The Boondocks (clár teilifíse)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de sèrie de televisióThe Boondocks
Séanraaction television series (en) Aistrigh, sraith theilifíse ghrinn, animated sitcom (en) Aistrigh, adult animation (en) Aistrigh agus black sitcom (en) Aistrigh
Suíomh scéalaíochtaChicago
CruthaitheoirAaron McGruder
StiúrthóirSeung-eun Kim
LéiritheoirAaron McGruder
TírStáit Aontaithe Mheiriceá
BunteangaBéarla
Bealach teilifíseAdult Swim
An chéad eipeasóid6 Samhain 2005
An eipeasóid dheireanach23 Meitheamh 2014
Líon séasúr4
Líon eipeasóidí55
Liosta eipeasóidíliosta eipeasóidí The Boondocks
Tuilleadh eolais
Suíomh oifigiúilboondockstv.com
IMDB: tt0373732 Allocine: 4956 Rottentomatoes: tv/boondocks Metacritic: tv/the-boondocks TV.com: shows/the-boondocks
Twitter: TheBoondocks Cuir in eagar ar Wikidata
Aaron McGruder, cruthaitheoir an chláir, in 2002.

Is clár teilifíse beochana do dhaoine fásta é The Boondocks a chruthaigh Aaron McGruder, bunaithe ar a stiallchartán a bhfuil an t-ainm céanna air. Craoladh an clár go déanach san oíche mar chuid de bhloc cláracha darb ainm Adult Swim ar an Cartoon Network.[1] Cuireadh an chéad eipeasóid ar an aer ar 6 Samhain 2005. Díríonn an tsraith ar theaghlach Afrai-Mheiriceánach mífheidhmiúil dar sloinne Freeman, atá ag cur fúthu i mbruachbhaile ficseanúil cairdiúil inar daoine geala iad an chuid is mó den phobal. Éiríonn cuid mhaith den aoir, den ghreann, agus den choimhlint sa tsraith as an meascán seo de chultúir, stíleanna maireachtála, aicmí sóisialta, steiréitíopaí, agus féiniúlachtaí ciniúlaithe.

Tháinig an tsraith chun críche ar 23 Meitheamh 2014, tar éis 55 eipeasóid sna ceithre shéasúr a bhí sé ar an aer. Ní raibh baint ar bith ag McGruder leis an séasúr deiridh.[2] Craoladh an tsraith taobh amuigh de na Stáit Aontaithe mar chuid de mhargadh sindeacáitithe, agus foilsíodh í mar bhoscra DVD agus i bhformáidí eile.

Ar 12 Meitheamh 2019, fógraíodh go ndéanfadh Sony Pictures Animation, i gcomhar le McGruder, athléiriú ar an tsraith le tosú in 2022. Dúirt John Witherspoon go nglacfadh sé an pháirt chéanna a bhí aige (Robert Freeman) san athléiriú, ach fuair sé bás ar 29 Deireadh Fómhair 2019.[3][4] Ar 18 Meán Fómhair 2019, fógraíodh go gcraolfadh HBO Max dhá shéasúr (12 eipeasóid) den athléiriú.[5] Ach, ar 2 Feabhra 2022, tugadh le fios go raibh an togra curtha ar ceal.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "'The Boondocks' Season 4 Is In The Works". Screen Rant. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-04-07. Dáta rochtana: 2022-07-22.
  2. ""The Boondocks" Returns to Adult Swim for Fourth and Final Season" (2014-03-21). Dáta rochtana: 2022-07-22.
  3. "Sony Pictures Animation Reveals Bold, Expanded Production Slate at Annecy 2019". Animation World News (2019-06-12). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-04-03. Dáta rochtana: 2022-07-22.
  4. "Sony Announces Reboot of ‘The Boondocks’ With Creator Aaron McGruder". Complex (2019-06-12). Dáta rochtana: 2022-07-22.
  5. "‘The Boondocks’ Reboot Gets 2-Season Order By HBO Max". Deadline Hollywood (2019-09-18). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-04-12. Dáta rochtana: 2022-07-22.
  6. "Boondocks Star Reveals Sony Pictures Has "Pulled the Plug" on Reboot" (en). Anime (2022-02-03). Dáta rochtana: 2022-07-22.