Teoiric Kaluza-Klein

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teoiric chúigthoiseach, athraitheach ar an gcoibhneasacht ghinearálta, a dhéanann iarracht imtharraingt is leictreamaighnéadas a chomhaontú. Ainmnithe as an bhfisiceoir Polannach Theodor Kaluza is an fisicí Sualannach Oskar Klein a chuir an teoiric le chéile (i 1921 is 1926 faoi seach). Cuireadh fuinneamh sa teoiric arís sna 1980idí nuair a cuireadh toisí breise léi chun na himoibrithe núicléacha a chlúdach. Níl aon tacaíocht thrialach fós léi.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teoiric Kaluza-Klein". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 384.