Tess Uí Chonghaile
Cuma
(Athsheolta ó Tess Bean Uí Chonghaile)
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | An Máimín, Éire |
| Bás | 8 Márta 2005 |
| Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | amhránaí |
| Teangacha | An Ghaeilge |
B'amhránaí ar an sean-nós as an Máimín ó dhúchas í Tess Uí Chonghaile (née Tess Ní Cheallaigh).[1] Bhuaigh sí Corn na mBan ag Oireachtas na Samhna in 1981 leis na hamhráin “Loingseach Bhearna” agus “Aithrí an Táilliúra”. Bronnadh Gradam Shean-nós Cois Life uirthi in 2005. Tá amhráin dá cuid ar fáil ar chaiséad a d'eisigh Camus Productions in 1988 dar teideal Ó Mháimín go Camus.[2]
Phós sí Micheál Ó Conghaile agus thóg sí naonúr clainne i Leitir Mucú, tar éis tréimhsí ina cónaí i Manchain, Halifax, agus Huddersfield.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.
- ↑ "Disc C". Irish Music Review. Dáta rochtana: 2024-01-23.