Jump to content

Thomas Byrne (An Mhí Thoir)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaThomas Byrne

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Meitheamh 1977
48 bliana d'aois
Droichead Átha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh
29 Eanáir 2025 –
An tAire Stáit um Fhorbairt Thar Lear
29 Eanáir 2025 –
Aire Stáit ag an Roinn Cosanta
29 Eanáir 2025 –
Teachta Dála
29 Samhain 2024 –
Téarma parlaiminte: An 34ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí Thoir

Minister of State at the Department of Education (en) Aistrigh
17 Nollaig 2022 – 23 Eanáir 2025
Minister of State at the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media (en) Aistrigh
17 Nollaig 2022 – 23 Eanáir 2025
An tAire Stáit um Fhorbairt Thar Lear
1 Iúil 2020 – 17 Nollaig 2022
Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh
1 Iúil 2020 – 17 Nollaig 2022
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 – 8 Samhain 2024 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí Thoir

Teachta Dála
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí Thoir

Seanadóir na hÉireann
25 Bealtaine 2011 – 9 Feabhra 2016
Téarma parlaiminte: 24ú Seanad Éireann

Teachta Dála
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí Thoir

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata


X: ThomasByrneTD Cuir in eagar ar Wikidata

Is Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil é Thomas Byrne (a rugadh ar 1 Meitheamh 1977). Ceapadh Byrne mar Aire Stáit na Gaeltachta sa bhliain 2024 in áit Patrick O'Donovan.[1] Ar an 29 Eanáir 2025, ceapadh é ina aire stáit do ghnóthaí Eorpacha i Rialtas an 34ú Dáil

Is cainteoir líofa Gaeilge é agus is minic le Byrne agallaimh i nGaeilge a dhéanamh leis na meáin.

2020

Teachta Dála don Mhí Thoir is ea Byrne. Toghadh chun na Dála é den chéad uair in 2007. Chaith sé seal mar Sheanadóir idir 2011-2016.

Toghadh é mar Theachta Dála arís in 2016. Fuair sé suíochán breise dá pháirtí an uair sin agus gan san iomaíocht ach é féin d’Fhianna Fáil. Ach in 2020, bhí an Comhairleoir Deirdre Geraghty-Smith (FF), as ceantar Ráth Tó, ar an ticéad leis.[2] Dúirt sé ag an am go dtabharfadh Fianna Fáil faoiseamh cánach do dhaoine atá sna meán-aicmí ioncaim.[3]

Ceapadh Byrne ina Aire Stáit don Spórt sa bhliain 2020. Ansin ceapadh é ina aire stáit do ghnóthaí Eorpacha, post a bhí aige idir 2020-2022.

Bhí folúntas ann sa bhliain 2024 d’Aire Stáit na Gaeltachta tar éis don Taoiseach nua, Simon Harris, ardú céime a thabhairt don Teachta Dála Patrick O’Donovan, a ceapadh ina Aire Ardoideachais. Bhí Byrne ag obair sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán cheana féin, AGUS ní raibh sé á lua i measc na roghanna don chúram toisc gur Teachta de chuid Fhianna Fáil atá ann. Bhí iontas ann go raibh Simon Harris sásta cúraimí na Gaeltachta a thabhairt do Theachta ó Fhianna Fáil seachas duine óna pháirtí féin a cheapadh.[4]

Ar an 29 Eanáir 2025, ceapadh é ina aire stáit do ghnóthaí Eorpacha aon uair amháin eile. Bhí údar maith díomá ag Byrne nach bhfuair sé ardú céime go dtí bord an rialtais.[5]

In 2005, phós Byrne Ann Hunt, banaltra, agus tá triúr clainne orthu.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Nuacht RTÉ (2024-04-10). "Thomas Byrne ó Fhianna Fáil ceaptha mar Aire Stáit na Gaeltachta" (as ga). 
  2. "TOGHCHÁN 2020: Fine Gael in ann don bhrú sa Mhí Thoir" (ga-IE). Tuairisc.ie (2020-01-31). Dáta rochtana: 2024-04-10.
  3. Nuacht RTÉ (2020-01-16). "Dara lá de stocaireacht toghchánaíochta na bpáirtithe" (as ga). 
  4. Pádraic Ó Ciardha (10 Aibreán 2024). "Thomas Byrne le hainmniú mar Aire Stáit na Gaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-10.
  5. "An líon is mó airí stáit riamh ceaptha – aireacht na Gaeltachta á coimeád ag Calleary" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-29). Dáta rochtana: 2025-01-29.