Jump to content

The Traitors

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Sraith TeilifíseThe Traitors
Seánrateilifíse réaltachta
CruthaitheoirMarc Pos
Tíran Ísiltír

Sraith teilifíse réaltachta is ea The TraitorsNa Fealltóirí, de chuid IDTV (All3Media) a tháinig chun cinn sa bhliain 2021 san Ísiltír (mar De Verraders).  Is saincheadúnas é. Tá an-tóir air ó 2021 agus leaganacha go leor de ar fud an domhain. Bhain an clár clú agus cáil amach sa Bhreatain, sna Stáit Aontaithe agus i dtíortha eile agus stíl faoi leith ag an saincheadúnas.

Iomaitheoirí Werewolf (Mafia) in 2008

Faigheann an clár an-inspioráid ó chluichí mar Mafia (Werewolf) le Dimitry Davidoff. Is é an sprioc atá ann ná fáil amach cé hiad na fealltóirí i measc "an lucht dílis" nó na "fíréan". Ag an "gCiorcal Tábla", roghnaíonn an láithreoir cé hiad na fealltóirí — agus athraíonn an líon sin ó shéasúr go séasúr.[1]

Gach oíche, caithfidh na ‘fíréin’ vóta a chaitheamh ar cé a cheapann siad atá ag feall. Caithfidh an t-iomaitheoir a caitheadh amach an fhírinne a nochtadh don ghrúpa: an raibh sé ina fhíréan nó ina fhealltóir? Ag an am céanna, déanann na fealltóirí pleanáil gach oíche le ‘marú’ rúnda a dhéanamh ar fhíréan eile.

Má mhaireann fealltóir go dtí an deireadh, glacann sé nó sí duais airgid. Má aimsítear iad ar fad, roinneann na fíréin atá fágtha an sparán.[1]

Caisleán Shláine
Caisleán Shláine

Craoladh The Traitors ar RTÉ 1 ar an 31 Lúnasa 2025 don chéad uair. Chuir Siobhán McSweeney, a bhain clú agus cáil amach mar an Deirfiúr Michael sa chlár grinn Derry Girls, an seó i láthair. Leanann an lucht féachana grúpa iomaitheoirí (24 iomaitheoir), ar a dtugtar "an lucht dílis" agus iad ag iarraidh a dhéanamh amach cé hiad na "fealltóirí". Bhí ball den Gharda Síochána ina fhealltóir ar an gclár, agus bhí caidreamh rúnda athair-mac ann freisin. Rinneadh an scannánú i gCaisleán Shláine i gContae na Mí agus timpeall air.[2]

Chuir Kevin McGahern clár tacaíochta i láthair ó stiúideo RTÉ i Luimneach, darb ainm The Traitors Uncloaked. Bhí agallaimh le hiomaitheoirí a díbríodh nó a ‘maraíodh’ ann, chomh maith le seatanna nár taispeánadh cheana.[1]

Bhí léirmheasanna den scoth faighte ag séasúr Éireannach den chlár ar RTÉ 1 sa bhliain 2025. Tharraing an clár conspóid chomh maith. Mar shampla, ar an tríú clár de Traitors Ireland, bhí an Garda, Eamon ag caint agus é ag moladh do na fealltóirí eile go ndúnmharófaí Niall, múinteoir óg agus Gaeilgeoir ó Thír Eoghain.[3] Glacadh le fonn le moladh Eamon agus daoradh chun báis ‘our little Gaeilgeoir’, mar a dúirt Eamon. Ach bhí urchóid agus ualach á n-iompar ag an “our little Gaeilgeoir” sin.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 extrag.ie / Chloe O'Keeffe (2025-08-27). "Traitors Ireland ag teacht le Derry Girl i gceannas" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-09-13.
  2. Conradh na Gaeilge, Londain (12 Meán Fómhair 2025). "Nuacht Mhall (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-09-20.
  3. “I think we could do it again, if we take out our little Gaeilgeoir,” arsa Eamon. “We have to be cruel. So slán go fóill” a dúirt sé.
  4. Seán Tadhg Ó Gairbhí (4 Meán Fómhair 2025). "Filleann an feall ar an gcainteoir Gaeilge…plean foghlama Heather… ‘The Paper’ chugainn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-20.