Jump to content

Teiripe cheoil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seisiún i San Diego, Cabhlach na Stát Aontaithe
Seisiún le páistí i Phoenix, Arizona

Is cóireáil atá sa teiripe ceoil ina mbaintear úsáid as an gceol chun spriocanna sláinte a bhaint amach. Tá bonn mór fianaise ann chun tacú le ról na Teiripe Ceoil i ngéarchúram péidiatraiceach nó seirbhísí do dhaoine fásta.[1]

  • Cuimsíonn Teiripe Ceoil ag Sláinte Leanaí Éireann (CHI) foireann de 5 Teiripeoirí Ceoil a sholáthraíonn seirbhísí cliniciúla Teiripe Ceoil do leanaí agus d’ógánaigh a bhfuil raon riochtaí leighis orthu. Tá seisiúin teiripe ceoil treoraithe ag leanaí chun tacú le neamhspleáchas agus le mothú smachta, rud atá lárnach do scileanna dearfacha láimhseála.[1]
  • Cuireann scoileanna teiripe ceoil ar fáil uaireanta. Glacann an teiripeoir ceoil le daltaí aonair agus grúpaí beaga.[2]
  • Próifíl (físeán): Saidhbhe i gContae Chorcaí, ag déanamh staidéir ar cheol agus siceolaíocht agus ar intinn aici an dá rud a nascadh le chéile mar shlí bheatha, ag iarraidh teiripe cheoil a dhéanamh chun cuidiú le paistí atá faoi mhíchumas nó daoine a gortaíodh go dona i dtimpistí bóthair.[3]
  • Teiripe Cheoil do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu a sheachadadh.[4]

Sa bhliain 2026, rinne Ollscoil Luimnigh scrúdú ar chlár comhtháite a cuireadh ar fáil do pháistí idir dhá agus sé bliana d’aois agus iad faoi chúram néar-athshlánaithe ospidéil. Bhí na páistí ag téarnamh ó riochtaí casta néareolaíocha ar nós stróc, einceifilíteas agus gortuithe inchinne de dheasca easpa ocsaigine.

Fuair na taighdeoirí amach gur chuidigh cur chuige ildisciplíneach le forbairt cumarsáide ar thrí phríomhbhealach: trí úsáid a bhaint as amhráin aithnidiúla chun páistí a spreagadh chun gutha a úsáid, trí shúgradh ceoil gníomhach chun sealghlacadh agus idirghníomhaíocht shóisialta a neartú, agus trí dheiseanna rogha a chruthú laistigh de ghníomhaíochtaí ceoil tarraingteacha.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 childrenshealthireland.ie. "Teiripe ceoil" (ga-IE). Children's Health Ireland. Dáta rochtana: 2026-06-21.
  2. "musictherapyireland.com". www.musictherapyireland.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-04-13. Dáta rochtana: 2026-06-21.
  3. Seán Ó Baoill, Hannah Ní Dhubhchái (2 Nollaig 2014). "Bua an Cheoil - Saidhbhe Ní Chuilinn < Meon Eile" (ga-IE). www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2026-06-21.
  4. wexfordcoco.ie (2021). "TUARASCÁIL BHLIANTÚIL". Dáta rochtana: 2026.
  5. Eagarthóir (2026-06-19). "Teiripe cheoil ag tacú le téarnamh páistí" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-06-21.