Thomas Bach (Cluichí Oilimpeacha)
Is fear gnó agus dlíodóir é Thomas Bach, atá ina Uachtarán ar Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha ó 2013 (a rugadh ar 29 Nollaig 1953).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Pionsóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Bach an-óg nuair a thosaigh sé ag déanamh na pionsóireachta.[1] Chuaigh sé san iomaíocht d'fhoireann Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine i gCluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1976 i Montréal agus ghnóthaigh sé bonn óir foirne. Ina theannta sin, ghnóthaigh sé boinn airgid, óir agus cré-umha mar bhall den fhoireann i Craobhchomórtais Lámhaigh an Domhain i nGöteborg, i mBuenos Aires agus i Melbourne (sna blianta 1973, 1977 agus 1979.)
Fear gnó
[cuir in eagar | athraigh foinse]Céimí de chuid Ollscoil Würzburg, bronnadh dochtúireacht sa dlí ar Bach sa bhliain 1983.[1]
Bhí Bach ina dhlíodóir gnó agus ina stiúrthóir comhlachta go dtí gur toghadh ina Uachtarán ar Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha sa bhliain 2013 é.[1]
Cluichí Oilimpeacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cáineadh Bach go láidir as a bheith ina fhichillín de chuid rialtas na Síne.[2] Sa bhliain 2021, labhair Bach le Peng Shuai ar ghlaoch físe ar an bhfón.
Gailearaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]-
John Kerry agus Bach sa bhliain 2016
-
Thomas Bach, 2018
-
Rio, 2016
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Thomas Back". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Eoin Ó Murchú (6 Nollaig 2021). "Fanaimis glan ar na feachtais aithisithe atá ar siúl i gcoinne na Síne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-29.