Temu
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | suíomh gréasáin margadh ar líne e-commerce platform (en) ardán ar líne an-mhór | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | Iúil 2022, Bostún | ||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Limistéar oibriúcháin | domhanda | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Oibreoir | Whaleco Technology (en) | ||||
| Máthaireagraíocht | PDD Holdings (en) | ||||
| Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
| Suíomh gréasáin | temu.com | ||||
Is ollchomhlacht ríomhthráchtála, miondíoltóir ar líne, as an tSín é Temu,[1] Bunaíodh Temu sa bhliain 2022, agus díolann sé earraí ar líne ar fud an domhain. ar cheann de na comhlachtaí siopadóireachta agus teicneolaíochta ilnáisiúnta is mó ar domhan. Is cuid de PDD Holdings / Pinduoduo (comhlacht Éireannach / Síneach) é, agus tá an ceanncheathrú domhanda de PDD lonnaithe i mBaile Átha Cliath.[2]

Cúrsaí gnó
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharraing Temu go leor conspóide in Éirinn[3] [4] agus thar lear ó 2022.
Bhí dlíthe na hEorpa sáraithe ag Temu in 2024. Chuir an Coimisiún Eorpach fiosrúchán ar bun maidir le Temu. Sheoladh an fiosrúchán faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha.[5]
Ar an 28 Bealtaine 2026, bhí fíneáil €200 milliún gearrtha ag an Aontas Eorpach ar Temu, as táirigí mídhleathacha a dhíol, bréagáin agus luchtairí atá contúirteach ina measc. I ráiteas, dúirt an Coimisiún Eorpach nach ndearna Temu measúnú mar ba cheart ar tháirgí áirithe a rinne díobháil do thomhaltóirí san Aontas Eorpach.[6]
Léirigh fiosrúcháin a rinne an Coimisiún go raibh ceimiceáin i gcéatadán ard de na bréagáin a bhíothas a dhíol ar Temu. Mar bharr an olc, a dúradh, d'fhéadfadh na bréagáin sin leanaí a plúchadh de thaisme. Mar le cuid de na luchtairí a scrúdaíodh níor bhain siad an bunchaighdeán sábháilteachta amach.
Dúirt urlabhraí ó Temu cé go bhfuil meas ag an gcomhlacht ar dhlíthe an Aontais Eorpaigh. Ach chreid siad go raibh an pionós a gearradh orthu ródhian. Bhain fiosrúchán an Choimisiúin Eorpaigh leis an mbliain 2024 agus mhaígh Temu go raibh córais mheasúnaithe an chomhlachta feabhsaithe ó shin.[6]

Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ceanncheathrú domhanda an máthairchomhlachta PDD Holdings lonnaithe in Éirinn, ag 25 Faiche Stiabhna, BÁC 2, áit a bhfuil "SquareDish Piazza" suite inniu (ibhí sean-fhoirgneamh Anglo Irish ag 18-21 Faiche Stiabhna).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Team Up, Price Down"
- ↑ "Pinduoduo" (as en) (2026-05-21). Wikipedia.
- ↑ Lili Lonergan (2025-11-22). "Athghairmíonn TEMU agus SHEIN na céadta táirge ar fud na hÉireann i measc eagla thromchúiseach faoi shláinte leanaí" (gl). www.eirebheo.ie. Dáta rochtana: 2026-02-17.
- ↑ Seaghan Mac An tSionnaigh (2025-04-15). "Tuairisc ón tSín: taraifí Trump ina gceap magaidh thall" (ga-IE). NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-04-15. Dáta rochtana: 2026-02-17.
- ↑ "Fiosrúchán ar bun ag an gCoimisiún Eorpach faoin gcomhlacht Shein | Nuacht TG4" (ga). TG4. Dáta rochtana: 2026-02-17.
- 1 2 Nuacht RTÉ (2026-05-28). "Fíneáil €200 milliún gearrtha ag an Aontas Eorpach ar Temu" (as ga-IE).