The Reluctant Fundamentalist

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharThe Reluctant Fundamentalist
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarMohsin Hamid Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2007 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirHamish Hamilton
Tréith
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaan Phacastáin Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Ainmnithe doDuais Booker Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta978-0-241-14365-0 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir OCLC225330563 Cuir in eagar ar Wikidata
Archive.org: reluctantfundame00hami_0
premiere. The Reluctant Fundamentalist, Toronto Film Festival 2012

Úrscéal le Mohsin Hamid is ea The Reluctant Fundamentalist a foilsíodh sa bhliain 2007.

Cuir síos atá ann ar comhrá agus caidreamh idir fear óg Pacastánach agus Meiricéanach i gCafé i Lahore i gcaitheamh oíche.

Go bunúsach is scéal é faoin bPacastánach seo a chuaigh ar deoraíocht go dtí SAM. Bhain sé rath nach beag amach i Nua-Eabhrac tar éis dó freastal ar ollscoil Phrinceton i New Jersey agus bhain sé sult as an saol a bhí aige ansin.

Tá an scéal bunaithe ar a dhearcadh i gcodarsnacht le dearcadh muintir Mheiriceá tar éis an ionsaí ar Nua-Eabhrac i 2001 agus an bhagairt a bhí ann go mbeadh cogadh idir an India agus an Phacastáin. Tá sé fite fuaite le scéal grá an fhir óig.

Le titim amach an scéil léirítear dúinn an fáth ar thréig an fear óg SAM. Insítear an scéal ag an fear óg ach is léir go bhfuil an Meiriceánach ag éirí níos míshuaimhní agus an scéal ag dul chun críche.

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an t-úrscéal seo ar an ngearrliosta Booker sa bhliain 2007 agus bhain sé duais Anisfield-Wolf Book Prize agus duais South Bank Show sa bhliain 2008.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léirmheastóireachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]