Teoiric chinnteoireachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Modh oibre inar féidir le duine nó comhlacht roghanna réasúnacha a dhéanamh nuair a bhíonn éiginnteachtaí i dtaca leis na roghanna éagsúla, trí na hiarmhairtí dóchúla ar gach rogha a mheasúnú ar bhonn atá chomh hoilte agus is féidir. Baintear feidhm aisti i gcúrsaí bainistíochta is eacnamaíochta. Ach muna mbíonn na buntairiscintí iontaofa, más dramhaíl iad, is dramhaíl a fhaightear mar chinneadh as seo.