Jump to content

Timpiste Bus Éireann i gContae na Mí, 2005

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTimpiste Bus Éireann i gContae na Mí, 2005

Ar 23 Bealtaine 2005, maraíodh cúigear nuair a d'iompaigh bus scoile ar a thaobh ar an mbóthar idir an Uaimh agus Baile an Cheantaigh, agus é á thiomáint timpeall cúinne.[1][2]

Na híospartaigh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maraíodh cúigear cailíní san eachtra. B'iad Lisa Callan, cúig bliana déag, Clare McCluskey, ocht mbliana déag, Aimee McCabe, cúig bliana déag, Deirdre Scanlon, seacht mbliana déag agus Sinéad Ledwidge, cúig bliana déag, a cailleadh sa timpiste. Gortaíodh go leor de na 51 déagóir eile a bhí ar bord.

Bhí ceathrar de na mairbh ag freastal ar Mheánscoil Naomh Micheál Loreto, an Uaimh, agus duine amháin ar Choláiste Beaufort. Gortaíodh daltaí ó dhá scoil eile ar an mbus, Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig ina measc.[1]

Níos déanaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharraing an eachtra aird na meán, ní hamháin in Éirinn, ach ar fud na cruinne.

Tá leac comórtha i gcuimhne na marbh ar an láthair anois, agus tá cúig chrann silíní ag fás ann.

Deir Bus Éireann go raibh an tragóid ar cheann amháin de na heachtraí b'uafásaí riamh i stair na heagraíochta.[3] Phléadáil Bus Éireann, Comhairle Chontae na Mí agus Garáiste Keltank Teoranta ciontach i gcúiseanna éagsúla a bhain leis an timpiste agus gearradh, in iomlán, €2.2m orthu.[1]

criosanna sábhála

D'éirigh sé éigeantach criosanna sábhála a chaitheamh an bhliain dar gcionn. Anois má tá criosanna sábhála feistithe, caithfidh tiománaithe agus paisinéirí araon iad a chaitheamh. Tá freagracht ar an tiománaí a chinntiú go bhfuil srian oiriúnach ar phaisinéirí faoi 17 mbliana d’aois. Caithfidh na criosanna sábhála cuí nó na srianta sábháilteachta cuí a bheith feistithe i ngach bus a iompraíonn leanaí don líon leanaí atá á iompar.[4][5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 Nuacht RTÉ (2025-05-23). "20 bliain ó thimpiste bus scoile san Uaimh, inar maraíodh cúigear" (as ga-IE).
  2. "RTE News - Five schoolgirls killed in Co Meath crash". web.archive.org (2005-05-26). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2005-05-26. Dáta rochtana: 2025-05-23.
  3. cie.ie (2005). "Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais 2005". Dáta rochtana: 2025.
  4. Faoi na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Déanamh, Trealamh agus Úsáid Feithiclí) (Leasú), 1971, na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Déanamh, Trealamh agus Úsáid Feithiclí) (Leasú), 1991 agus I.R. 240/2006 na gComhphobal Eorpach (Úsáid Éigeantach Criosanna Sábhála agus Córais Feistí Sriantacha do Leanaí i Mótarfheithiclí)
  5. Citizensinformation.ie. "Criosanna sabhála a úsáid in Éirinn" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-05-23.