Tiúilip
Tulipa ![]() | |
---|---|
![]() Tulipa suaveolens ![]() | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | tulip (en) ![]() ![]() |
Gnáthóg | ithir thirim ![]() |
Planda | |
Cineál an toraidh | capsúl ![]() |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Liliales |
Fine | Liliaceae |
Fofhine | Lilioideae |
Géineas | Tulipa ![]() L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Tulipa gesneriana ![]() |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin |
Bleib is ea tiúilip,[1] atá dúchasach don Eoraip is an Áise, réigiúin na steipeanna go háirithe mar a mbíonn an geimhreadh fuar is an samhradh te tirim.

Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fásann na gais díreach suas.
Na duilleoga caol nó ubhchruthach, uaireanta corrach.
Na bláthanna aonarach nó i ngrúpa de 2-6 cinn, i raon cruthanna is dathanna ach de ghnáth mór feiceálach, le 6 theascán iombhlátha cruinn nó biorach.
Tionscal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saothraítear mar mhaisiúchán leis na céadta bliain í, agus tá tionscal mór idirnáisiúnta bunaithe san Ollainn ar na mílte saothróg tiúilipí.[2] I dtithe gloine a fhástar mórchuid bhláthanna ard-ráchairte, agus tiúilipí go háirithe.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba í an tiúilip ba chúis leis an gcéad ollchliseadh stocmhargaidh i stair na cruinne – féach ar an scannán Tulip Fever (2017) de chuid Harvey Weinstein, a scannán deireanach.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, tulip
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tiúilip". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 666.
- ↑ Alex Hijmans (19 Márta 2025). "Roundup agus ceithre chúis eile nár chóir bláthanna a cheannach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-19.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |