Jump to content

Tuar Mhic Éadaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Thuair Mhic Éide)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilTuar Mhic Éadaigh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 39′ 00″ N, 9° 22′ 00″ O / 53.65°N,9.3667°W / 53.65; -9.3667
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla172.26 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde58 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1375331

Baile i ndeisceart Chontae Mhaigh Eo is ea Tuar Mhic Éadaigh.[1] Tá sé ar an limistéar Gaeltachta is faide ó thuaidh i gceantar Gaeltachta Dhúiche Sheoigheach, ceantar a shíneann thar theorainneacha sléibhtiúla na Gaillimhe agus Mhaigh Eo. Cuimsíonn ceantar Thuar Mhic Éadaigh an stráice talún idir Loch Measca agus Sliabh Phartraí a shíneann ó theorainn na Gaillimhe ag Droichead an tSnámha (sna Fionnaithe) sa deisceart go Droichead Dhoire Mhór (i gceantar na Sraithe) sa Tuaisceart.

Cé gurb é Tuar Mhic Éadaigh príomhbhaile an cheantair tá Fionnaithe, Coill an tSiáin agus an tSraith fós ag feidhmiú mar mhionbhailte sa cheantar. Sa bhliain 1905, bhunaigh Conradh na Gaeilge Coláiste Chonnacht, áit inar cuireadh Éamon de Valera in aithne do Shinéad Ní Fhlannagáin. Coláiste Gaeilge a bhí ann do mhúinteoirí Gaeilge agus do lucht an chonartha. Bhunaigh Gaeltarra Éireann monarcha cniotála i bhfoirgneamh an choláiste blianta ina dhiaidh sin. Tá monarcha cniotála ag Gaeltarra Éireann ar an mbaile fós. Tá Coláiste Muire, meánscoil lán-Ghaeilge, suite ar bhruach Loch Measca. Ba choláiste ullmhúcháin do mhúinteoirí a bhí ann i dtosach, ansin meánscoil chónaithe do chailíní faoi chúram Shiúracha na Trócaire, sula ndearnadh meánscoil lae as. Tá an ceantar suite ar bhruach thiar Loch Measca, agus bhí giota beag den cheantar ó dheas i gCo. na Gaillimhe go dtí 1898. Ar an 3ú Bealtaine, 1921, le linn Chogadh na Saoirse, tharla luíochán tábhachtach ar an mbaile.

Mhair an t-aisteoir Sasanach Robert Shaw (a bhfuil aithne mhaith air i ngeall ar na scannáin Jaws agus The Sting) ann i dTeach Droim Bán go dtí uair a bháis i 1978.

Rugadh an t-aisteoir Mick Lally ann i 1945. Is as baile Thuar Mhic Éadaigh do Mháire Ní Thuathail a bhunaigh EO Teilifís ar an Spidéal.

Sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007 áiríodh an toghroinn is faide ó dheas (Abhainn Bhrain - Maigh Eo) agus an toghroinn theorantach (An Ros - Gaillimh) i gCatagóir B agus na toghranna eile ar fad i nDúiche Sheoigheach i gCatagóir C.

An tEas i dTuar Mhic Éadaigh

Léitheoireacht bhreise

[cuir in eagar | athraigh foinse]