Jump to content

Bridges (comhdháil acadúil)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó The Bridges Organization)
Bosca Sonraí EagraíochtaBridges
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1998
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinbridgesmathart.org Cuir in eagar ar Wikidata

Comhdháil acadúil idirnáisiúnta is ea na Bridges, nó The Bridges Organisation, atá dírithe go hiomláin ar na naisc idir an mata agus cúrsaí ealaíne agus cultúrtha.[1] Ní hiad na hamharc-ealaíona amháin a bhíonn á bplé ann, ach an ceol, litríocht, ailtireacht agus na taibhealaíona chomh maith.

Tá an chomhdháil á heagrú ar bhonn bliantúil ó 1998 i leith.[2][3]

Beidh Éire mar thír óstach do Bridges den chéad uair in 2026. Beidh an fhéile ar siúl ón 5-9 Lúnasa in Ollscoil na Gaillimhe. Beidh cuid mhaith imeachtaí poiblí ann; taispeántas amharc-ealaíon, léachtaí poiblí, fleadh mion-scannán agus gníomhaíocht láimhe ina measc.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "The Bridges Organization" (as en) (2025-10-18). Wikipedia.
  2. Rachel Quinlan (2025-07-29). "Matamaitic, ealaín agus an chomhdháil Bridges in Éirinn" (en). www.independent.ie. Dáta rochtana: 2025-11-05.
  3. Rachel Quinlan, ar archive.ph (2025). "Matamaitic, ealaín agus an chomhdháil Bridges in Éirinn" (ga-IE). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-11-02.