Jump to content

Thomas Wentworth, 1ú Iarla Strafford

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaThomas Wentworth, 1ú Iarla Strafford

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith13 Aibreán 1593 (Iúlach)
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Bealtaine 1641
48 bliana d'aois
Tower Hill, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Dícheannadh)
Áit adhlacthaOld Holy Trinity Church, Wentworth (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Fear Ionaid na hÉireann
1633 – 1640
Ard-Leifteanant Yorkshire
1628 – 1641
Ball de Pharlaimint 1621-22

Toghcheantar: Yorkshire
Feisire de Pharlaimint 1614

Toghcheantar: Yorkshire
Ball de Pharlaimint 1624-25

Toghcheantar: Pontefract
Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAnglacánachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Naomh Eoin, Cambridge Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, saighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Suíomh a chartlainne
Eile
Teideal uasalEarl of Strafford (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileLady Arabella Holles (en) Aistrigh
Lady Margaret Clifford (en) Aistrigh
Elizabeth Rodes (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíLucy Hay Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteWilliam Wentworth
 ( Lady Arabella Holles (en) Aistrigh)
Lady Anne Wentworth (en) Aistrigh
 ( Lady Arabella Holles (en) Aistrigh)
Margaret Wentworth (en) Aistrigh
 ( Elizabeth Rodes (en) Aistrigh)
Thomas Wentworth (en) Aistrigh
 ( Elizabeth Rodes (en) Aistrigh)
Lady Arabella Wentworth (en) Aistrigh
 ( Lady Arabella Holles (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairSir William Wentworth, 1st Bt. (en) Aistrigh  agus Anne Atkinson (en) Aistrigh
SiblínSarah Rede (en) Aistrigh agus Elizabeth Wentworth (en) Aistrigh
Gradam a fuarthas


Goodreads character: 73117 Find a Grave: 148850127 Cuir in eagar ar Wikidata
Armas Thomas Wentworth, 1ú Iarla Strafford, KG

Státaire Sasanach ab ea Thomas Wentworth, 1ú Iarla Strafford (13 Aibreán 1593 – 12 Bealtaine 1641). Ba phearsa lárnach é sa tréimhse roimh Chogadh Cathartha Shasana. Thug sé seirbhís sa Pharlaimint agus bhí sé ina thaca láidir ag an Rí Séarlas I. Ó 1632 go 1640 bhí sé ina Fhear Ionaid an Rí in Éirinn, áit ar bhunaigh sé riail láidir údarásúil. Athghaireadh go Sasana é, agus rinneadh príomhchomhairleoir de don Rí, agus é ag iarraidh an seasamh ríoga i gcoinne na Parlaiminte a neartú. Nuair a dhaor an Pharlaimint an Tiarna Strafford chun báis, shínigh Séarlas an barántas báis go drogallach agus cuireadh Strafford chun báis. Cuireadh é chun cinn arís agus arís eile i bPiaracht Shasana le linn a shaoil: rinneadh an Chéad Bharún Wentworth de sa bhliain 1628, an Chéad Bhíocunta Wentworth go déanach i 1628 nó go luath i 1629, agus, ar deireadh, an Chéad Iarla Strafford i mí Eanáir 1640. Tugadh an Ridire Thomas Wentworth, an Dara Bharún, air idir 1614 agus 1628.

Rugadh Wentworth i Londain. Ba mhac é le Sir William Wentworth, an 1ú Barún, as Wentworth Woodhouse, in aice le Rotherham, ball de shean-theaghlach Yorkshire, agus le Anne, iníon Sir Robert Atkins as Stowell, Gloucestershire .[1] Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Naomh Eoin, Cambridge, rinneadh mac léinn dlí de ag an Teampall Istigh sa bhliain 1607, agus rinneadh ridire de sa bhliain 1611. Phós sé Margaret ar dtús, iníon Francis Clifford, Iarla Cumberland agus Grisold Hughes.[1]

Gairm luath parlaiminte

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh an Ridire óg Thomas Wentworth, an 2ú Barún, isteach i bParlaimint Shasana sa bhliain 1614, mar ionadaí Yorkshire san "Addled Parliament" (ga;Parlaimint Scaipthe, ach níor ghlac sé páirt i ndíospóireacht go dtí parlaimint 1621, inar shuigh sé don toghlach céanna. Bhí a sheasamh débhríoch. Níor léirigh sé bá le díograis an pháirtí a raibh gnaoi na ndaoine air ar son cogaidh leis an Spáin, [1] a thacaigh George Villiers, an 1ú Diúc Buckingham, príomhchomhairleoir agus a bhí istigh leis Rí Séarlas I.[2] ach is cosúil gur spreag séanadh Shéamais ar chearta agus ar phribhléidí na parlaiminte, Wentworth chun páirt a ghlacadh i gcosaint éilimh Theach na dTeachtaí, agus thacaigh sé leis an agóid a dhíscaoil an tríú parlaimint de chuid Shéamais.[1]

Sa bhliain 1622, fuair chéad bhean chéile Wentworth, Margaret Clifford, bás. De réir a chairde, bhí Wentworth an-bhrónach faoina bás; ach i mí Feabhra 1625 phós sé Arabella Holles, iníon John Holles, 1ú Iarla Clare agus Anne Stanhope: pósadh a chreidtí go forleathan a bheith ina fhíorchleamhnas grá ar an dá thaobh. Rinne sé ionadaíocht ar Pontefract san Happy Parliament (Parlaimint Shona)i 1624, ach is cosúil nár ghlac sé aon pháirt ghníomhach ann. Chuir sé in iúl gur mhian leis deacrachtaí eachtracha a sheachaint agus "gnóthaí an Chomhlathais a dhéanamh ar dtús".[1]

I bparlaimint thosaigh Charles I, i mí an Mheithimh 1625, rinne Wentworth ionadaíocht ar Yorkshire arís, agus léirigh sé a naimhdeas i leith an chogaidh a bhí beartaithe leis an Spáinn, tráth a thacaigh sé le rún chun cur ar athló, sula ndeachaigh an teach i mbun oibre. Chuir sé i gcoinne an éilimh ar fhóirdheontais chogaidh a rinneadh thar ceann Buckingham [1] — tar éis bhás Shéamas I, rinneadh Buckingham ina chéad-aire do Shéarlas — agus tar éis don Pharlaimint díscaoileadh i mí na Samhna, ceapadh é ina Ard-Sirriam Yorkshire, post a chuir cosc air páirt a ghlacadh sa pharlaimint a tháinig le chéile i 1626. Ach níor ghlac sé riamh dearcadh eascairdeas chun an Rí. Bhí a sheasamh an-difriúil ó sheasamh an fhreasúra rialta. Bhí fonn air freastal ar an gCoróin, ach níor aontaigh sé le polasaí an Rí.[1]

I mí Eanáir 1626 d'iarr Wentworth a bheith ina uachtarán ar Chomhairle an Tuaiscirt, agus agus fuair sé fáilte mholtach ó Buckingham. Ach tar éis lánscoir na parlaiminte, cuireadh as oifig é mar giúistís síochána agus mar custos rotulorum Yorkshire—a bhí aige ó 1615—is dócha toisc nár theastaigh uaidh tacú leis an gcúirt ina iarracht airgead a éileamh ar an tír gan toil pharlaiminte. I 1627, dhiúltaigh sé cur leis an iasacht d’éigean, agus agus gabhadh é dá bharr.[1]

An Achainí um Chearta agus a iarmhairt

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1628, bhí Wentworth ar dhuine de lucht tacaíochta níos glóraí don Achainí um Chearta ((Petition of Right)), a rinne iarracht srian a chur le cumhacht an Rí. Chomh luath agus a ghlac Séarlas go drogallach leis an Achainí, mheas Wentworth go raibh sé oiriúnach tacú leis an gcoróinn, ag rá, "The authority of a king is the keystone which closeth up the arch of order and government". Mar thoradh air sin bhí sé brandáilte ina fhealltóir.[3]

I bparlaimint na bliana 1628, chuaigh Wentworth leis na ceannairí a raibh an-tóir orthu agus iad in aghaidh cánachais dírialta agus príosúnachta, ach rinne sé iarracht a chuspóir a bhaint amach gan an Choróin a mhaslú. B'eisean a bhí i gceannas ar an ngluaiseacht le haghaidh bille a dhaingneodh saoirsí an ghéillsínigh chomh hiomlán agus a rinne an Achainí um Chearta níos déanaí, ach ar bhealach nach rachadh chomh mór i gcoinne an Rí. Theip ar an togra mar gheall ar nádúr neamhghéilliúil an pháirtí pharlaimintigh agus diúltú stuacach Shéarlais géilleadh a dhéanamh, agus sciob John Eliot agus Edward Coke an cheannaireacht ó lámha Wentworth. Níos déanaí sa tseisiún, tharla coimhlint idir é agus Eliot, toisc gur theastaigh ó Wentworth teacht ar chomhréiteach leis na Tiarnaí, ionas go mbeadh seans ag an Rí gníomhú gan srian i gcás éigeandála speisialta.[3]

Ar an 22 Iúil 1628, ní i bhfad i ndiaidh an dhíscoir, rinneadh ridire de de Wentworth,[4] agus gealladh go mbeadh sé ina uachtarán ar Chomhairle an Tuaiscirt (Council of the North.), ag an gcéad fholúntas eile. Níor thug sé seo le fios aon athrú prionsabail. Ní raibh sé anois ar aon intinn leis an bPáirtí Parlaiminteach ar dhá mhór-ábhar beartais: agus é ag easaontú le rún na Parlaiminte cumhachtaí an fheidhmeannais a ghlacadh agus lena claonadh i dtreo an Phiúratánachais freisin. Nuair a tharla an scoilt, d'fhás sí go nádúrtha níos leithne, go páirteach ón bhfuinneamh a chuir gach páirtí isteach ina chuid oibre, agus go páirteach ó na naimhdis phearsanta a tháinig chun cinn.[3]

Go fóill, ní raibh baint dhíreach ag Wentworth le rialtas na tíre. Tar éis fheallmharú Buckingham, áfach, i mí na Nollag 1628, rinneadh Bíocunta Wentworth de agus ní fada ina dhiaidh sin ina uachtarán ar Chomhairle an Tuaiscirt.[3] San óráid a tugadh i Eabhrac ar dhul in oifig dó, d'fhógair sé go raibh sé ar intinn aige, beagnach i bhfocail Francis Bacon, a dhícheall a dhéanamh chun sainphribhléidí na Corónach agus saoirsí an ghéillsinigh a cheangal le chéile in aontas do-scartha. Dúirt sé; “Whoever ravels forth into questions the right of a king and of a people shall never be able to wrap them up again into the comeliness and order he found them".[3] Bhí a chuid teaicticí mar an gcéanna leo siúd a chleacht sé ina dhiaidh sin in Éirinn, as a dtiocfaidh an cúiseamh gur bheartaigh sé gach cumhacht a lárú leis an bhfeidhmeannas ar chostas an duine aonair ar neamhchead do shaoirsí bunreachtúla.[3]

Chríochnaigh seisiún parlaiminteach na bliana 1629 i scoilt idir an Rí agus an Pharlaimint, a rinne cúram an cheannasaí éadóchasach. B'éigean do Wentworth rogha a dhéanamh idir ceachtar acu; cabhrú le Teach na dTeachtaí smacht a choinneáil ar an Rí, nó cabhrú leis an Rí Teach na dTeachtaí a smachtú. Roghnaigh sé an cúrsa deireanach sin, ag tabhairt faoin obair smachtaithe le fuinneamh sainiúil agus ag maíomh go raibh sé ag coinneáil an tsean-bhunreachta beo agus go raibh a chuid freasúra sa Pharlaimint ag iarraidh é a athrú trí ardcheannas a éileamh don Pharlaimint. Ón am seo ar aghaidh, ghníomhaigh sé mar dhuine de bheirt phríomhbhall (an duine eile ná an tArdeaspag William Laud as Canterbury) i bhfoireann príomhchomhairleoirí ríoga (an "Thorough Party") ") le linn tréimhse 11 mbliana de riail iomlán monarcach gan pharlaimint (ar a dtugtar "the Personal Rule" agus an "eleven-year tyranny").[5]

An Achainí um Chearta agus a hiarmhairtí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1628, bhí Wentworth ar dhuine de lucht tacaíochta na hAchainí um Chearta, a rinne iarracht cumhacht an Rí a shrianadh.[1] Nuair a ghlac Séarlas leis an Achainí go doicheallach, mhothaigh Wentworth gur chuí tacú leis an choróin, ag rá, "The authority of a king is the keystone which closeth up the arch of order and government".[2] Dá bhrí sin, brandáladh mar fhealltóir é.[1]

hI bparlaimint na bliana 1628, chuaigh Wentworth leis na ceannairí a raibh an - tóir orthu agus iad in aghaidh cánachais threallaigh agus príosúnacht, ach rinne sé iarracht a chuspóir a bhaint amachl gan an Choróin a mhaslú. Bhí sé i gceannas ar an ngluaiseacht do bhille a bheadh tar éis saoirsí an ábhair a dhaingniú chomh hiomlán agus a rinne Achainí an Chirt ina dhiaidh sin, ach ar bhealach nach raibh chomh maslach leis an Rí. Theip ar an togra seo mar gheall ar dhá rud: nádúr neamh-chomhréitigh an pháirtí pharlaimintigh, agus an diúltú ceanndána Séarlais géilleadh ar bith a dhéanamh, agus sciob John Eliot and Edward Coke an cheannaireacht ó lámha Wentworth. Níos déanaí sa tseisiún, tharla achrann idir é agus Eliot toisc gur theastaigh ó Wentworth teacht ar chomhréiteach leis na Tiarnaí, d’fhonn spás a fhágáil don Rí gníomhú gan srian in éigeandáí speisialta. [1]

Fear Ionaid na hÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Thomas Wentworth, 1ú Iarla Strafford in armúr plátáilte 1639, portráid eile le Sir Anthony van Dyck

Rinneadh ríchomhairleoir den 1ú Bíocunta Wentworth, mar a rinneadh dó, i mí na Samhna 1629. Ar an 12 Eanáir 1632 ceapadh ina Fhear Ionaid na hÉireann é,[6] agus tháinig sé go Baile Átha Cliath ar an 23 Iúil an bhliain dár gcionn.[7] Bhí cailliúint a dhara bean chéile ghrámhar Arabella aige nuair a bhí sí ar a leaba luí seoil. In ainneoin an bhróin dhílis sin ar Arabella, ba phósadh sona é an tríú pósadh a bhí aige le hEilís Rhodes sa bhliain 1632 freisin; ach trí hiomrall breithiúnais, níor fhógair sé é go poiblí ar feadh beagnach bliana, agus faoin am sin bhí ráflaí díobhálacha faoi bhean óg a bheith ina teach (a luadh mar a leannán luí), tar éis scaipeadh go forleathan. Deir Wedgwood gur ghnách le Wentworth gan aird a thabhairt ar an drochthuairim a d’fhéadfadh gníomhartha mar seo a dhéanamh ar an bpobal.[8] Rinne luaidreán a ainm a nascadh ina dhiaidh sin le hainm Eleanor Loftus, banchliamhain Adam Loftus, 1ú Bíocunta Loftus, Ard-Seansailéir na hÉireann, ach cé go raibh nasc láidir eatarthu, agus gur chuir a bás i 1639 isteach go mór air, níl aon fhianaise ann go ndeachaigh a gcaidreamh thar chairdeas.[9]

Ina rialtas anseo, chruthaigh sé gur rialaitheoir inniúil a bhí ann. Scríonh Sir Thomas Roe chuig Elizabeth Stuart na Boihéime ;"The lord deputy of Ireland doth great wonders and governs like a king, and hath taught that kingdom to show us an example of envy, by having parliaments and knowing wisely how to use them." D'athchóirigh sé an riarachán, agus é ag ruaigeadh na n-oifigeach neamhéifeachtach Sasanach in áit na mbonn. D’éirigh leis na parlaimintí a ionramháil go dtí go bhfuair sé na deontais riachtanacha, agus gur chinntigh sé a gcomhoibriú i reachtaíocht úsáideach éagsúla. Chuir sé tús le trádáil bhiatachais leis an Spáinn, chuir sé déantúsaíocht línéadaigh chun cinn, agus spreag sé forbairt acmhainní na tíre ar go leor bealaí. Rinneadh Cúirt Dhlísheomra an Chaisleáin, a mhacasamhail Éireannach den Star Chamber, a bhí ag feidhmiú go tréimhsiúil amháin go dtí an t-am sin, ina chuid rialta agus éifeachtach de riarachán na hÉireann.[10]

Ba é an chéad mhór-rath a bhain sé amach mar Leas-Iarla ná an phíoráideacht a dhíothú – rud a d'fhág, i dteannta le riarachán níos éifeachtaí ar an gcustam, go raibh borradh faoi ioncam chustaim na hÉireann. Flanders Roimhe sin, bhíodh príobháideoirí Spáinneacha ag creachadh loingseoireachta na hÉireann, ach tháinig laghdú suntasach ar na na creachta sin de bharr caidreamh feabhsaithe idir Sasana agus an Spáinn ó 1630. D'imir Wentworth a chion féin trí thacaíocht lóistíochta a chur ar fáil don chabhlach agus iad ag iarraidh cur in aghaidh na bhfoghlaithe, agus trí earcú na nÉireannach a cheadú le haghaidh seirbhíse in arm na Spáinne. I rith 1632–1634, d’imigh 6,000 Éireannach chun an Fhlóndras Spáinní, agus lean an próiseas seo ar aghaidh go dtí 1636. D’imigh líon mór daoine a d’fhéadfadh a bheith ina maistíní is dígeanta as an tír, agus freisin neartaíodh an deachaidreamh leis an Spáinn – rud a bhí ina thosaíocht ag Wentworth. Thuig sé go raibh gá aige réimeas na Stíobhartach a dhaingniú sa bhaile, agus ba é a chomhairle i gcónaí ná béasaíocht sHíochánta eachtrach agus cairdeas a chothú leis an Spáinn.

Pharlaimint na hÉireann 1634-5

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gan mhoill tar éis dó teacht i gcomharbas, d'fhógair Wentworth a rún chun parlaimint na hÉireann a ghairm - rud a léadh go forleathan mar chomhartha go rialódh sé ar bhealach comhthoilíoch. Mar thoradh ar thoghcháin 1634 a bainistíodh go cúramach, bhí tromlach beag Protastúnach i dTeach na dTeachtaí, rud a d’éascaigh a thaicticí ‘scar is treascair’. Ina chéad óráid don pharlaimint (Iúil 1634)thug sé le tuiscint go láidir, mar mhalairt ar vótáil na parlaiminte ar fhóirdheontais, go dtacódh sé le hachtú na grasta (‘the graces’)) ina ndlí. Ba roinnt lamháltas bunreachtúil agus dlíthiúil iad seo do ghearáin Chaitliceacha, a gheall an rí i 1628 ach nár daingníodh. Dheimhnigh an gealltanas intuigthe seo tacaíocht an pháirtí Chaitlicigh sa pharlaimint do Wentworth. Bhí drogall ar na baill Protastúnacha cuma níos lú dílseachta a bheith orthu ná a gcéile comhraic Chaitliceacha; mar gheall ar a n-imní faoi intinn an riaracháin nua, bhí meas mall acu cheana féin ar na cosaintí bunreachtúla a chuir na na grasta ar fáil. Dá réir sin, vótáil parlaimint na hÉireann d’aonghuth sé fhóirdheontas don rialtas.

Le linn an tsosa idir deireadh an chéad seisiún den pharlaimint i mí Lúnasa agus tús an dara seisiún i mí na Samhna, d'fhógair Wentworth nach ndeonófaí an grásta ba mhó a theastaigh, is é sin ráthaíocht shábháilteacht maoine do shealbhóirí a raibh sealbh acu ar a gcuid tailte le breis is trí scór bliain, agus nach ligfeadh an rialtas formhór na ngrásta eile ach de réir a thola féin amháin. Chuir an chaimiléireacht seo a bhainfeadh an anáil díot, uafás ar na hionadaithe caitliceacha agus chaill an rialtas greim sealadach ar an teach íochtarach i rith an dara seisiúin dá bharr. Cé gur mhaígh Wentworth gur ó Chaitlicigh amháin a tháinig an fhreasúra seo, vótáil go leor feisirí agus piaraí Protastúnacha in aghaidh billí rialtais freisin nó staon siad. Ina óráid don pharlaimint an 27ú Samhna, shéan sé go huile is go hiomlán aon reachtaíocht a dhéanfadh teideal maoine a chosaint, agus thug sé le fios, ach níor fhógair sé go hiomlán, go raibh sé ar intinn aige cur le plandáil Chúige Chonnacht, cúige a raibh an chuid is mó de mhuintir na hÉireann ina gCaitlicigh ann. Go ríthábhachtach, dúirt sé go mbeadh an teideal d’fhearann plandála i gCúige Uladh ráthaithe, agus chuir an deonú teaicticiúil seo do leasanna na bProtastúnach, in éineacht lena ghabháil ar a chuid criticeoirí parlaiminte ba ghlóraí, ar a chumas smacht a fháil ar ais ar teach íochtarach.

Mar thoradh air sin, lean an pharlaimint ar aghaidh chuig a tríú suí deiridh (Eanáir–Aibreán 1635), inar éirigh leis, nach mór, a chlár reachtach iomlán a rith, go bunúsach. Áiríodh leis seo mionathruithe ar na dlíthe a rialaigh úinéireacht agus oidhreacht mhaoin, rud a d'fhág sé níos deacra d'úinéirí talún a gcuid oibleagáidí feodacha agus airgeadais i leith na corónach a sheachaint. Fiú nuair nár éirigh leis an bhille a rialódh díol an phúdair ghunna,, d'eisigh a ríchomhairle gníomhas stáit den éifeacht chéanna gan mhoill – agus é á mhaíomh aige go raibh an t‑éifeacht dhlíthiúil chéanna ag an ngníomhas sin is a bhí ag reacht parlaiminte. Ní raibh aon scrupall ag Wentworth an próiseas reachtaíoch a shárú, ach murab ionann agus an rí – a raibh drogall fisiciúil beagnach air i leith parlaimintí – ba mhór aige gur bhronn ceadú parlaiminte dlisteanacht luachmhar ar thionscnaimh rialtais. Bhí anB’éigean don pharlaimint a bheith neodraithe, ní curtha ar ceal.

Ghlac sé smacht ar bhailiú fóirdheontais ón bparlaimint freisin, ag baint leasa as an údarás seo chun a chinntiú gur £250,000 a thiocfadh as na sé fhóirdheonta, chun a chinntiú go n-íocfadh na contaetha faoi úinéireacht talún na gCaitliceach den chuid is mó, sciar níos mó, nach raibh úinéirí talún cumhachtacha ag seachaint a sciar a íoc a thuilleadh. Thug na fóirdheontais seo saoirse do Wentworth Éire a rialú gan dul i muinín scothaicmí na ríochta, agus mhéadaigh siad go mór a stádas i súile an rí. Ach, chothaigh siad coimhthíos idir é féin agus na Caitlicigh go buan, a mhothaigh gur thugadh droim láimhe dóibh. Ar an láimh eile, tháinig na hionadaí Phrotastúnacha le chéile ar deireadh thiar thall taobh thiar de Wentworth sa pharlaimint, ag creidiúint go mbeadh sé faoi chomaoin acu feasta. Mealladh iadsan freisin. Ghlac sé smacht ar bhailiú fóirdheontais ón bparlaimint freisin, ag baint leasa as an údarás seo chun a chinntiú gur £250,000 a thiocfadh as na sé fhóirdheonta, chun a chinntiú go n-íocfadh na contaetha, faoi úinéireacht talún go Caitliceachgo n-íocfadh contaetha ina raibh úinéireacht talún go príomha Caitliceach níos mó, agus nach seachnódh úinéirí talún chumhachtacha a sciar a íoc a thuilleadh. Thug na síntiúis seo saoirse do Wentworth Éire a rialú gan dul i muinín mhórshaic na ríochta, agus mhéadaigh siad go mór a stádas i súile an rí. Ach, chuir sé na Caitlicigh ó dhoras go buan, ar mhothaigh siad gur thugadh droim láimhe dóibh. Os a choinne sin, bhí ionadaithe na bProtastúnach tar éis tacú le Wentworth sa pharlaimint sa deireadh, ag creidiúint go mbeadh sé faoi chomaoin acu feasta. Mealladh iadsan freisin.

Eaglais na hÉireann a Athnuachan

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é William Laud, ardeaspag Canterbury, a chomhghuaillí is gaire dó i Londain, a bhí, mar phríomhchomhairleoir eaglasta an rí, ag iarraidh go conspóideach leasuithe frithphiúratánacha, agus athchóirithe ardeaglaise a thabhairt isteach laistigh d'Eaglais Shasana. Ina chráifeacht phríobháideach bhí Wentworth go traidisiúnta agus go fiata Piúratánach,ach ní raibh sé ceangailte go láidir leis na cleachtais reiligiúnacha dian a bhaineann de ghnáth leis an piúratánachas, agus go hiomlán i gcoinne a léirithe polaitiúla pobalacha. Chuir sé sin ar a chumas glacadh, beagáinín deisbhéalach, leis an tionscadal Laudian.

  1. 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 York 1911.
  2. 1 2 Wedgwood 1961.
  3. 1 2 3 4 5 6 York 1911, p. 978.
  4. Dictionary of Irish Biography: Wentworth, Sir Thomas (see 'Early career'). https://www.dib.ie/biography/wentworth-sir-thomas-a8968.
  5. Sharpe 1996.
  6. Asch 2004, p. 146, right column, line 23. "Wentworth was appointed lord deputy on 12 January 1632 .."
  7. Wedgwood 1961, p. 126. ".. reached Dublin Bay early in the morning of July 23rd [1633]."
  8. Wedgwood 1961, p. 125.
  9. Wedgwood 1961, p. 242.
  10. Wedgwood 1961, pp. 143–4.