Timbeactú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilTimbeactú
Tombouctou (fr)
تمبكتو (ar) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 16°46′24″N 2°59′58″W / 16.7733331°N 2.9994439°W / 16.7733331; -2.9994439
Stát ceannasachMailí
Réigiún i MailíRéigiún Thimbeactú Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán35,330 (2012) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús238.89 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla14,789 ha Cuir in eagar ar Wikidata
Airde261 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Is cathair ársa i Mailí í Timbeactú (Fraincis: Tombouctou; Songais Iartharach: Tumbutu; Tuairgis: ⵜⵀⵗⵜ, nó Tin Buqt). Tá sé suite 20 km ó thuaidh d'Abhainn na Nígire. Is é príomhchathair Réigiún Thimbeactú, ceann de na hocht réigiún riaracháin i Mailí, agus bhí 54,453 duine ina gcónaí sa chathair de réir an daonáirimh in 2009.

Ba lonnaíocht shéasúrach é Timbeactú ar dtús, ach bunaíodh lonnaíocht buan ann go luath sa 12ú haois. Tar éis athrú ar na bealaí trádála sa Sahára, go háirithe tar éis gur thug Mansa Musa cuairt ar an gcathair timpeall 1325, tháinig rath ar Timbuktu ó thrádáil salainn, óir, agus eabhair. D'fhás sé de réir a chéile mar chathair thábhachtach Ioslamach ar bhealach trádála an tSahára, agus mheall sé go leor scoláirí agus trádálaithe sular gabhadh isteach in Impireacht Mhailí é go luath sa 14ú haois. Sa chéad leath den 15ú haois, ghabh na Tuargaigh seilbh ar an gcathair ar feadh tréimhse gairide go dtí gur tógadh isteach in Impireacht na Songach é in 1468.

Chloígh arm Maracach na Songaigh in 1591 agus bhunaigh na hionróirí príomhchathair i dTimbeactú seachas in Gao. Bhunaigh siad aicme cheannais nua freisin, na hArma, a bhí neamhspleách ar Mharacó, a bheag nó a mhór, tar éis 1612. Meastar gurb é seo deireadh ré órga na cathrach mar lárionad léinn agus cultúir, ré a mhair ón 14ú haois go dtí an 16ú haois. Bhí treibheanna éagsúla i gceannas ar an gcathair go dtí gur ghlac na Francaigh seilbh ar Mhailí sa bhliain 1893. Shaor pobal Mhailí iad féin ón choilíneachas sa bhliain 1960, nuair a bunaíodh Poblacht Mhailí. Sa lá atá inniu ann, tá Timbeactú faoi bhochtaineacht agus is mór an fhadhb an gaineamhlú sa cheantar máguaird.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]