisin ocsaídiú amóinia chuig nítrít, agus ocsaídiú nítríte chuig níotráit ag orgánaigh aeróbacha (nítriginiú), dianscaoileadh ábhar orgánach trí lobhadh, agus sa deireadh scaoileadh nítrigine gásaí trí dhí-ocsaídiú níotráití is nítrítí, de ghnáth ag miocrorgánaigh anaeróbacha (dínítriginiú).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Timthriall nítrigine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 662.