The Odyssey (scannán 2026)
Scannán eipice le Christopher Nolan is ea ‘The Odyssey’ a tháinig amach sa bhliain 2026, athinsint ar an scéal Chlasaiceach, an Odaisé.[1] Tá an Odaisé ar cheann de na saothair liteartha is ársa ar domhan. Tugann an stiúrthóir Christopher Nolan faoin dúshlán é a chur in oiriúint don scáileán mór ina scannán nua.


Plota
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fiche bliain i ndiaidh Chogadh na Traí, tá an saighdiúir Odysseus (Matt Damon) fós ina fhánaí. I gcéin sa mbaile in Iotaca, tá a bhean Penelope (Anne Hathaway) agus a mhac Telemachus (Tom Holland) ag fanacht leis, fad is atá dream suiríoch i mbun ragaireacht de ló is d’oíche ag iarraidh Penelope a phósadh. An mbeidh Odysseus in ann teacht abhaile in am? Is bean í Penelope atá ag iarraidh a fear céile a fheiceáil arís, ach ag an am céanna, braitear go bhfuil sí bréan den fhanacht is go bhfuil sí ag iarraidh bogadh ar aghaidh lena saol.[1]
Go luath sa scannán, casann Odysseus ar an gCioclóp. Ach d’athraigh Nolan plota an scéil ar bhealaí suntasacha. Mar shampla, caitheann an scannán formhór an ama ag ríomh eachtraí Odysseus ón am a d’fhág sé an Traí. Aithníodh é mar bhua Hóiméir nach ndearna sé sin – toisc go gcuirfeadh sé moill ar an scéal.
Ag deireadh an scannáin, tugann Odysseus dúshláin do na suirígh sa mbaile. Murab ionann agus an bunsaothar, fágtar carachtair ar nós Telemachus in áit na leathphingine. Ceann de na téamaí atá san eipic ná teacht in inmhe Telemachus. Gabhann sé timpeall na Gréige, bailíonn sé eolas faoina athair agus glacann sé seilbh ar an ríocht. Oibríonn sé féin agus a athair le chéile chun an ruaig a chur ar na suirígh. Sa scannán seo, glacann Telemachus orduithe óna athair agus cuireann Odysseus troid ar na suirígh leis féin. Fágann sin nach mbíonn an deis ag Telemachus teacht in inmhe.[1]
Anuas air sin, ní fhaigheann muid an-léargas ar athaontú Penelope agus Odysseus. Arís, sa mbunsaothar, is radharc mall é seo ina gcuireann sí an-chuid ceisteanna air toisc nach bhfuil sí cinnte an é an fear seo a fear céile. De réir Nolan, ámh, aithníonn sí é ar an bpointe boise. Do scannán atá ceaptha a bheith faoi fhilleadh abhaile, ní chaitear mórán ama leis.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 Ross Coleman (Iúil 2026). "'The Odyssey' le Christopher Nolan: Scannán eipice iontach ach níl sé eisceachtúil" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2026-07-21.