Teilgean Fischer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Teilgean de mhóilín teitrihéidreach ar dhromchla plánach.
Ag léiriú teilgin Fischer.

Léiriú déthoiseach de mhóilín orgánachtríthoiseach is ea Teilgean Fischer, arna cheapadh ag Hermann Emil Fischer sa bhliain 1891. [1] Moladh teilgin Fischer ar dtús chun carbaihiodráití a léiriú agus bhain ceimiceoirí feidhm astu, go háirithe sa cheimic orgánachagus sa bhithcheimic. Cuirtearin aghaidh úsáid a bhaint as teilgin Fischer nuair nach mbíonn carbaihiodráití i gceist , mar go bhfuil na líníochtaí sin débhríoch i gcomparáid le híomhánna eile.[2]

Coinbhinsiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léirítear na naisc neamhfhoircneacha go léir mar línte cothrománacha nó ingearacha. Taispeántar an tslabhra charbóin sa tslí is go mbíonn an carbón C1 ag an mbarr.[3] San aldós, is é C1 an carbóin san ghrúpa aildéid; san chéatós, bíonn an uimhir is ísle is féidir, (de ghnáth C2) ag carbón an aildéid. [4]

Úsáidtear teilgean Fischer chun idirdhealú a dhéanamh idir L-móilíní agus D-móilíní. Ar theilgean Fischer, léirítear carbóin leathdheireanach (réamhdheiridh) na D siúcraí le hidrigin ar an taobh clé agus hiodrocsail ar dheis. Taispeánfar siúcraí L leis an hidrigin ar dheis agus an hiodrocsaile ar chlé.

D-Gliocraildéad (Teilgean Fischer)

I dteilgean Fischer, gobann na naisc chothrománacha go léir i dtreo an lucht féachana, cé go ngobann na naisc cheartingearacha agus amach ón lucht féachana. Dá bhrí sin, ní féidir teilgean Fischer a rothlú ag 90 ° nó 270 ° i bplána an leathanaigh nó an scáileáin, mar is féidir le treoshuíomh na nasc i dtaobh lena chéile a athrú, ag tiontú móilín go dtí a heanantaiméir. Mar sin féin, ní athraíonn rothlú 180 ° ar bith léiriú an mhóilín. Go fóill, léiríonn malartú dhá phéire de ghúpaí atá ceangailte leis an adamh carbóin lárnach an móilín céanna mar a bhí léirithe mar a bhí sé léirithe ag teilgean bunaidh Fischer.

Agus tú i mbun teilgean Fischer a tharaingt do charbaihiodráit le níos mó ná trí charbón, caithfear gach carbón 'anuas', a ghobfadh amach uait mar a fheictear ó bharr an mhúnla fiarlánach, a iompú agus a dhíriú i dtreo do réimse radhair. Mar sin féinc ní athraíonn sé seo an teilgean Fischer d'aon charbóin roimhe seo.



Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. John McMurry (2008). "{{{title}}}": 975. Brooks/Cole - Thomson Learning, Inc.. 
  2. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named IUPAC Recommendations 2006
  3. Understanding Fischer Projection and Angular Line Representation Conversion Luis F. Moreno Journal of Chemical Education 2012 89 (1), 175-176 Teimpléad:DOI
  4. "Citation is missing a title. Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (February 1963). The Journal of Organic Chemistry 28 (2): 281–291. American Chemical Society. doi:10.1021/jo01037a001.