The Currency
| Cineál | nuachtán ar líne |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Teanga | Béarla |
| Am tosaigh | Meán Fómhair 2019 |
| Bunaitheoir(í) | Tom Lyons agus Ian Kehoe |
| Príomheagarthóir | Ian Kehoe |
| Suíomh | thecurrency.news |
Is láithreán Béarla nuachta é The Currency a dhíríonn go príomha ar iriseoireacht gnó agus airgeadais.[1][2][3] Bhunaigh Ian Kehoe agus Tom Lyons é, tar éis dóibh imeacht as an Sunday Business Post.[4]
Deir Lyons go gcuireann siad béim ar iriseoireacht fada thar nuacht na huaire.[5] Scríobhann an t-eagarthóir achoimre seachtainiúil ar cheannlínte na tréimhse sin.[6] Tá ocht n-iriseoirí fostaithe acu agus bíonn breis agus fiche daoine eile ag scríobh dóibh,[5] lena n-áirítear Stephen Kinsella eacnamaí, Anne Harris, iar-eagarthóir an Sunday Independent,[7] Rena Maycock bean ghnó,[8][9] agus Dan O'Brien eacnamaí.[10] D'fhostaigh siad Michael Cogley mar eagarthóir Londan acu.[2]
Úinéireacht ⁊ gnó
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Currency Media an comhlacht atá taobh thiar den bhfoilseachán.[11][5] Is é Lyons an príomhfheidhmeannach agus tá Kehoe ina eagarthóir air. Is iadsan stiúrthóirí na comhlachta freisin. Tá an comhlacht go hiomlán faoi úinéireacht na beirte agus a muintireacha. I measc na ndaoine a thug tacaíocht don bhfiontar tá Michael McDowell, a thug iasacht airgid dó.[11]
Mhaígh The Phoenix go bhfoilsíonn The Currency ailt mar a chaitheann siad go bog le comhlachtaí amhail a n-urraitheoir Investec. Bíonn siad ag tuairisciú go rialta ar ghnó na meáin.[6]
Tá an comhlacht dírithe ar a gcuid síntiúsóirí.[12] Deir Lyons gur óna gcuid ball, mar a thugann siad féin orthu, a thagann bunús a maoinithe agus gur lú ná 10% oiread a dteacht isteach a bhí ag teacht ón bhfógraíocht i 2023. Íocann 72% dá gcuid síntiúsóirí ar bhonn bliantúil, a deir sé, rud a thugann cobhsaíocht don gcomhlacht.[5][2] Tar éis Bhaile Átha Cliath, agus sna críocha máguaird, deir sé gur i Londain atá an líon is mó dá gcuid síntiúsóirí lonnaithe.[5][2] Eagraíonn The Currency imeachtaí dá gcuid ball.[5]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seoladh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh Ian Kehoe agus Tom Lyons, iar-eagarthóir agus iar-eagarthóir gnó an Sunday Business Post, The Currency tar éis dóibh imeacht as an nuachtán céanna.[1][13][14] Thosaigh siad ag foilsiú scéalta i Meán Fómhair 2019.[4] Tuairimíodh go raibh an suíomh bunaithe a bheag nó a mhór ar an suíomh nuacht spórt Meiriceánach The Athletic agus go raibh síntiús leo costasach go leor.[6]
Cosc Chommunicorp
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go gairid tar éis a sheolta thograigh Communicorp (ar leo Newstalk, Today FM, Spin, agus stáisiúin nach iad) cosc a chur ar iriseoirí de chuid The Currency theacht ar chláracha dá gcuid.[1][4][15][16][17] Luaigh John Caddell, stiúrthóir Chommunicorp, go mbeadh The Currency ag soláthar podchraoltaí, imeachtaí agus scéalta nuachta, agus go gcuirfeadh sé sin in iomaíocht leotha iad. Bhí Communicorp tar éis beartas dá leithéid a ghlacadh i leith iriseoirí ón Irish Times dhá bhliain roimhe sin tar éis gur foilsíodh alt áirithe air a bhí cáinteach orthu, ach ba mhó an baol do chomhlacht beag dar le Hugh Linehan.[7] Tamall de mhíonna roimhe sin bhí ar an Sunday Business Post iad féin a chosaint i gcás clúmhillte a thug Denis O'Brien (ar leis Communicorp[18]) ina gcoinne, cás gan rath a bhain le halt a scríobh Lyons agus Kehoe ina eagarthóir air.[7][11] B'é Michael McDowell abhcóide an nuachtáin sa chás sin.[11]
Rinne Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí,[16] gach páirtí i nDáil Éireann[4][19] agus daoine nach iad[20] cáineadh ar an gcosc seo. Luaigh Dónall Ó Braonáin "polasaithe náireacha Communicorp" i dtaca le saoirse cainte mar chruthúnas go bhfuil tábhacht leis na craoltóirí poiblí.[21] Ba chás le hÚdarás Craolacháin na hÉireann an cosc[16] tar éis gur mhaígh CNI go raibh an cinneadh bunaithe ar leasa tráchtála seachas ar cheisteanna eagarthóireachta agus d'éiligh orthu imscrúdú a dhéanamh dá réir sin.[15]
Chuir Communicorp an cosc ar iriseoirí de chuid The Currency ar ceal faoi dheireadh na bliana 2019. Bhí a mhacasamhail de chosc fós i bhfeidhm do lucht an Irish Times áfach. Chuir Kehoe in iúl nach dtiocfadh lucht The Currency i láthair ar stáisiúin de chuid Communicorp a fhad agus a mhairfeadh an cosc siúd.[18]
Brabús
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fógraíodh gur bhain The Currency cóimheá airgid amach sa bhliain 2021, de réir a bhfógra airgeadais don bhliain sin go dtí Meán Fómhair. Bhí 5,500 síntiúsóir ag an bhfoilseachán dar le Lyons.[11] D'fhás an líon sin go dtí 6,000 sa chéad bhliain eile[5][6] agus go dtí tuairim is 6,200 faoi dheireadh 2023 agus breis agus trian de mhilliún de bhrabús déanta acu in imeacht na 12 mí sin.[2][22] Rinne an comhlacht deontas de €25,320 do Unicef chun tacú lena gcuid oibre san Úcráin.[5]
Thuairimigh The Phoenix go raibh Lyons agus Kehoe ag súil leis an gcomhlacht a dhíol ó tharla nach gnáth líon na síntiúsóirí a fhoilsiú, a dúradh.[23]
Rinne Colin Coyle an Irish Times moladh ar Lyons as tuairisciú a dhéanamh ar an teip chomhchoiteann a bhí ar bhord stiúrtha RTÉ agus Kehoe ina bhall dó, tráth nár chuireadar na ceisteanna deacra ba chóir.[3]
Rinne an bheirt stiúrthóirí cothrom cúig bliana bhunú The Currency a cheiliúradh in éineacht le Michael Smurfit i Monacó.[24]
Bhí baint éigin acu le Gradaim Mná Gnó na Bliana 2026.[25]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nascanna amach
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil: thecurrency.news
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Sinéad Crowley (25 MF 2019). "Online news site staff banned from appearing as guests on Communicorp outlets" (as Béarla). RTÉ. Dáta rochtana: 2026-06-06.
- 1 2 3 4 5 Laura Slattery (17 Meitheamh 2024). "Media company behind The Currency increases profit to €344,000" (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-06-10.
- 1 2 Colin Coyle (2 Márta 2024). "Ex-Limerick mandarin’s mayoral hopes, real drama at Fair City and Paddy Cosgrave goes legal" (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-06-10.
- 1 2 3 4 Marie O’Halloran (1 DF 2019). "Taoiseach to join call for Communicorp to reverse ban on journalists" (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-06-10.
- 1 2 3 4 5 6 7 8 Laura Slattery (26 Bealtaine 2023). "Digital media company the Currency triples profit to €300,000" (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-06-10.
- 1 2 3 4 "Profile: Ian Kehoe" (as Béarla). The Phoenix (24 Lúnasa 2023). Dáta rochtana: 2026-06-10.
- 1 2 3 Hugh Linehan (5 DF 2019). "Hugh Linehan: ‘I wouldn’t go back to Communicorp even if they’d have me’" (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-06-10.
- ↑ "Rena Maycock's Big Plans" (as Béarla). The Phoenix (19 MF 2019). Dáta rochtana: 2026-06-10.
- ↑ "Maycock's Many Hats" (as Béarla). The Phoenix (10 Márta 2022). Dáta rochtana: 2026-06-10.
- ↑ "Dan O’Brien's Real Opinion" (as Béarla). The Phoenix (21 Bealtaine 2026). Dáta rochtana: 2026-06-10.
- 1 2 3 4 5 Mark Paul (26 Aibreán 2022). "Digital media start-up The Currency enters profit" (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-06-10.
- ↑ The Business (2019-10-05). "Tom Lyons and Ian Kehoe on The Currency" (as Béarla). RTÉ. Dáta rochtana: 2026-06-10.
- ↑ Laura Slattery. "Business Post’s ambitious agenda underlines issues facing media" (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-06-10.
- ↑ "The Currency's Cast" (as Béarla). The Phoenix (19 MF 2019). Dáta rochtana: 2026-06-10.
- 1 2 Laura Slattery (15 DF 2019). "NUJ urges BAI to investigate Communicorp’s ban on journalists" (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-06-10.
- 1 2 3 Jack Power (17 Samhain 2019). "BAI seeks clarity on Communicorp banning journalists from ‘The Currency’" (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-06-10.
- ↑ Laura Slattery (27 Nollaig 2019). "2019 sees Belgians snap up INM as challenges persist for media industry" (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-06-10.
- 1 2 Laura Slattery ⁊ Marie O’Halloran (12 Nollaig 2019). "Communicorp lifts ban on Currency journalists" (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-06-10.
- ↑ Harry McGee (13 DF 2019). "Taoiseach signs letter urging Denis O’Brien to lift ban on journalists" (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-06-10.
- ↑ Colin Gleeson (14 Samhain 2019). "Failure of Denis O’Brien case ‘terrifically important’" (as Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-06-10.
- ↑ Dónall Ó Braonáin (11 Samhain 2019). "Claíomh Damocles crochta os cionn RTÉ". The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-06-10. “Mura dtabharfar na heagraíochtaí féin [RTÉ ⁊ TG4] slán ní bheidh ardáin ann gurbh fhiú trácht orthu le hiniúchadh riachtanach criticiúil a dhéanamh ar cheisteanna poiblí agus pobail. Ní réiteach atá san earnáil neamhspleách ach oiread. A chruthúnas sin polasaithe náireacha Communicorp, ar leo Newstalk agus Today FM gan ach péire dá mhórstáisiúin a lua, i dtaca le saoirse cainte. Cén mhaith dea-chaint maidir le muinín, iolrachas agus éagsúlacht mura bhfuil teacht cóir ar ardáin éagsúla ar fud na hearnála?”
- ↑ John Burns (18 Meitheamh 2024). "Profits jump to €343,000 at digital media firm behind The Currency" (as Béarla). Irish Independent.
- ↑ "Ian Kehoe's ‘Currency’ Rate" (as Béarla). The Phoenix (27 Meitheamh 2024). Dáta rochtana: 2026-06-10.
- ↑ "Brown-Nosing Mick Smurfit" (as Béarla). The Phoenix (3 DF 2024). Dáta rochtana: 2026-06-10.
- ↑ "Black Tie Blather" (as Béarla). The Phoenix (7 Bealtaine 2026). Dáta rochtana: 2026-06-10.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi nuachtán nó irisleabhar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |