Thomas Sopwith

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Thomas Sopwith

Dearthóir aerárthach a rugadh i Kensington, Londain, ab ea Thomas Octave Murdoch Sopwith (1888-1989). Eitleoir, luamhaire agus lúthchleasaí a bhí ann. Thóg sé cuid mhaith de na heitleáin a bhí in úsáid ag an mBreatain sa chéad chogadh domhanda, ina measc Camall Sopwith. In aois a 101ú bhliain a shíothlaigh sé, i Hampshire.