Jump to content

The Miami Showband

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaThe Miami Showband
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1962 
SeánraPopcheol Cuir in eagar ar Wikidata


Musicbrainz: 75d9979a-f13a-4154-bebc-9ab8ce3c3ff3 Discogs: 2701818 Cuir in eagar ar Wikidata
leacht cuimhneacháin, Cearnóg Parnell, le William Murphy

Ba iad réalta a linne iad, seó-bhanna an Miami.[1] Bhí meas orthu sna 1960idí agus sna 1970idí mar cheoltóirí agus na céadta ag triall ar na hallaí inar sheinn siad ó cheann ceann na tíre. Is iomaí cailín óg a raibh pictiúir an ghrúpa ar bhalla a seomra aici. Bhí tóir go speisialta ar Fran O’Toole, príomhamhránaí an bhanna.

Ba gheall le crith talún é in 1975 nuair a chuala an pobal an scéal gur maraíodh triúr de sheóbhanna an Miami.

Bhí Dickie Rock ina bhall den Miami Showband, sna 1960idí (mar shampla sa Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse, 1966).[2]

Ba mhinic bannaí ón deisceart ag seinm i hallaí sa Tuaisceart agus bhíodh daoine óga ó gach aicme agus dhá thaobh na deighilte ag freastal ar rincí d’ainneoin na Trioblóidí a bheith fíochmhar. Banna trasteorann agus trasphobail ab ea an Miami ó bhí tuaisceartaigh agus deisceartaigh, Caitlicigh agus Protastúnaigh ann agus dlúthchairdeas eatarthu go léir. Ina theannta sin sheinn siad i hallaí i gceantair dhílseacha agus náisiúnacha.[3]

Ar an 31 Iúil 1975 maraíodh triúr den bhanna, bhí beirt eile gortaithe go dona agus bhí a veain ina smionagar tar éis ionsaí lámhaigh agus pléasc. Ar an 31 Iúil 1975 bhí cúigear ball den Miami ar a mbealach abhaile go Baile Átha Cliath tar éis a bheith ag seinm i halla an Chaisleáin i nDroichead na Banna. Stopadh iad ag seicphointe; bhí baill den den UVF agus den UDR, reisimint áitiúil cúltaca d’Arm na Breataine sa drong a stop an Miami. Maraíodh Fran O’Toole, 29, amhránaí, Tony Geraghty, 23, giotáraí agus Brian McCoy, 33, trumpadóir. Gortaíodh Stephen Travers agus Brian McAlea.[3]

Chuaigh an Miami ar an stáitse arís in 1976, agus bhris an banna suas sa bhliain 1982.

In 2021 tar éis cás cúirte a mhair naoi mbliana in aghaidh Roinn Cosanta na Breataine agus na bpóilíní fuair gaolta na marbh agus na marthanóirí cúiteamh £1.5 milliún eatarthu. Admháil ar chlaonpháirteachas ab ea é, cé nár dhúirt an stát gur admháil ab ea é.

I mí Aibreáin 2025, léiríodh ómós i Maigh gCaiseal i nDún Geanainn do Wesley Somerville, an ball eile den UVF a maraíodh sa phléasc.

Ar an 30 Iúil 2025, ghlac iarbhaill an bhanna - Stephen Travers agus Brian McAlea - agus lucht tacaíochta páirt i searmanas cuimhneacháin ag láthair an tsléachta.

Ar an 1 Lúnasa 2025 bhí paráid i bPort an Dúnáin in ómós do Harris Boyle, duine dá n-ionsaitheoirí. Comhalta den UDR ab ea Boyle a maraíodh nuair a phléasc an buama a bhí sé a leagan i veain an bhanna.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, The Miami Showband
  2. ESC Stuff (2024-06-04). "1966 Ireland: Dickie Rock - Come Back to Stay (4th place at Eurovision Song Contest in Luxembourg)".
  3. 1 2 3 Póilín Ní Chiaráin (3 Lúnasa 2025). "Sléacht an Miami – bíodh cearta d’íobartaigh mar chuimhne air" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-03.