Jump to content

Timéis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Timéistmesis, focal Gréigise é a chiallaíonn “gearradh”. Gearrtar focal ⁊ cuirtear focal eile idir an dá leath:

fan-fucking-tastic

Sa tSean-Ghréig is é an briathar a ghearrtar sa lár:

no-m-coíma  = go raibh sé caomh dom / go gcaomhna sé mé

no-m-Choimmdiu-coíma = go raibh an Coimdhe caomh dom

Faightear tmesis i seanteangacha IE eile. Sa Kaṭhopaniṣad, mar shampla:

pra te bravīmi, tad u me nibodha Insím duit, é sin uaim foghlaim

Anseo is “prabravīmi = insím” an briathar a gearradh. Cuireadh “te = duit” ina lár.